An Ghaeltacht cloíte i gCiarraí ach Maigh Cuilinn cáilithe i gConnachta

Idir mhaith agus olc a bhí torthaí churaidh Dhún na nGall i gcraobhacha sinsir agus idirmheánacha Chúige Uladh

An Ghaeltacht cloíte i gCiarraí ach Maigh Cuilinn cáilithe i gConnachta

Ciarraí

Beidh ar pheileadóirí na Gaeltachta bliain eile ar a laghad a chaitheamh sa ghrád idirmheánach i gCiarraí agus iad díomách i ndiaidh chluiche ceannais an chontae in aghaidh na Rátha Móire Dé Domhnaigh. Rinne fir Chorca Dhuibhne an-teacht aniar sa dara leath ach d’éirigh leis an Ráth Mhór teacht slán le dhá phointe agus ardú céime a bhaint amach, 1-13 in aghaidh 0-14.

Bhí an Ghaeltacht seacht bpointe chun deiridh tráth ach nuair a scóráil Óigí Ó Sé ó mharc nóiméad isteach in am cúitimh sa dara leath, ní raibh ach pointe amháin idir an foirne agus an ghaoth i seolta na Gaeltachta.

Ar an drochuair dóibhsean, d’éirigh imreoir láir páirce na Rátha Móire Cathal Ryan, a bhí ar fheabhas sa chluiche, go hard san aer, rug ar an gcic amach cinniúnach sin agus d’éirigh lena fhoireann cic saor a mhealladh, cic a sheol deartháir Chathail, Shane, thar an trasnán agus an bua a chinntiú don Ráth Mhór.

Agus iad ag breathnú siar ar an gcluiche, goillfidh caighdeán a gcuid imeartha sa chéad 20 nóiméad ar imreoirí na Gaeltachta. Scaoileadar isteach cúl bog agus gan ach ceithre nóiméad ar an gclog, an Ráth Mhór agus John Moynihan ag baint tairbhe as droch-chic amach ó Sheán Ó Luing i gcúl na Gaeltachta. Is beag dul chun cinn a bhí an Ghaeltacht in ann a dhéanamh ar an taobh eile den pháirc agus droch-iarrachtaí á gcur amú acu. Nuair a scóráil Dan Murphy pointe tar éis 18 nóiméad, bhí an Ráth Mhór 1-7 in aghaidh 0-3 chun deiridh agus an chuma orthu go bhféadfaidís a bheith as radharc faoi leath ama.

Théarnaigh an Ghaeltacht roimh an mbriseadh, áfach, agus spreagadh faighte acu ó chic saor ó Dhara Ó Sé agus an-scór ag Cathal Ó Beaglaoich. Lean siad orthu ag tús an dara leath agus fuair Ó Sé, PJ Mac Láimh agus Brian Ó Beaglaoich – fear a fuair scór iontach sa chéad leath freisin – pointí chun an bhearna a laghdú go dtí dhá phointe, 0-8 in aghaidh 1-7.

Bhí an-seans ag PJ Mac Láimh ar chúl deich nóiméad isteach sa dara leath ach níor éirigh leis teagmháil cheart a dhéanamh leis an liathróid. Bhí an Ghaeltacht fós in uachtar ina dhiaidh sin ach ní raibh na scóranna ag teacht sách éasca agus fiú nuair a thagadh ceann, bhíodh freagra go minic ag an Ráth Mhór. Scóráil Paul Murphy an-phointe i dtreo dheireadh na huaire chun an bhearna sin a bhí ag an Ráth Mhór a chosaint agus cé gur throid an Ghaeltacht go dtí deireadh na himeartha, in ísle brí a fágadh iad nuair a chuir Seamus Mulvihill deireadh leis an imirt cúig nóiméad isteach in am cúitimh.

Is é seo an dara cluiche ceannais atá caillte ag an nGaeltacht le ceithre bliana anuas tar éis don Teampaill Nua an ceann is fearr a fháil orthu in 2019 agus cé go mbeidh an Ráth Mhór ag imirt sa gCraobh Shinsir an chéad bhliain eile, ní bheidh sé tada níos éasca ag an nGaeltacht ardú céime a bhaint amach mar go bhfuil cumann Aibhistín de Staic, a bhuaigh an chraobh shinsir anuraidh, ag imirt ag an ngrád idirmheánach in 2023.

Drochdheireadh seachtaine a bhí ann freisin do Phiarsaigh na Dromoda, a bheidh ag imirt sa Chraobh Shóisir an bhliain seo chugainn tar éis do Ghleann Beithe-Gleann Chárthaigh greadadh a thabhairt dóibh i gcluiche ceannais dícháilithe, 4-17 in aghaidh 0-7.

Níor scóráil fir Uíbh Ráthaigh faic sa chéad leath agus bhíodar 20 pointe chun deiridh ag an mbriseadh, 3-11 in aghaidh 0-0. Bhí an bhearna sin méadaithe go dtí 26 pointe faoin am go bhfuair Piarsaigh na Dromoda a gcéad scór tar éis 39 nóiméad agus cé gur chuireadar sé cinn eile leis sin roimh dheireadh na himeartha, bhí an cath caillte i bhfad roimhe sin.

Gaillimh

Chuir fir Mhaigh Cuilinn curaidh Mhaigh Eo de dhroim seoil gan stró ag an deireadh seachtaine agus an fhoireann Ghaeltachta ag imirt i gCraobh Shinsir Chonnacht den chéad uair riamh. Farasbarr trí phointe dhéag, 3-18 in aghaidh 1-11, a bhí ag seaimpíní na Gaillimhe ar Chathair na Mart sa chluiche ceathrú ceannais a imríodh idir na foirne i gCaisleán an Bharraigh.

Buaileadh buille ar Mhaigh Cuilinn roimh thús an chluiche toisc gan teacht a bheith acu ar a sárimreoir lár páirce Peter Cooke ach ba léir gan mhoill nár theastaigh sé agus scrios á dhéanamh ag Maigh Cuilinn. Bhí captaen na foirne Dessie Conneely ar fheabhas ar fad sa líne lántosaithe. Chaith beirt d’imreoirí Mhaigh Eo, Rory Brickenden agus Lee Keegan, tréimhsí ag iarraidh srian a chur ar an gConghaileach ach theip orthu.

Chuir Maigh Cuilinn tús maith leis an gcluiche agus cé gur scóráil Brian McDermott an-chúl do Chathair na Mart théis naoi nóiméad, níor thóg sé i bhfad ar na Gaillimhigh ceannas a ghlacadh ar an gcoimhlint arís. Scóráil Conneely ocht bpointe sa chéad leath sin, leath acu ag teacht ón imirt, agus nuair a scóráil Daniel Cox cúl díreach roimh leath ama, bhí cuma na maitheasa ar Mhaigh Cuilinn agus iad seacht bpointe chun cinn, 1-11 in aghaidh 1-4.

Bhí Cathair na Mart díomách go maith sa chluiche ach bhí deiseanna acu coimhlint níos géire a dhéanamh di ach rinne cúl báire Mhaigh Cuilinn Andrew Power an-sábháil ó Lee Keegan agus chuir Killian Kilkelly seans maith eile amú.

Scóráil Micheál Reilly agus Aidan Claffey cúil do Mhaigh Cuilinn sa dara leath chun bearna mhór a chur idir na foirne. Beidh siad lán le muinín anois roimh a gcluiche leathcheannais in aghaidh churaidh Ros Comáin, Béal na mBuillí, an deireadh seachtaine seo chugainn, cé gur buille a bheidh ann mura mbeidh David Wynne ar fáil do Mhaigh Cuilinn. Fuair Wynne cárta dearg díreach ag deireadh chluiche an Domhnaigh.

Dún na nGall

I gCraobh Shinsir Uladh, briseadh croí a bhí i ndán do Naomh Conaill agus an ceann is fearr faighte ag seaimpíní Aontroma, An Carraigín, orthu théis ciceanna éirice. Bhí seansanna ag fir na nGleanntach an cluiche a bhuachan sa ghnátham agus in am breise ach tháinig an Carraigín ar ais faoi dhó. Ba iad imreoirí Aontroma ba chruinne ó chiceanna éirice agus is iad a bheidh sna babhtaí leathcheannais.

D’fhág sárimirt ó Jeaic Mac Ceallbhuí go raibh Naomh Conaill 0-4 in aghaidh 0-2 chun tosaigh tar éis 25 nóiméad agus údar gearáin acu nach raibh an bhearna níos mó. Measadh go raibh ceann de phointí an Charraigín ar fóraoil agus cheap Naomh Conaill gur chóir go mbeadh cic éirice bronnta ar Leo McLoone cúig nóiméad roimh leath ama.

Bhí Naomh Conaill fós trí phointe chun tosaigh ag leath ama, 0-6 in aghaidh 0-3, agus cé gur laghdaigh an Carraigín an bhearna sin go dtí aon phointe amháin tráth, scóráil John O’Malley cúl do na Conallaigh chun ceithre phointe a chur eatarthu. Bhí Naomh Conaill fós chun tosaigh sé nóiméad isteach in am cúitimh ach d’éirigh le lánchúlaí an Charraigín, Kevin McShane, cúl a fháil leis an imirt dheireanach chun na foirne a chothromú.

San am breise, scóráil Kieran Gallagher cúl do Naomh Conaill ach d’fhreagair an Carraigín le ceann ó Kieran Close. Cé go raibh an chuma ar an scéal go raibh an cluiche buaite ag Naomh Conaill nuair a scóráil Jeaic Mac Ceallbhuí a chúigiú pointe ón imirt, tháinig Kevin McShane aníos an pháirc arís go bhfuair an pointe a d’fhág gur ciceanna éirice a bhí ag teastáil.

Chuir Ciarán Thompson an chéad cheann do Naomh Conaill amú agus cé gur scóráil Charles McGuinness a iarracht, theip ar Dermot Molloy freisin agus nuair a scóráil an Carraigín a gcéad cheithre iarracht, deimhníodh gurb iadsan a bheidh ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile.

Tá an Clochán Liath fós ag treabhadh leo i gCraobh Idirmheánach Uladh, áfach, tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Dhún Lathaí, 1-11 in aghaidh 0-7.

Ní raibh na Conallaigh i mbarr a maitheasa sa chéad leath agus iad 0-6 in aghaidh 0-3 chun deiridh tar éis an chéad 30 nóiméad. Seans nár chuidigh na sé seachtaine a bhí idir cluiche ceannais Dhún na nGall agus an cluiche seo leo ach bhí an Clochán Liath i bhfad níos fearr sa dara leath agus bhí 1-8 scóráilte acu idir leath ama agus deireadh na himeartha, i gcomparáid leis an aon phointe amháin a d’aimsigh Dún Lathaí. Shane McGee a d’aimsigh an cúl cúig nóiméad roimh an deireadh agus beidh An Clochán Liath ag tabhairt aghaidh anois ar Ghallbhuaile as Tír Eoghain sna babhtaí leathcheannais.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht cloíte i gCiarraí ach Maigh Cuilinn cáilithe i gConnachta'