An Ghaeltacht agus Gaoth Dobhair cáilithe ach foirne Chonamara díbeartha

Caitheann Tuairisc.ie súil ar thorthaí an deireadh seachtaine ag foirne Gaeltachta timpeall na tíre

An Ghaeltacht agus Gaoth Dobhair cáilithe ach foirne Chonamara díbeartha

Fear na Gaeltachta, Dara Ó Sé. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Cluiche ceannais an chontae bainte amach ag fir na Gaeltachta

Tá áit bainte amach ag cumann caide Chorca Dhuibhne, An Ghaeltacht, i gcluiche ceannais Idirmheánach Chiarraí tar éis dóibh greadadh a thabhairt do Naomh Mhuire Dé Domhnaigh, 4-12 in aghaidh 1-9.

Ba iad foireann Chathair Saidhbhín is fearr a chuir tús leis an gcluiche agus fuair Seán Cournane cúl agus gan ach cúig nóiméad imeartha ach bhí an Ghaeltacht ar comhscór sula raibh ceathrú uaire imeartha. Ba iad na tréimhsí díreach roimh agus i ndiaidh leath ama a d’athraigh scéal an chluiche, áfach.

Bhí na foirne cothrom nuair a d’aimsigh Ciarán Ó Coileáin cúl don Ghaeltacht díreach roimh an mbriseadh agus nuair a scóráil Seán M Ó Conchúir cúl eile dóibh nóiméad isteach sa dara leath, bhí an Ghaeltacht 2-8 in aghaidh 1-4 chun cinn.

Rinne Naomh Mhuire teacht aniar áirithe ach d’aimsigh Dara Ó Sé cúl agus ceathrú uaire fágtha agus fuair Ógie Ó Sé ceann eile deich nóiméad ina dhiaidh sin.

Bhí spiorad Naomh Mhuire tráite faoin tráth sin agus mar bharr ar an donas taispeánadh an dara cárta buí do Bryan Sheehan, ar éirigh le Brian Ó Beaglaoich na Gaeltachta an ceann is fearr a fháil air, i dtreo dheireadh na himeartha.

Imreoidh an Ghaeltacht, atá cáilithe cheana féin do chluiche ceannais Roinn 1 na Sraithe, in aghaidh an Teampaill Nua nó Fánaithe na Leamhna i gcluiche ceannais idirmheánach an chontae.


Gaoth Dobhair ar ais sa chluiche ceannais den chéad uair ó 2006


Imreoidh Gaoth Dobhair i gcluiche leathcheannais Chraobhchomórtas Sinsear Peile Dhún na nGall den chéad uair le 11 bliain anuas tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Adhamhnáin Dé Domhnaigh.

Chuir Gaoth Dobhair tús iontach leis an gcluiche agus cúl aimsithe ag Cian Mulligan i ndiaidh 11 nóiméad. Bhí an fhoireann Gaeltachta sé phointe chun cinn ag leath ama, 1-7 in aghaidh 0-4.

Tháinig Naomh Adhamhnáin ar ais sa dara leath ach nuair a d’aimsigh Daire Ó Baoill cúl eile dóibh agus 38 nóiméad imeartha, bhí sé ionann is cinnte go mbeadh fir Mhachaire Gathlán sa chluiche leathcheannais den chéad uair ó 2006, an bhliain dheireanach gur bhuaigh siad craobh an chontae.

Tabharfaidh siad aghaidh ar sheaimpíní 2015 sa chluiche sin tar éis do Naomh Conaill an bua a fháil ar na Cealla Beaga Dé Sathairn. Ba iad Eoghan McGettigan agus Dermot Molloy a d’aimsigh na cúil d’fhir na nGleannta agus ceithre phointe le spáráil acu ar a gcomharsana, 2-13 i gcoinne 0-15.

Is iad Cill Chartha agus Naomh Mícheál a bheidh le chéile sa chluiche leathcheannais eile tar éis dóibh Réalt na Mara agus an Bheart faoi seach a shárú.

Ba iad taispeántais Ryan McHugh, a d’aimsigh 1-4, agus Patrick McBrearty, a d’aimsigh 0-8, ba chinniúnaí do Chill Chartha agus bua cuimsitheach 1-20 in aghaidh 1-9 acu.

Scóráil Colm McFadden ceithre phointe do Naomh Mícheál nuair a fuair siad an ceann is fearr ar éigean ar an Bheart, leis an scór 0-13 in aghaidh 1-8


Foirne Chonamara as an iomaíocht do Chraobhchomórtas Sinsear Peile na Gaillimhe

An Cheathrú Rua Carna Caiseal
Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Níl aon fhoireann as Conamara fágtha san iomaíocht do Chorn an tSionnaigh i nGaillimh agus Naomh Anna, Leitir Móir agus Maigh Cuilinn ar fad díbeartha as an gcomórtas sna babhtaí ceathrú ceannais den Chraobhchomórtas Sinsear Peile ag an deireadh seachtaine.

Bua cuimsitheach, 3-13 in aghaidh 0-10, a bhí ag Eanach Dhúin ar fhir Leitir Móir i bPáirc an Phiarsaigh Dé Domhnaigh. Cé gur thug Iarla Ó Curraoin, Éamonn Ó Loinsigh, Seán Andy Ó Ceallaigh agus a leithéidí taispeántais mhaithe uathu, ní raibh siad in ann ag tosaithe an fhreasúra.

Choinnigh Ó Ceallaigh súil ghéar ar an bhfathach idirchontae, Damien Comer, nár aimsigh ach dhá phointe, ach ba é a chomhghleacaí sa líne lántosaigh, Frankie Burke, a rinne scrios ar an bhfoireann Gaeltachta. 2-6 a d’aimsigh sé.

Buaileadh greadadh chomh dona céanna ar Mhaigh Cuilinn, a chaill in aghaidh Chora Finne, 4-13 in aghaidh 2-8. Dála Leitir Móir, bhí cóir láidir ghaoithe ag Maigh Cuilinn sa chéad leath ach mar sin féin bhí siad chun deireadh ag leath ama agus méadaíodh an bhearna sin sa dara leath. Burke eile a rinne scrios ar Mhaigh Cuilinn, agus 2-3 aimsithe ag Ian Burke ón imirt do Chora Finne.

Idir an dá linn, beidh ar an gCeathrú Rua agus Bearna cluiche amháin eile a imirt, ar a laghad, agus iad ag iarraidh fanacht i ngrád na sinsear do 2018. Chaill fir na Ceathrún Rua in aghaidh Chill Aithnín, 3-18 i gcoinne 0-10, agus chlis ar Bhearna in aghaidh Chill Fhir Iarainn, 1-7 i gcoinne 0-8.

Bhí drochscéal ann Dé Sathairn d’fhoirne Chonamara nuair a chaill an Spidéal a gcluiche ceathrú ceannais Idirmheánach in aghaidh Bhaile Chláir, 3-13 in aghaidh 0-12.


An t-ardú céime bainte amach ag na Gaeil Óga arís

Foireann peile Na Gaeil Óga. Pictiúr: Seán. T Ó Meallaigh

Bua deich bpointe, 3-8 in aghaidh 1-6, a bhí ag Na Gaeil Óga i gcluiche ceannais Roinn 7 ag an deireadh seachtaine. Ciallaíonn a mbua in aghaidh Naomh Maighréide go bhfuil ardú céime bainte amach don gcúigiú huair in imeacht sé bliana ag foireann chumann lán-Ghaeilge na hardchathrach.

Séamus Mac Giolla Bhríde (2) agus Micheál Ó Conaire a d’aimsigh na cúil dóibh Dé Domhnaigh agus sé phointe a d’aimsigh Rónán Mac Niallais.

Imreoidh iománaithe Na Gaeil Óga i gcluiche ceannais Chraobhchomórtas Sóisear E an Chontae Dé Sathairn seo chugainn chomh maith.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht agus Gaoth Dobhair cáilithe ach foirne Chonamara díbeartha'