AN GHAEILGE SAN AE: ‘Radio Luxembourg’ na Gaeilge á chraoladh ar fud na hEorpa

Tá cláir raidió i nGaeilge á gcraoladh as Lucsamburg ar chloschainéal Pharlaimint na hEorpa

AN GHAEILGE SAN AE: ‘Radio Luxembourg’ na Gaeilge á chraoladh ar fud na hEorpa

Is cuimhin le cuid againn a bheith ag éisteacht le Radio Luxembourg ar an bhfadtonn agus is beag a shíl muid ag an am go mbeadh Gaeilge á craoladh as an mbaile sin – nó go mbeadh aon bhaint againn féin le cláir raidió á léiriú as an tírín beag sin i lár na hEorpa. Tá sin amhlaidh inniu.

Tionscadal faoi stiúir Ardstiúrthóireacht an Aistriúcháin i bParlaimint na hEorpa atá sa chloschainéal ina ndéantar sruthú ar líne i gcúig mhórtheanga go rialta, mar aon le blúiríní nuachta a chraoladh i ngach teanga oifigiúil eile. Bíonn blúirín nuachta na Gaeilge le cloisteáil ag 11:30 ó Luan go hAoine, agus tá podchraoladh ar an mblúirín le fáil faoin rúibric Flash News ar an suíomh www.audio.europarl.europa.eu.

Is iad na hAonaid Aistriúcháin atá i bhfeighil an tionscadail seo, agus chuir dream d’fhoireann aistriúcháin na Gaeilge clár ar leith le chéile faoin teideal ‘Aistriúchán na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa’. Tá teacht ar an gclár sin faoin tsraith ‘Languages’ ar an suíomh nó trí chliceáil anseo.

Tá idir aistritheoirí agus chúntóirí teanga rannpháirteach san fhoireann bheag a bhíonn ag déileáil leis na cláir Ghaeilge. Tagann siad as gach cearn den tír, agus tá cúlra éagsúil ag gach duine acu. Is beag taithí craoltóireachta roimhe seo a bhí ag an bhfoireann, ach le méid áirithe oiliúna ag an obair agus le díograis, tiomantas agus meon dearfach, thug siad faoin obair agus tá siad líofa ar na giotaí rialta a ullmhú agus a thaifeadadh.

Ó thaobh ullmhú an téacs don raidió de, deir duine de na heagarthóirí go mbíonn go leor oibre ag baint leis. Aistrítear an buntéacs go Gaeilge ar dtús agus cuirtear an teanga i bhfeiliúint don léitheoir nuachta agus don lucht éisteachta, rud a dhéantar trí abairtí a ghiorrú agus foclaíocht shothuigthe a chur in áit an bhéarlagair.

Agus maidir leis an taifeadadh féin, is é a mheasann duine de na léitheoirí ná gur deis iontach é le taithí phraiticiúil ar réimse eile a fháil – ar an gcaint phoiblí, mar shampla – agus feictear taobh eile den phróiseas craolacháin. Ina theannta sin, cuirtear aithne ar dhaoine as cúlraí eile, nach mbeifí i dteagmháil leo go hiondúil, b’fhéidir.

Mar a shamhlófá, tá a dúshlán féin ag baint le gach gné den obair seo ar fad, atá éagsúil ón ngnáthobair aistriúcháin a bhfuil cur síos air sa chlár ar leith atá luaite thuas, agus táthar ag súil leis go mairfidh an tionscadal go gceann i bhfad.

Mar atá luaite sna meáin éagsúla le

tamall anuas, tá deis anois ann le cur isteach ar chomórtas EPSO as a bhféadfaí daoine a roghnú chun poist bhuana a fháil sa Pharlaimint – i mbaile aoibhinn Lucsamburg – nó in aon cheann de na hinstitiúidí Eorpacha eile a bhfuil cuid den fhoireann acu sin lonnaithe sa Bhruiséil.

Ar ndóigh tá fíor-ardchaighdeán i scríobh na Gaeilge (gramadach den scoth agus litriú gan cháim) ar an ngné is bunúsaí de cheird an aistriúcháin, ach tá a gcuid buanna pearsanta féin ag gach duine agus cá bhfios nach mbeadh daoine den dream nua a fhostófar go buan i bParlaimint na hEorpa a mbeadh spéis i gcúrsaí craoltóireachta acu agus b’fhéidir go mbeadh deis acu a bheith páirteach i dtionscadal seo an

chloschainéil?

Fág freagra ar 'AN GHAEILGE SAN AE: ‘Radio Luxembourg’ na Gaeilge á chraoladh ar fud na hEorpa'

  • Mánus

    Raidió Gaeilge bunaithe sanLucsamburg, an togra Leabhra Feabhra bunaithe sa Bhruiséil agus Gaeltacht nua ar na bacáin sa gcathair chéanna. Is gearr go mbeidh Gaelscoil ag teastáil!