An Ghaeilge mar ábhar scoilte idir Gilmore agus Kenny agus iad i mbun cainteanna comhrialtais



In agallamh atá le craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, deir Eamon Gilmore gur chothaigh polasaí Fhine Gael maidir le staidéar na Gaeilge don Ardteist easaontas idir é féin agus Enda Kenny

14/5/2014 Construction 2020 Launch. Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny with Tanaiste and Labour Party Minister for Foreign Affairs Eamon Gilmore, launched Construction 2020, a strategy for a renewed construction sector, today at the National Sports Campus in Abbotstown, Dublin. Photo: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Bhí ceist na Gaeilge éigeantaí sa chóras oideachais ina hábhar scoilte idir an Taoiseach Enda Kenny agus an tIar-Thánaiste Eamon Gilmore agus iad beirt i mbun cainteanna maidir le Rialtas nua a chur ar bun tar éis thoghchán na bliana 2011.

In agallamh atá le craoladh maidin amárach ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, deir Eamon Gilmore go raibh polasaí Fhine Gael maidir le staidéar na Gaeilge don Ardteist i measc na nithe éagsúla a chothaigh easaontas idir é féin agus Enda Kenny le linn na gcainteanna comhrialtais.

Bhí ceist riachtanas na Gaeilge san Ardteist go mór i mbéal an phobail le linn an olltoghcháin i 2011 toisc gur fhógair Enda Kenny go gcuirfeadh sé deireadh leis an nGaeilge ‘éigeantach’ dá mbeadh sé ina Thaoiseach.

Bhí argóint theasaí, mar shampla, ag Kenny le ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, faoin scéal le linn dhíospóireacht na gceannairí ar TG4. Bhí roinnt Teachtaí Dála i bhFine Gael, go háirithe iad siúd a bhí ag seasamh i gceantair Ghaeltachta, míshásta le polasaí a bpáirtí faoin nGaeilge ‘éigeantach’. Glactar leis gur polasaí a bhrúigh Enda Kenny féin chun tosaigh a bhí ann agus bhí an port céanna ar feadh i bhfad roimhe sin aige faoin gceist.

San agallamh le Máirín Ní Ghadhra, deir an tIar-Thánaiste agus iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre:

“Bhí polasaí ag Fine Gael ag an am an Ghaeilge a bhaint as an Ardteistiméireacht, níor aontaigh mise leis sin … tá gá leis an Ghaeilge a bheith mar pháirt den Ardteist …  tá sé an-tábhachtach i mo thuairimse go mbeadh an Ghaeilge á múineadh ní amháin sna scoileanna Gaeltachta ach sna scoileanna i gcoitinne.”

Ar deireadh thiar, d’fhógair an rialtas i mí an Mheithimh 2011 nach raibh aon athrú le déanamh ar stádas na Gaeilge i scrúdú na hArdteiste.

De réir phobalbhreith náisiúnta a dhein Tuairisc.ie/Millward Brown anuraidh, creideann 55% den phobal nár cheart aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge mar ábhar ‘éigeantach’ don Ardteist.

Sa phobalbhreith sin, thug formhór an phobail le fios go rabhadar ag iarraidh go mbeadh ar dhaltaí na hArdteiste staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar ábhar riachtanach.

Go gairid i ndiaidh fhoilsiú na pobalbhreithe sin, thug an tAire Oideachais Jan O’ Sullivan, le fios do Tuairisc.ie nach raibh sé i gceist aici athbhreithniú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht faoi láthair, ach go bhféadfadh athrú teacht ar an scéal i gceann roinnt blianta.

San agallamh le Gilmore a chraolfar ar Raidió na Gaeltachta maidin amárach, séanann sé gur beag aird atá tugtha ag an Rialtas ar chás na Gaeilge.

“Ní dóigh liom go bhfuil sé sin cothrom. Tá béim mhór curtha ag an rialtas ar an nGaeilge, tá tacaíocht mhór tugtha acu don Ghaeilge. Tá i bhfad níos mó le déanamh – ní hamháin ag an rialtas ach pobal na tíre.”

Labhrann Gilmore chomh maith faoi ghéarchéim an Euro agus maíonn sé go raibh an Rialtas réidh “cibé rud a tharlódh”.

“Ní dóigh liom go raibh an Euro chun titim, agus ní dóigh liom go raibh aon duine chun muid a chur amach as an Euro, ach bhí fhios againn go raibh siad ag smaoineamh faoi. An rud a bhí i gceist againne ná go mbeadh muid réidh … cibé rud a tharlódh.”

“Ní rabhamar in ann a rá go poiblí go raibh sé seo idir lámha againn … mar bheadh panic ann. Dhéanfadh sé an scéal i bhfad níos measa.”

I measc na n-ábhar eile a phléann Gilmore, tá an cheist faoi reifreann ar ghinmhilleadh, géarchéim na dteifeach, agus a chaidreamh leis an Taoiseach Enda Kenny agus leis an Tánaiste Joan Burton.

Tá leabhar nua scríofa ag an Iar-Tháiniste, Inside the Room: The Untold Story of Ireland’s Crisis Government.

– Beidh an t-agallamh le Eamonn Gilmore le clos ar ‘An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra’ maidin amárach, Dé Sathairn ag 10 am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Fág freagra ar 'An Ghaeilge mar ábhar scoilte idir Gilmore agus Kenny agus iad i mbun cainteanna comhrialtais

'

  • Séamas Mac Coitir

    Dúirt an Taoiseach Enda Kenny, níos mó ná uair amháin sa bhfeachtasaíocht roimh an olltoghchán deireanach Gaeilge “éigeantach” a chéimniú amach as an Ardteist. Is cosúil nach raibh aon ghlacadh ag Éamon Gilmore leis sin, agus fágadh stádas na Gaeilge mar a bhí sí. Níl aon amhras orm ná go raibh rún daingean ag Enda Kenny, beart a dhéanamh de réir a bhriathair, dá bhfaigheadh sé a bhealach féin, agus an Ghaeilge a ruaigeadh as an gcóras scolaíochta. Is bocht an scéal é go mbeadh an mheonaigne sin ag ceannaire páirtí ar bith sa tír seo, bíodh is go bhfuil sé soiléir nach bhfuil i gceist ag a lán acu ach bobaireacht, agus béalghrá! ‘Neosfaidh an aimsir, céard é todhchaí na Gaeilge amach anseo!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    D’fhéadfaí cuid den fhadhb leis an Ghaeilge mar ábhar scoile a leigheas mura mbeadh sé ‘éigeantach’. Ní féidir teanga a mhúineadh do dhaoine nach bhfuil ag iarraidh í a fhoghlaim. Tá formhór na ndaltaí a dheineann Gaeilge mar ábhar scrúdaithe san Ardteist á dhéanamh mar go bhfuil sé éigeantach agus an ghráin dearg acu ar an ábhar. Mura mbeadh ar scoileanna a bheith ag teagasc Gaeilge ach do na daltaí a roghnódh í, ceapaim go bhféadfadh toradh níos fearr a bheith leis: d’fhéadfaí na droch mhúinteoirí a chur ag múineadh ábhar éicint eile agus d’fhéadfaí an caighdeán a ardú.

    Ar ndóigh theastódh go mbeadh buntáiste de chineál éicint le fáil ag an té a roghnódh Gaeilge. Tá réiteach simplí ar sin. Ar nós an Matamaitic, ní bheadh sé ach ceart go mbeadh poinntí breise Ardteiste le fáil ag daoine a roghnódh Gaeilge agus ag daoine a roghnódh Béarla chomh maith.

    Luath nó mall cuirfear deireadh le Gaeilge éigeantach san Ardteist, Séard atá tábhachtach ná seo: go mbeadh lucht na Gaeilge ag déanamh cinnte dhó go mbeadh buntáistí sonracha le fáil ag an té a roghnódh Gaeilge.

    Ag cur acmhainní amú ag iarraidh Gaeilge a mhúineadh do dhaoine nach bhfuil ag iarraidh í a fhoghlaim, nuair a fhéadfaí na hacmhainniú a dhíriú ar na daoine a roghnódh í, bhuel níor éirigh leis mar pholasaí. B’fhiú polasaí eile a thrialláil. Creidim go mbeadh toradh níos fearr air.