An Ghaeilge le cloisteáil i bparlaimint na Breataine agus gealltanas eile tugtha faoi reachtaíocht teanga

Le linn na díospóireachta in Westminster inné, gheall aire de chuid Rialtas na Breataine go dtabharfaí reachtaíocht don Ghaeilge isteach in Westminster mura ndéanfaí sin in Stormont

An Ghaeilge le cloisteáil i bparlaimint na Breataine agus gealltanas eile tugtha faoi reachtaíocht teanga

Chualathas an Ghaeilge á labhairt i bParlaimint Westminster inné, áit ar deineadh plé chomh maith ar an reachtaíocht teanga atá geallta don Tuaisceart. 

Le linn na díospóireachta, gheall aire de chuid Rialtas na Breataine, Maria Caulfield, go dtabharfaí reachtaíocht don Ghaeilge isteach in Westminster mura ndéanfaí sin in Stormont.

Conor McGinn, feisire parlaiminte de chuid Pháirtí an Lucht Oibre as St Helens, a labhair Gaeilge le linn na díospóireachta. “Lá Fhéile Pádraig sona daoibh go léir,” ar sé mar chlabhsúr ar a phíosa cainte.

Tá tacaíocht láidir tugtha ag Conor McGinn cheana don éileamh ar reachtaíocht Ghaeilge don Tuaisceart.

Tacaíocht ag beirt fheisirí parlaiminte d’iarracht acht Gaeilge a thabhairt isteach in Westminster

Dúirt Maria Caulfield, ar de shliocht na hÉireann í, gurb é mian an rialtais go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Stormont ach go raibh an t-ullmhúchán á dhéanamh chun sin a dhéanamh in Westminster sa chás nach dtarlódh sé sa Tuaisceart.

Feisire Parlaiminte de chuid an SNP, Martin Docherty-Hughes, a cheistigh Caulfield faoi chás na reachtaíochta teanga. 

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí na reachtaíocht chultúir, teanga agus féiniúlachta isteach in Westminster mí Dheireadh Fómhair seo caite mura mbeadh an cúram déanta in Stormont roimhe sin ach tá pobal na Gaeilge sa Tuaisceart fós ag fanacht uirthi.

Bhí éirí amach san DUP anuraidh in aghaidh a n-iarcheannaire Edwin Poots mar gheall ar an margadh a rinneadh le Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster.

Tá an DUP ag iarraidh ar Rialtas na Breataine gan dul ar aghaidh leis an reachtaíocht tráth a bhfuil an Prótacal Breatimeachta don Tuaisceart fós ina údar aighnis.

FÍSEÁN: Lá stairiúil agus an Ghaeilge le cloisteáil in Westminster

Ba nuair a bhagair Sinn Féin i mí an Mheithimh seo caite nach bhfillfidís ar Stormont gan gealltanas a fháil ón DUP go dtabharfaí an reachtaíocht teanga isteach a d’aontaigh Rialtas na Breataine go ndéanfaí an cúram in Westminster dá mba ghá.

Mí Eanáir 2020, dhá bhliain ó shin, a gealladh reachtaíocht don Ghaeilge mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua in Eanáir 2020.

Mí na Nollag seo caite, d’iarr Conradh na Gaeilge ar na Náisiúin Aontaithe idirghabháil a dhéanamh san fheachtas ar son na reachtaíochta Gaeilge don Tuaisceart.

Iarradh ar na Náisiúin Aontaithe tacú le héileamh an Chonartha go dtabharfaí cothrom na Féinne do phobal na teanga i dTuaisceart Éireann agus go ndéanfaí gníomh chun sin a bhaint amach.

Tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta ann, ina measc coimisinéir teanga agus stádas oifigiúil don teanga.

FÍSEÁN: Raic in Westminster faoi fheisire a labhair Gaeilge agus Breatnais

Chualathas an Ghaeilge á labhairt i bparlaimint Shasana in Westminster cúpla uair le tamall de bhlianta. In 2018 labhair feisire Parlaiminte de chuid Plaid Cymru, Liz Saville-Roberts, Gaeilge nuair a chuir sí ceist faoin éileamh ar acht Gaeilge don Tuaisceart ar iar-státrúnaí Thuaisceart Éireann Karen Bradley.

Anuraidh  tharraing an Ghaeilge agus an Bhreatnais raic in Westminster nuair a labhair Liz Saville-Roberts an dá theanga sin i dTeach na dTeachtaí chun beannachtaí na féile Pádraig  a ghuí ar an teach.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge le cloisteáil i bparlaimint na Breataine agus gealltanas eile tugtha faoi reachtaíocht teanga'