An Ghaeilge le bheith ar chomharthaí sráide nua i dTaobh an Bhogaigh

‘Páirc an Ghleanna Fhada’ i measc na gcomharthaí dátheangacha a bheas le feiceáil ar chomharthaí sráide i dTaobh an Bhogaigh feasta

An Ghaeilge le bheith ar chomharthaí sráide nua i dTaobh an Bhogaigh

Beidh ceithre chomhartha sráide dátheangacha nua á gcrochadh i gceantar Thaobh an Bhogaigh agus Foyle Springs (Fuaráin an Fheabhail) i gcathair Dhoire go luath.

Beidh comharthaí sráide dátheangacha á gcrochadh ar Pháirc an Ghleanna Fada, (Glenfada Park), Páirc Lios Fionnáin (Lisfannon Park), Páirc Choill na bhFeochadán

(Thistlewood Park) agus an tSráid Thiar (Westland Street) sa chathair.

D’éirigh le ceithre iarratas as na cúig cinn a cuireadh faoi bhráid Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin le déanaí ar chomharthaíocht dhátheangach. Níor éirigh leis an iarratas a rinneadh ar chomharthaíocht dhátheangach ar Harding Street.

De réir polasaí sráidainmneacha na comhairle, is gá go nglacfadh ar a laghad 66% d’áitritheoirí na sráide a fhreagraíonn litir na comhairle maidir leis an éileamh ar chomharthaíocht dhátheangach sula gceadófar an t-éileamh.

64% de na háitritheoirí a d’fhreagair litir na comhairle a dúirt go raibh siad ag iarraidh comharthaíocht dhátheangach a fheiceáil ar Harding Street.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Kevin Campbell, comhairleoir de chuid Shinn Féin agus ball de Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, go gcuireann sé “fáilte mhór” roimh an scéal go mbeidh tuilleadh comharthaí Gaeilge le feiceáil i gcathair Dhoire.

Dúirt sé go bhfuil “an-éileamh” ar an chomharthaíocht dhátheangach i measc mhuintir Dhoire agus go bhfuil “60% de na comharthaí” ina cheantar féin, An Creagán, i nGaeilge agus Béarla anois.

“Cuireann na comharthaí dátheangacha go mór le saibhreas cultúrtha na cathrach, ní hamháin do chuairteoirí ach do mhuintir Dhoire. Tá sé an-tábhachtach go mbíonn an Ghaeilge le feiceáil sa chathair agus go dtugtar aitheantas di.

“Meallann an chomharthaíocht i nGaeilge daoine chun spéis a chur sa teanga agus tacaíonn sé le Gaelscoileanna agus leis an phobal Gaeilge trí chéile,” ar sé.

Dúirt Campbell go bhfuil fáilte roimh dhaoine ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chomharthaí Gaeilge a chrochadh ina gceantar féin teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle le cúnamh a fháil maidir le hiarratas ar chomhartha sráide dátheangach.

Dúirt Pól Ó Frighil, duine den bheirt oifigeach Gaeilge atá ag obair i gComhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, go bhfuil “borradh mór” faoin chomharthaí sráide dátheangacha sa cheantar comhairle.

Agus leaganacha Gaeilge á lorg acu don chomharthaíocht dhátheangach, dúirt Ó Frighil go mbíonn siad ag brath ar Placenames.org agus Logainm.ie má bhíonn ainm baile fearainn, ainm dúiche nó ainm ceantair i gceist.

Má tá ainm sráide nó ainm bóthair á lorg, téann an Chomhairle i muinín dhá shaincháipéis taighde a d’eisigh NI Placenames Project, fiontar de chuid Ollscoil na Banríona; Derry City North West le P. Tempan agus Derry City South West leis an iriseoir agus craoltóir Ciarán Dunbar.

Dúirt Pól Ó Frighil go mbíonn siad ag tarraingt ar thaighde a rinne Conradh na Gaeilge i nDoire sa bhliain 1993 freisin, “taighde a dhéanann tagairt do lear mór foinsí eile” agus go mbíonn gá uaireanta comhairle a fháil ó shaineolaithe a bhíonn ag plé le logainmneacha mura mbíonn aon leagan Gaeilge oifigiúil ar fáil.

“I bhfírinne, b’fhearr linn feidhm a bhaint as leaganacha atá seabhunaithe. Sular tugadh an Polasaí Sráidainmneacha isteach in 2015, bhí cead ag conraitheoirí ainmneacha a chumadh de réir a dtola.

“Tá deireadh leis an nós sin anois, rud a chiallaíonn gur chóir d’ainmneacha nua baint éigin a bheith acu le logainmneacha traidisiúnta dúchasacha an cheantair,” a dúirt Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge le bheith ar chomharthaí sráide nua i dTaobh an Bhogaigh'

  • Bart

    Ní fada eile go mbeidh an logainm shuaithinseach ‘Samhail Phit Mhéabha’ le feiceáil thart ar Chontae Dhoire freisin tá súil agam. Chun a ceart a thabhairt di!

  • Lorcán

    Dul chun cinn iontach don cheantar.
    Cá mhéid daoine ar Harding Street, áfach, a dhéanfaí an difear idir an 64% agus an 66% (an bun-chéadacháin chun comharthaí dhátheangacha a chur i bhfeidhm)….duine nó beirt??