An Ghaeilge i bhfad ó lár an aonaigh i 1990

An Taoiseach féin a bhí mar aire Gaeltachta i 1990 ach léiríonn cáipéisí stáit a foilsíodh le déanaí gur beag plé a rinne a rialtas faoi chás na teanga

An Ghaeilge i bhfad ó lár an aonaigh i 1990

Cé go raibh an Taoiseach féin, Charlie Haughey, ina aire Gaeltachta i 1990 léiríonn cáipéisí stáit nuafhoilsithe gur beag plé ar chor ar bith a rinne a rialtas faoi chás na teanga an bhliain sin.

Léiríonn scagadh atá déanta ag Tuairisc.ie ar mhiontuairiscí chruinnithe Rialtais na bliana 1990, atá curtha ar fáil faoin riail 30 bliain, nach raibh cás na Gaeilge ná na Gaeltachta ar chlár plé an Rialtais ach ag cruinniú amháin.

B’in cruinniú an 27 Márta 1990 nuair a thug na hairí a mbeannacht don chaiteachas a bhí le déanamh ar chúrsaí Gaeilge ón maoiniú ó Leithdháileadh an Chrannchuir Náisiúnta 1990. 

Ceadaíodh an lá céanna £275,000 d’fheachtas náisiúnta bolscaireachta faoin nGaeilge agus £200,000 d’Áras na Gaeilge a bhí le tógáil in gColásite na hOllscoile, Gaillimh. £175,000 breise a fuair Bord na Gaeilge ó chiste an Chrannchuir Náisiúnta agus fuair Gael Linn £200,000. Roinneadh £70,000 ar eagraíochtaí teanga eile.

Ní léir ó na miontuairiscí go raibh aon phlé mór faoin gcaiteachas seo. De réir na miontuairiscí, bhí Aire Stáit na Gaeltachta Donncha Ó Gallchóir i láthair ag an gcruinniú rialtais a bhí ar siúl ar an 14 Meitheamh 1990. Ach ní luaitear aon rud sna miontuairiscí faoin gcúis go raibh sé ann ná ní léir go raibh aon phlé nó aon chinneadh ann faoi aon ábhar a raibh baint ag an Aire Stáit leis. Níl aon ábhar Gaeilge nó Gaeltachta i measc na n-ábhar a pléadh ag an gcruinniú sin.

Tá tagairtí sna miontuairiscí do chruinnithe eile, do thuarascálacha bliantúla Údarás na Gaeltachta agus Bhord na Gaeltachta a bheith faighte ag an rialtas ach seachas sin níl ach tagairt amháin eile le fáil don Ghaeltacht.

Sna miontuairiscí a bhain le cruinniú an 2 Lúnasa tugtar le fios gur cheadaigh an Rialtas deontas an-mhór do mhonarcha nua 

Ruibéar Mótair Teo i nGaoth Dobhair. €8.538 milliún a ceadaíodh don chomhlacht earraí rubair ar an mBun Beag. 

I measc na scéalta teanga ba mhó a bhí i mbéal an phobail i 1990 bhí tús an fheachtais náisiúnta do stáisiún teilifíse Gaeilge agus foilsiú an leabhair chonspóidigh The Death of the Irish Language le Reg Hindley.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge i bhfad ó lár an aonaigh i 1990'