An Ghaeilge ‘éigeantach’ slán ‘go fóill’ – an tAire Oideachais

- Breithneofar ceist na Gaeilge eigeantaí nuair a bheidh athbhreithniú déanta ar éifeacht na n-athruithe atá á ndéanamh ar theagasc na Gaeilge – an tAire Oideachais. - Níl ar chumas an Aire maoiniú a chur ar fáil d’ábhar oidí atá ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta

An tAire Oideachais Jan O'Sullivan. Pictiúr: Photocall Ireland
An tAire Oideachais Jan O’Sullivan. Pictiúr: Photocall Ireland

 

Tá stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist ag brath ar an rath a bheidh ar na hathruithe éagsúla atá á ndéanamh ar churaclaim bhunscoile agus iar-bhunscoile na Gaeilge.

Thug an tAire nua Oideachais Jan O’ Sullivan, le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil sé i gceist aici athbhreithniú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht faoi láthair, ach go bhféadadh athrú teacht ar an scéal i gceann roinnt blianta.

“Breithneofar an cheist ar cheart go mbeadh an Ghaeilge éigeantach don Ardteistiméireacht nuair a bheas na bearta atá leagtha amach thuas feidhmithe go hiomlán agus athbhreithniú déanta ar a n-éifeachtacht,” a dúradh i ráiteas a eisíodh le Tuairisc.ie thar ceann an Aire.

I measc na n-athruithe sin, tá curaclam nua teanga do na bunscoileanna agus athruithe éagsúla ag leibhéal an iar-bhunoideachais a chuireann béim níos mó ar an nGaeilge labhartha.

Dúradh go bhfuil an Roinn “muiníneach go rachaidh na forbairtí seo i gcion go dearfach ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na Gaeilge.”

Léirigh pobalbhreith Tuairisc.ie/Millward-Brown le déanaí go bhfuil formhór an phobail den tuairim gur cheart go bhfanfadh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach ar shiollabas na hArdteiste.

I ráiteas an Aire, dúradh gurb “eol don Roinn Oideachais agus Scileanna nach mbíonn an t-eispéaras a bhíonn ag mórán daltaí ar bheith ag foghlaim na Gaeilge ar scoil chomh dearfach is ba cheart dó a bheith”.

Thug an tAire le fios freisin gur mian leis an Roinn “feabhas a chur ar an eispéaras sin”.

Thagair ráiteas an Aire do luach na Gaeilge mar chuid “uathúil ríthábhachtach dár bhféiniúlacht náisiúnta, agus dár gcultúr agus oidhreacht teangeolaíochta”.

Bhí ceist na Gaeilge eigeantaí go mór i mbéal an phobail le linn an olltoghcháin i 2011, nuair a dúirt an Taoiseach Enda Kenny go gcuirfeadh Fine Gael deireadh leis.

Thug an tAire le fios do Tuairisc.ie freisin nach raibh aon chuimhneamh aici athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh a rinne a réamhtheachtaí Ruairí Quinn deireadh a chur leis an tacaíocht airgeadais a thugtaí d’ábhar oidí le tréimhse oiliúna a chaitheamh sa Ghaeltacht mar chuid de chúrsa oiliúna do mhuinteoirí.

“Ní gan cháiréis a thángthas ar an gcinneadh na deontais socrúcháin Ghaeltachta a chur ar ceal, agus ní mór é a fheiceáil i gcomhthéacs an riachtanais atá i réim faoi láthair chun costais a laghdú agus éifeachtúlachtaí a bhaint amach,” a dúradh sa ráiteas thar ceann an Aire Jan O’ Sullivan.

Thug an tAire le fios gur thuig sí na deacrachtaí a d’eascair as an gcinneadh ach nach raibh sé ar a cumas “maoiniú don réimse seo a athbhunú ag an dtráth seo”.

 

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ‘éigeantach’ slán ‘go fóill’ – an tAire Oideachais'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Sé an trua nach ndéanfaí aithbhreithniú ar ‘Gaeilge éigeantach’ san Ardteist. Níl sé ag obair agus creidimse go láidir go noibreoidh polasaí a bheadh dírithe ar chaighdeán níos fearr Gaeilge, idir labhairt agus scríobh, a bheith ann dona micléinn a roghnódh Gaeilge mar ábhar Ardteiste. Theastódh an Ghaeilge a dhéanamh mealltach mar ábhar Ardteiste dona daoine a roghnódh í: poinntí bónais san Ardteist mar shampla nó buntáiste a bheith ag daoine leis an gcumas feidhmiú sa dá theanga oifigiúla, seachas teanga amháin, in aon earcú amach anseo san earnáil poiblí.

    • Tomás de Buitléir

      Measaim go bhfuil gá le dhá ábhar; ceann amháin roghnach dírithe ar dhaltaí le suim sa Ghaeilge mar ábhar agus ceann eile éigeantach dóibh siúd ar bheagán suime. Bheadh béim ar cumarsáid sa dara chúrsa seo. Faoi láthair táimid ag iarraidh an dá thrá a fhreastal – gan toradh fiúntach d’éinne. Go háirithe, tá an caighdeán ag titim agus níl cúrsa fiúntach fágtha do chainteoirí Gaeilge.

    • Críostóir Ó Faoláin

      Aontím nach bhfuil an cúrsa mar atá ag obair mar is cheart ach ní dóigh liom féin gur é an éigeantacht an fadhb is cúis leis. Is gá an siollabas a athrú. Tacaím leis an méid atá molta ag Tomás, is cheart an ábhar a roinnt idir Gaeilge Cumarsáid a bheas éigeantach sna scoileanna Béarla, agus Gaeilge Litheartha mar ábhar éigeantach sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus roghnach sna scoileanna Béarla. Is mór an bearna atá idir an Ghaeilge mar atá sna scoileanna agus na hábhar roghnach. Dá dhéanfaí ábhar roghnach de mar atá is beag an méid daoine a bheas sásta tabhairt faoi toisc an ualach oibre atá i gceist. Ní bheadh fágtha ansin ach an ualach sin a laghdú agus an ábhar a shimpliú chun daoine a mhealladh, agus bheadh ábhar níos mí-oiriúnaí fós á mhúineadh sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

  • Eoin P.

    Glacaim leis gur i mBéarla a dúirt sí na habairti thuas? Ba chóir go ndéarfaí gur aistriúchán atá ann sa chás sin.

    • Donncha Ó hÉallaithe

      Nach cuma, cén teanga inar thug sí an ráiteas uaithi.

  • Maitiú Ó Coimín

    A Eoin, a chara,

    Ba i nGaeilge a tháinig ráiteas an Aire.

  • Eoin P.

    Is cosúil gur ráiteas uaithi é, mar sin féin is cinnte nach ndúrit sí a leithéid. Léiríonn sé sin rud éigin fealltach faoi nádúr na bpreasráiteas! An féidir gur maith an rud ráiteas a chur i leith duine agus gan ar a gcumas an ráiteas céanna a chumadh(ó thaobh na Roinne)?