An Ghaeilge an t-ábhar is lú a thaitníonn le páistí scoile – taighde nua

Deir an NCCA go bhfuil go leor ceisteanna le freagairt faoi theagasc na Gaeilge mar gheall ar na tuairimí ‘breá soiléir’ atá ag daltaí bunscoile faoin teanga

An Ghaeilge an t-ábhar is lú a thaitníonn le páistí scoile – taighde nua

Tá an ghráin ar an nGaeilge go rábach i mbunscoileanna Béarla an stáit, de réir taighde nua.

Deirtear in dhá thuarascáil nua faoin gcuraclam bunscoile gurb í an Ghaeilge an t-ábhar is lú a thaitníonn le páistí scoile.

Deir an NCCA go bhfuil tuairimí na bpáistí faoin nGaeilge agus gnéithe eile de shaol na scoile “breá soiléir”.

I bhfianaise thorthaí na suirbhéanna a deineadh mar chuid den taighde, is gá, a deirtear díriú ar an tslí a ndéantar an Ghaeilge a theagasc i mbunscoileanna Béarla.

“Tá ceisteanna éagsúla le freagairt i réimsí éagsúla mar gheall ar an ngráin ar an nGaeilge atá go rábach i scoileanna Béarla: na cúiseanna a bhfuil an dearg-ghráin acu ar an ábhar, an díospóireacht leanúnach faoin tslí a ndéantar an Ghaeilge a theagasc, an méid is féidir a dhéanamh amach anseo le cabhrú le múinteoirí cur lena gcuid líofachta, conas is féidir feabhas a chur ar theagasc na Gaeilge agus conas dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú agus úsáid ghníomhach na Gaeilge a chur chun cinn i measc cainteoirí óga.”

Tá foláireamh ag lucht an taighde nár cheart féachaint ar na torthaí mar fhianaise go bhfuil meon daltaí i leith na Gaeilge “do-athraithe”, go háirithe mar gur cruthaíodh cheana go mbíonn tionchar dearfach ar mheon na ndaltaí ag beartais a thugann deis dóibh a bheith ag plé níos mó leis an teanga.

Ghlac páistí, tuismitheoirí, múinteoirí agus eagraíochtaí páirt sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí a bhí mar chuid den taighde.

Mar chuid de shuirbhé na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, cuireadh ceist ar thuismitheoirí agus caomhnóirí cén chuid den churaclam nó den churaclam molta ba cheart fáil réidh léi.

Bhain 10% de na tráchtanna a fuarthas leis an nGaeilge agus daoine den tuairim gur cheart béim níos lú a bheith ar theagasc na Gaeilge nó nár cheart go mbeadh staidéar na teanga riachtanach.

Ba é an téama ba choitianta a roghnaigh tuismitheoirí ná teagasc an Reiligiúin, a luaigh 31%.

Luadh ‘obair bhaile’ i 6% de fhreagraí na dtuismitheoirí.

Bhí an Ghaeilge luaite chomh maith in aighneachtaí agus freagraí eile a fuarthas mar chuid den taighde a rinneadh anuraidh.

Luadh gur chóir go mbeadh ar ábhar oidí tréimhse roinnt seachtainí a chaitheamh sa Ghaeltacht chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge sula gcuirfidís tús lena gcúrsaí sa choláiste.

Dúradh gur chóir tacaíocht bhreise a thabhairt do mhúinteoirí Gaeilge, go háirithe múinteoirí a bhíonn ag teagasc trí Ghaeilge.

Luadh tábhacht na Gaeilge do chultúr na hÉireann agus an gá le tacú léi i scoileanna Béarla agus i scoileanna lán-Ghaeilge.

Bhí gá, a dúradh, le “fís shoiléir” don Ghaeilge agus don dátheangachas. Luadh gur chóir féachaint ar an dátheangachas mar bhunscil ar leith agus ar na nGaeilge mar bhealach le bunscileanna eile a neartú.

Moladh béim níos mó a chur ar an tumoideachas agus dúradh gur cheart polasaí nua a thabhairt isteach do theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais go léir.

Chaithfí chomh maith a chinntiú nach gcuirfeadh múineadh teangacha eile sa bhunscoil as do theagasc na Gaeilge.

Deir údair an taighde gur gá tuilleadh taighde a dhéanamh ar thaithí na bpáistí ar fhoghlaim na Gaeilge.

Foilsíodh taighde nua an CNCM ina dhá chuid – an Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar  Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile agus tuarascáil ar leith faoi na tuairimí a bailíodh ó dhaltaí scoile mar chuid den taighde.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge an t-ábhar is lú a thaitníonn le páistí scoile – taighde nua'

  • Elaine Brennan

    1. Is gá dúinn caighdeán Ghaeilge na múinteoirí a ardú agus a thacú.
    2. Is gá dúinn féachaint ar an gcur chuige toisc gur chaitheamar ‘the baby out with the bath water’ le teacht isteach an curaclam nua i 1999. Níl ar siúil uaireanta ach dathú isteach agus cluichí gan treoir nó aidhm. Mar shampla, níl na páistí ag foghlaim amhráin nó dánta agus as foghlaim conas an ghaeilge nua iontu a usáid i gcomhthéacsanna eile.
    4. Níl go leor ‘dul siar’ le feiceáil. Press play on the next video!!!… gan tógáil ar an méid atá acu de réir a chéile. Cá bhfuil ‘caint na maidine?’
    3. Nílimid ag tsnúth le go leor ó na páistí maidir le foghlaim na Gaeilge. Is féidir leo!!!! Is orainne atá an locht! Go maith go bhfuil an cómhrá seo ar bun!!!

  • Gerry Sóna

    Ról na naíscoileanna i gcur chun cinn na Gaeilge???? Tógann páistí beaga foclóir go héasca. Agus abhair scoile eile? Corpoiliúint, ceol, stair as Gaeilge…úsaid ná teanga a leathnú amach.

  • Mac Billing(s) Dónall Mór

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Obair athbhreithnithe a dhíth

    — SUIM sa Ghaeilge ar dtús agus GRÁ di—

    Idir Mhaoiniú ón Cháináisnéis, Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (leasaithe) agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an Mhéar agus an Ciste Stáit ag iarraidh níos faide agus níos folaimhe leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sa cliabhán.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh SUIM sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘An t-Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae mar is ceart.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Lean ar aghaidh le cúrsaí maoinithe agus obair athbhreithnithe ina dhiadh sin.

    Labhair í agus mairfidh sí agus Fásfaidh sí.

    Is mise le dóchas

    Dónall Mór Mac Billings

    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    Iar-Chime Poblachtach
    sa Ghaeltacht/Jailteacht
    Bloc E,
    Ardán 1
    Príosún Phort Laoise
    Port Laoise

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • Ciarán BXL

    Níos mó cartoons! Sin é, tá sé éasca.

    Seod é mo mhac, ní raibh fiú rang Gaeilge amháin aige: https://www.tg4.ie/ga/player/seinn/?pid=6307538064112

    Is ní Gaeilgeoir mise. Dhá bhliain ó shin bhí mé fós ag déanamh “Meánrang 1” le Gaelchultúr. Ach an riail atá againn sa teach ná “Cúla4 amháin” ar an teilifís / ríomhaire.

    An deacracht is mó ná an easpa cartoons ar Cula4.ie. Déanann siad a lán cartoons, ach scrios siad iad tar éis seachtain nó mí. Mar sin, don cartoons atá déanta acu, níl ar an suíomh ach líon beag. Dá mbeadh (i bhfad) níos mó cartoons are Cula4.ie, bheadh sé níos éasca. Tá páistí _i_gcónaí_ sásta a bheith ag féachaint ar cartoons.