An Ghaeilge an dara teanga is mó tóir ar Duolingo in Éirinn in 2024

Faoi láthair, is í an Ghaeilge an fichiú teanga is mó ar domhan atáthar a fhoghlaim ar Duolingo

An Ghaeilge an dara teanga is mó tóir ar Duolingo in Éirinn in 2024

Ba í an Ghaeilge an dara teanga is mó a bhíothas a fhoghlaim in Éirinn ar an aip foghlama teanga Duolingo in 2024, de réir figiúirí a d’eisigh Duolingo an tseachtain seo.

Go dtí an bhliain 2021 ba í an teanga náisiúnta an teanga ba mhó a bhítí a fhoghlaim ach tháinig athrú air sin dhá bhliain ó shin nuair a sciob an Spáinnis an chéad áit ar an liosta. Is í an Spáinnis is mó atá á foghlaim ag úsáideoirí Duolingo in Éirinn ó shin, agus an Ghaeilge sa dara háit.

Ní raibh ach an Spáinnis nó an Ghaeilge ar bharr an liosta ó thosaigh Duolingo ag cur an eolais seo ar fáil in 2020. Ba í an Ghaeilge an teanga ba mhó in 2020 agus 2021 agus an Spáinnis sa dara háit.

Faoi láthair, is í an Ghaeilge an fichiú teanga is mó ar domhan atáthar a fhoghlaim ar Duolingo agus tuairim is 2.02 milliún foghlaimeoir cláraithe leis an gcúrsa. Ní thugann Duolingo aon bhriseadh síos ar an bhfigiúr sin áfach, agus níl ann ach líon na ndaoine a chláraigh leis an gcúrsa – ní fios cé mhéad duine a bhíonn gníomhach gach seachtain, cé mhéad duine a chríochnaigh an cúrsa, ná cé mhéad duine a chríochnaigh oiread is ceacht amháin féin i ndiaidh dóibh clárú.

Sa bhliain 2017, dheimhnigh Duolingo do Tuairisc gurbh iad an Tuircis agus an Ghaeilge an dá theanga ba lú a ndéanadh lucht úsáide na haipe dul chun cinn leo. Rinneadh athrú suntasach ar an gcúrsa Gaeilge in 2023, nuair a rinne Duolingo an cinneadh an intleacht shaorga a úsáid in áit cainteoir dúchais Gaeilge do na míreanna éisteachta ar an aip.

Seoladh an cúrsa Gaeilge i mí Lúnasa na bliana 2014 agus tráth dá raibh bhí sé ar cheann de na deich gcúrsa ba mhó ar an aip. Tá an tóir atá ar an nGaeilge ídithe ó shin agus na cúrsaí Laidine, Gréigise, Tuircise, agus Polainnise – i measc roinnt eile – gaibhte chun cinn uirthi.

An Béarla an teanga is mó éileamh ar domhan. Bhí sé ar bharr an liosta i 135 tír – ardú 10% ar an mbliain seo caite. Tá os cionn 20 cúrsa Béarla ar fáil ar Duolingo – Béarla don Fhrainciseoir, Béarla don Spáinniseoir agus araile. Cuireadh cúrsa Béarla ar fáil i mbliana a bhí go huile is go hiomlán i mBéarla den chéad uair: Ardleibhéal Béarla. Is é an ceann sin anois an dara cúrsa is mo éileamh sa tSín, sa Cholóim, i Meicsiceo, agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Ba iad na deich dteanga ba mhó éileamh in 2024 – an Béarla, an Spáinnis, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an tSeapáinis, an Iodáilis, an Chóiréis, an tSínis, an Phortaingéilis, agus an Hiondúis.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge an dara teanga is mó tóir ar Duolingo in Éirinn in 2024'

  • Pól Ó Braoin

    Deacair é sin a chreidiúint agus gan focal ar bith Gaeilge le labhairt ag an rialtas atofa abhus. Maróidh siad an teanga agus an ghaeltacht sula n-imeoidh siad as an rialtas, má imíonn siad go deo faraor…