An gearrliosta do Chomórtas Ghlór na nGael fógartha

Bronnfar duaiseanna Ghlór na nGael ag ócáid a bheidh ar siúl i gContae na hIarmhí an bhliain seo chugainn

An gearrliosta do Chomórtas Ghlór na nGael fógartha

Tá an gearrliosta do Chomórtas Ghlór na nGael fógartha ag an eagraíocht teanga agus moltóireacht déanta ag lucht an chomórtais ar os cionn 50 coiste pobail ar fud na hÉireann.

Tá duaischiste €80,000 le bronnadh ar na coistí a bhuafaidh sna cúig rannóg agus súil ag an seacht gcoiste an duais mhór €20,000 a thabhairt leo ag an ócáid bhronnta a bheidh ar siúl in Óstán Glasson i gContae na hIarmhí an bhliain seo chugainn.

Tá péire de na trí choiste Gaeltachta atá istigh ar an gcomórtas do choistí pobail i gceantair Ghaeltachta lonnaithe i gConamara i nGaeltacht na Gaillimhe. Is iad sin Cumann Forbartha Chois Fharraige, a thug leo an phríomhdhuais in 2017, agus Comharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua.

Is é Comhlacht Forbartha na nDéise an tríú grúpa atá ar ghearrliosta na rannóige sin. Níl aon choiste pobail ó chúigí Uladh ná Laighean ann.

Tá dhá choiste pobail ar an ngearrliosta sa rannóg do cheantair ina bhfuil idir 4,000 agus 20,000 duine, agus an dá choiste sin lonnaithe ó thuaidh — Cairde Teo in Ard Mhacha agus Glór na Móna i mBéal Feirste

Tá dhá choiste ainmnithe i rannóga nach bhfuil iontu ach iomaitheoir amháin, is iad sin Glór Charn Tóchair i gContae Dhoire, atá ainmnithe sa rannóg do cheantair a bhfuil níos lú ná 4,000 duine iontu, agus Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain i mBéal Feirste, atá ainmnithe sa rannóg do cheantair a bhfuil os cionn 20,000 duine iontu.

Rinne na coistí seo cur i láthair ar a gcuid oibre do na moltóirí agus iad san iomaíocht sna catagóirí éagsúla de réir dhaonra an cheantair. Dúirt Glór na nGael go raibh sé “soiléir” go raibh “obair den scoth” ar siúl ag na coistí agus gur “ó neart go neart” a bhí siad ag dul.

Bronnfar na duaiseanna ag an ócáid speisialta in Óstán Glasson ar an 10 Márta 2018.

Fág freagra ar 'An gearrliosta do Chomórtas Ghlór na nGael fógartha'