Ní hionann corpacmhainn mná agus fir. Sin nuacht a deir tú! Ní gá meabhair Einstein chun é a oibriú amach. Ach níl a fhios ag seirbhís phóilíneachta Thuaisceart Éireann, is cosúil. Baineadh siar as daoine nuair a nocht ceannaireacht an PSNI le déanaí gur easpa aclaíochta na mban faoi ndear líon na mban sa chonstáblacht a bheith i bhfad ró-íseal.
De réir na bhfigiúirí is deireanaí do chomhdhéanamh fhórsa oibre an PSNI mná is ea níos lú ná triúr as gach deichniúr, nó 27.34% den fhórsa. Foilsíodh an staidreamh sin an mhí seo caite. Bhí ganntanas ban chomh maith le ganntanas Caitliceach ar na fadhbanna ar deineadh scrúdú inmheánach orthu san PSNI. Mheas rannóg acmhainní daonna na seirbhíse go raibh an cheist chomh práinneach sin nár mhór idirdhealú dearfach san earcaíocht a cheadú chun cúrsaí a chur ina gceart.
Nuair a cheistigh ionadaithe ar Bhord na bPóilíní é faoin bhfadhb, dúirt an Príomh-Chonstabla Cúnta, Alastair Finlay, gur easpa corpacmhainne nó aclaíochta na mban faoi ndear é. Theip ar ochtar as gach deichniúr de na mná a rinne an tástáil iontrála i gcomparáid le fear amháin as gach deichniúr, a dúirt sé. Chuir sé an milleán ar na mná féin agus chuaigh thairis sin, ag maíomh gur fadhb sa tsochaí fré chéile é nach raibh mná óga chomh haclaí le fir óga.
Dá mbreathnófá ar chuid de na hoifigigh is sinsearaí san PSNI chaithfeá fiafraí cén líon acu sin a bhainfeadh pas amach san scrúdú corpacmhainne. Ach ná bímis róghránna. Tá údar maith le scrúduithe corpacmhainne agus díol suntais é nach ndéanann siad sin a fhaigheann pas ann gearán ar bith faoi.
Is fíor nach mór do chonstábla a bhíonn ar an tsráid a bheith láidir, aclaí. Caithfidh sé nó sí a bheith in ann rith i ndiaidh coirpigh , é/í a smachtú, a thabhairt go talamh agus a chur faoi cheangal. Ach an gcaithfidh sé/sí a bheith in ann balla a dhreapadh ag iompar meáchain nó mála 39 cileagram (sé clocha meáchain) a tharraingt leis/léi?
Tuigim go bhfuil cuid mhór den tástáil aclaíochta seo athraithe ag seirbhísí póilineachta eile. Tá córas an PSNI in úsáid le breis is scór blianta agus seans nach scothchleachtais iad a thuilleadh. I bhfianiase a bhfuil de threalamh nua-aoiseach in úsáid ag póilíní anois, maíonn eolaithe nach bhfuil neart coirp chomh tábhachtach is a bhí; i gcás an PSNI deirtear gurb é láidreacht na bhfear seachas luas nó deaslámhacht faoi ndear an difríocht idir iad agus mná.
Athrú cultúir atá de dhíth, aitheantas gurbh fhearrde an PSNI níos mó ban a earcú. Nílim ag rá go bhfuil an PSNI claonta, in aon turas in aghaidh mná a fhostú ach tá baol ann go bhfuil claonadh institiúideach i bhfabhar na bhfear ann – meon fearúlachta.
Ní sa tseirbhís phóilíneachta amháin atá comhionannas ceilte ar mhná i gcúrsaí fostaíochta i dTuaisceart Éireann. I dtuarascáil a d’fhoilsigh John Keanie, Coimisinéir na gCeapachán Poiblí anuraidh neosadh gur mná ab ea 35% de na comhaltaí ar bhoird phoiblí i 1998, bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta. In ionad dul chun cinn faoin dílárú, bhí an céatadán laghdaithe go 33%, a dúirt sé.
Thug Keanie dúshlán lucht polasaí agus an fheidhmeannais dul i ngleic leis an míchothromaíocht seo. Tá sé thar am é a leigheas ní hamháin mar go n-éilíonn dlíthe cearta daonna logánta agus idirnáisiúnta é ach mar gur cailliúint mhór don saol poiblí é acmhainn luachmhar a chur amú.
Fág freagra ar 'An gcaithfidh constábla a bheith in ann balla a dhreapadh ag iompar sé clocha meáchain?'