‘An gcaithfear fanacht go mbuailfidh taom croí duine?’ Feachtas ar na bacáin faoi chás na n-altraí ar Chléire

Gan aon réiteach ag cruinniú leis an HSE maidir le haltra lánaimseartha a bheith fostaithe ar an oileán Gaeltachta amach ó chósta iarthar Chorcaí

nurse-527615 (1)

Níor tháinig muintir Chléire ar aon réiteach le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inné maidir le haltra lánaimseartha a bheith fostaithe le freastal ar phobal an oileáin amach ó chósta iarthar Chorcaí.

Tá muintir an oileáin gan aon altra lánaimseartha ó Eanáir 2014.

Chuirtí altra amach go dtí an t-oileán ar feadh breis agus tríocha bliain nó gur éirigh an duine sin as ag tús na bliana seo caite. Is daoine páirtaimseartha atá ag obair ar an oileán mar altraí ó shin i leith.

Eagraíodh cruinniú tráthnóna inné ar an oileán faoin scéal agus labhair urlabhraí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi na hiarrachtaí atá ar bun le beagnach dhá bhliain anuas daoine cearta a earcú agus a chur ag obair ar an oileán ar bhonn lánaimseartha.

Níor léir óna ndúradh ag an gcruinniú, áfach, go raibh aon fhuascailt ar an bhfadhb ag an HSE.

Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt Máirtín Ó Méalóid, Bainisteoir Chomharchumann Chléire, go bhfuil an t-oileán “gan clúdach ceart” ó Eanáir 2014, cé go dtuigeann sé go bhfuil baill áirithe sa tSeirbhís Altranais “ar a ndícheall” ag iarraidh an scéal a chur ina cheart.

“Ní hé go bhfuilimid ag iarraidh bheith ag tabhairt amach faoin HSE ach tá gá leis an tseirbhís agus tá an pobal ag iarraidh go mbeadh an tseirbhís ann,” a dúirt Ó Méalóid.

Dúirt sé, leis, gurb é is dóichí go rachfar i mbun feachtais faoin scéal go luath.

“Tá seandaoine an-neirbhíseach de bharr nach bhfuil aon altra ann agus tá mé lánchinnte go mbeidh feachtas á thosú,” a dúirt sé.

Is é tuairim Uí Mhéalóid go bhféadfadh altra bheith lonnaithe istigh ar an oileán go buan.

“Má tá daoine ag iarraidh fanacht ar an oileán agus oibriú mar altraí anseo, táim cinnte go bhféadfaidís é sin a dhéanamh agus go mbainfidís slí bheatha mhaith amach á dhéanamh,” a dúirt Ó Méalóid.

Dúirt duine de mhuintir an oileáin nach raibh sé “cothrom ná cóir” go bhfágfaí Cléire gan altra agus nach raibh mórán maitheasa sa chruinniú leis an HSE.

“Cad is fiú cruinniú má bhaineann gortú duit? Má bhriseann tú cos nó lámh, má bhuaileann taom croí tú, má ghearrann tú tú féin is tú ag obair nó a leithéid?

“Ar an mórthír, tá roghanna agat; ar Chléire, toisc nach mbíonn altra ar fáil i gcónaí, toisc an drochaimsir a leanfaidh – is dócha go dtí mí an Mhárta – cén rogha atá agat? Fan go dtí an chéad lá eile, cuir suas leis an bpian, nó glaoigh ar an mbád tarrthála?” a dúirt an duine nár mhaith leis go n-ainmneofaí é.

Dúradh chomh maith go raibh frustrachas agus imní mhór ar mhuintir Chléire faoin scéal.

“An bhfuil sé ceart, cóir nó cothrom iarraidh ar dhaoine atá ag fulaingt cinneadh mórálta mar sin a dhéanamh má bhítear i sáinn? Tá an scéal seo ag dul in olcas in aghaidh an lae. N’fheadar an mbeidh orainn fanacht go dtí go dtarlóidh tubaiste mharfach sula ndéanfaidh an FSS aon rud?

“Pé ní é, tá frustrachas…agus imní ar chuile dhuine; páistí agus garphaistí buartha faoina dtuismitheoirí agus seantuimitheoirí srl. ar an oileán imníoch go dtarlódh timpiste dóibh agus nach mbeadh cóir leighis thráthúil ar fáil dóibh ar an oileán. Cad is fiú bheith ag caoineadh nuair a bhíonn an anachain déanta?” a dúradh.

Ag caint dó ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, dúirt duine eile de na hoileánaigh, Micheál Ó Céadagáin, go bhfuil cúinsí saoil ar leith ag roinnt le bheith i do chónaí ar oileán agus nach bhfuil aon dealramh le cinnithe a dhéantar faoi áiteanna ar nós Chléire amhail is gurbh ionann iad agus ceantair ar an mórthír.

Dúirt sé chomh maith go bhfuil “míshuaimhneas” i measc phobal an oileáin faoina laghad altraí a chuirtear go dtí Cléire chun aire a thabhairt do mhuintir na háite. B’fhacthas dó go bhfuil easpa cumarsáide idir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus muintir an oileáin.

“Níor shuigh aon duine síos linne riamh. Níl a fhios agam cad a dheineadar chun duine lánaimsearthach a chur ar fáil [dúinn],” a dúirt Ó Céadagáin ar An Saol ó Dheas.

Is in olcas atá an scéal imithe ó thús na seachtaine seo toisc an fharraige a bheith fiáin agus seirbhísí bád farantóireachta curtha ar ceal dá réir. Fágann seo nach bhfuil altra ar bith ar an oileán le roinnt laethanta anuas.

Fág freagra ar '‘An gcaithfear fanacht go mbuailfidh taom croí duine?’ Feachtas ar na bacáin faoi chás na n-altraí ar Chléire'