Sa lá atá inniu ann caitheann Jamie Ó Coistín a chuid ama ag tabhairt aire agus ag bleán an 350 bó bhainne ar an bhfeirm atá aige féin agus ag a athair Jimmy i mBaile Uí Churraoin sa Seanphobal i nGaeltacht na nDéise.
Anois agus arís feicim altanna ar irisí talmhaíochta faoin gcaoi a bhfuil an Coistíneach ar dhuine de na feirmeoirí óga is forásaí sa tír – dúbailt ar a thréad Holstein-Freisan, cosáin leagtha síos ar an talamh atá aige a laghdóidh na gortuithe a thiocfadh as eallach a bheith ag siúl ar chlocha agus an chaoi a bhfuil sé ag baint a dhá oiread féir as heicteár talún anois agus a bhí sé cúpla bliain ó shin.
Ag cruinnithe ar fud na tíre cuireann sé comhairle ar a leathbhádóirí faoi bhealaí lena dteacht isteach a mhéadú agus an úsáid is fearr a bhaint as a gcuid talún. Chuir sé sraith cláracha darbh teideal Feirm i láthair ar TG4 cúpla bliain ó shin.
Ar an scáileán sin agus sna grianghraif a bhíonn le feiceáil ar na haltanna thuigfeá go bhfuil Jamie sona sásta – ag breathnú go suaimhneach isteach thar sconsa ar a thréad nó ar a ghogaide ag déanamh mionscrúdú ar fhás an fhéir.
Ach laistiar den mheangadh leathan sin a bhíonn ar a bhéal tá fear agus intinn chrua. Is í lomchlár na fírinne nár chas duine níos cróga, níos ceanntréine ná níos láidre dom i rith mo shaoil ná Jamie Ó Coistín.
Beidh a fhios ag an mbunáite agaibh go mba lúthchleasaí lánaimseartha a bhí ann sular fhill sé ar an bhfeirmeoireacht, go raibh sé san iomaíocht ag Cluichí Oilimpeacha Sydney (2000) agus Béising (2008) agus go mbeadh sé freisin san Aithin (2004) murach timpiste bhóthair a bhain dó laethanta sula raibh sé le tosaí ar a chuid iomaíochta.
Bhí sé d’ádh orm go raibh mé i láthair ag na trí ócáid agus fanfaidh a bhfaca mé d’fhear an tSeanphobail i m’intinn go brách.
Ba é an rás siúil 50k an ceann ar thug an Coistíneach a shaol agus a shaothar dó agus ní bréag a rá gurb é sin an comórtas lúthchleasaíochta is déine sna Cluichí Oilimpeacha. 6 mhíle níos faide ná an maratón fágann na rialacha nach foláir go mbeadh cos amháin de chuid an iomaitheora ar an talamh i gcónaí – cleachtas thar a bheith mínádúrtha. Cuireann an duine 10 bpunt meáchain d’allas lena linn – tuilleadh ag brath ar an teocht.
Sula dtáinig Sydney ba mhinic a bhí labhartha agam le Jamie ar an bhfón – ach ní fhaca mé i mbun iomaíochta ariamh é go dtáinig sin. Chas muid ar a chéile cúpla lá roimh an gcomórtas sa sráidbhaile Oilimpeach, áit a raibh sé chomh mór ar a chompord agus a bhíonn sé i ngrianghraif an lae inniu. Is beag an léargas a thug sé ná an tuiscint a bhí agamsa ar an sciúrsáil ná ar an gcruatan a bhí roimhe.
Go hiondúil is ar chúrsa i gcomharsanacht na staide a bhíonn an rása ar bun, 5k i ngach ciorcad agus sin le déanamh 10 n-uaire ag na hiomaitheoirí ar bhóthar tarra agus gan scáth ná folach acu. Bhí an teocht go hard os cionn 20 céim nuair a cuireadh tús leis an gcomórtas in Sydney agus d’fhan mé amuigh ar an gcúrsa go bhfaca mé an Coistíneach ag dul tharam cúpla uair. Agus an teocht ag ardú thug mé scáth na staide orm féin ach bhí airsean agus ar a chomrádaithe leanacht orthu.
An Polannach Robert Korzeniowski ba thúisce a chríochnaigh agus thug leis an bonn óir mar a bhí déanta aige in Atlanta agus mar a dhéanfadh sé arís san Aithin. Cé go raibh os cionn 30 míle siúlta aige sa teas millteach níor chosúil go raibh aon drochbhail air.
Tháinig athrú ar an scéal sin de réir mar a bhí na hiomaitheoirí ag teacht isteach ina dhiaidh sa staid, cuid acu ag titim agus ag éirí arís, dhá thaobh an traic ag cuid eile acu agus lucht leighis ag fanacht leo ar fad ag ceann cúrsa.
Agus é ag trasnú na líne ba léir an Coistíneach a bheith chomh spíonta agus go mba ar éigin a bhain sé an sprioc amach. Tairgeadh cathaoir rotha dó ach dhiúltaigh sé agus chaith faoi é féin ar cholbha an chúrsa go nglacfadh sé a scíth.
Leathuair dár gcionn agus dóthain uisce ar ais ina cholainn bhí sé chomh breabhsánta agus a bhí sé ariamh – mise a bhí croite ar fheiceáil dom a ndeachaigh sé tríd.
Comrádaithe móra ab ea é féin agus Korzeniowski faoin am a dtáinig Cluichí na hAithne, ach ar an drochuair briseadh cnámh i ndroim Jamie i dtaisme bhóthair sa nGréig seachtain sula raibh an iomaíocht le bheith ar bun agus ba san ospidéal a bhí sé lá an rása.
Mar a tharla bhí Raidió na Polainne ag craoladh as stiúideo sealadach a bhí buailte ar cheann RTÉ i lárionad na meán san Aithin agus tharla go bhfaca mé Korzeniowski faoi agallamh an lá i ndiaidh na timpiste. Sheansáil mé é agus d’fhiafraigh de an mbeadh sé d’fhoighid aige teachtaireacht i nGaeilge a chur chuig a chomrádaí. Scríobh mé amach de réir foghraíochta é agus ní hamháin gur craoladh ar Raidió na Gaeltachta é ach thug RTÉ aer dó freisin.
Faoin am a dtáinig Cluichí Bhéising in 2008 bhí Robert Korzeniowski éirithe as agus é anois ina bhainisteoir ginearálta ar TVP Sport, an comhlacht teilifíse a bhí ag craoladh na gCluichí ina thír dhúchais. Chas muid ar a chéile arís.
I gcuideachta Jimmy Ó Coistín, a bhean chéile Margaret, a bhásaigh cúpla bliain ó shin, trócaire uirthi, agus a gclann iníon a chonaic mé cuid mhaith den rása 50k ansiúd – an lá níos teo fós ná a bhí sé in Sydney.
Bhí go leor nár chríochnaigh beag ná mór ach níorbh é sin dár laoch a bhí roinnt nóiméad níos tapúla ná a bhí sé san Astráil ocht mbliana roimhe sin.
Bhí sé i bhfad róthe agus róluath sa lá le dul ag ól ach nuair a bhí muid ag imeacht óna chéile chuir Jimmy lámh ina phóca agus tharraing amach buidéilín naigín a raibh Sínis ar a lipéad gur shín chugam é.
“Ná blais dó sin go dtiocfaidh an oíche anocht mar tá sé láidir,” a dúirt sé.
Lán spúnóige a bhain mé as agus rinne an dream a bhí i mo chomhluadar an rud céanna. Ba é an rud ba ghaire den phoitín é dár bhlais aon duine againn dó riamh!
Fág freagra ar 'An gaiscíoch Gaeltachta ba chróga, ba cheanntréine agus ba láidre acu ar fad'