‘An Gael Galánta’ a bhí ‘chomh maith chun amhráin le John McCormack agus chomh maith chun doirne le Jack Dempsey’

Faoi dheireadh, chun drabhláis agus chun donais a chuaigh saol Jack Doyle, go fiú gur chaith sé tamaill i bpríosún

‘An Gael Galánta’ a bhí ‘chomh maith chun amhráin le John McCormack agus chomh maith chun doirne le Jack Dempsey’

Murar sa dara ceathrú den chéad seo caite a tháinig tú ar an saol níl ann ach seans gur chuala tú mórán tráchta ar Jack Doyle. Cuirfidh sé iontas ort mar sin a chloisteáil go bhfuil Comhairle Baile an Chóibh i gCorcaigh le dealbh de a chur ina sheasamh i gCearnóg na bPiarsach ansiúd sula mbeidh an bhliain seo caite.

Ba ansiúd a rugadh Doyle i 1913.

Tiocfaidh laghdú ar an iontas sin nuair a déarfas mé leat go raibh 70,000 i láthair nuair a throid sé sa White City Arena i Londain in aois a 19 bliain, gur mhinic Palladium na cathrach sin agus an Theatre Royal i mBleá Cliath ag dul thar maoil lena raibh ag iarraidh é a chloisteáil ag gabháil fhoinn agus go raibh páirteanna aige i scannáin de chuid Hollywood.

Nuair a phós Jack an t-aisteoir Movita i 1939 thuill an bhainis oiread poiblíochta agus a rinne an ceann inar phós David Beckham agus mo chailín a chéile scór bliain ó shin. D’fhágfadh sé an bhainis ríoga údaí a bhí ann an lá faoi dheireadh in áit na leithphingine. Nuair a d’fhág Movita é ba ag Marlon Brando a bhí sí meallta. Sin an cineál comhluadair a choinnigh Doyle.

Le cúnamh Dé beidh deireadh níos fearr ar scéalta na lánúineacha eile atá luaite agam ná a bhí ar cheann Jack a bhásaigh i dteach lóistín i dTuaiscirt Londain i 1978 agus gan oiread ina phóca agus a dhéanfadh torann ar leic. In uaigh an bhochtáin a bheadh sé curtha murach gur bhailigh Cumann Iardhornálaithe Chorcaí oiread airgid agus a thug a chorp abhaile nuair a chuala siad an scéal.

Beidh barúil agat cén fáth gur amhlaidh a tharla nuair a déarfas mé leat go raibh sé ráite go mba i dteach an óil seachas ag traenáil a chaith Doyle formhór an ama sular thug sé dúshlán sheaimpín trom-mheáchain na Breataine Jack Petersen sa troid sin i 1933 agus ina dhiaidh sin agus é i Meiriceá gur thairg úinéir an chomhlachta gluaisteán Dodge $50,000 do Doyle ach fanacht glan ar iníon dá chuid a bhí craiceáilte ina dhiaidh – chomh craiceáilte sin agus go raibh sí ag iarraidh é a phósadh. Thug Judith Allen, aisteoir eile a bhí pósta le Doyle ag an am cás cúirte i gcoinne Delphine Dodge-Godde ag éileamh $2 mhilliún.

Níorbh iad Delphine, Judith ná Movita amháin a leag súil ar an gCorcaíoch.

Bhí Jack Doyle 6’ 4” ar airde,  déanta dá réir agus é thar a bheith slachtmhar. ‘An Gael Galánta’ nó ‘The Gorgeous Gael’ an leasainm a bhíodh air.

Bhí an-amhrán aige – chomh maith sin agus go raibh an traenálaí gutha a bhí ag Count John McCormack sásta oiliúint a chur air.

Ba é an rud a chinn ar an ngobadán féin is dócha fód a aimhleasa. Ba ghearr gur thuig Doyle go raibh saol agus airgead níos éasca le baint as an amhránaíocht agus as an scannánaíocht ná a bhí as a bheith ag cur allais sa giomnáisiam agus ag cur a ghéill i mbaol a bhriste.

Dá bharr ba dhílse é don stáitse ná don chró. Ar feadh tamaill fiú rinne sé iarracht mhaith an dá chosán a leanacht. ‘He can sing like John McCormack and box like Jack Dempsey’ a bhí ar cheann de na manaí a cheap lucht na poiblíochta dó.

Chaith Doyle oiread ama sna Státaí agus a chaith sé i Sasana. Sa mbliain 1935 throid sé Buddy Baer i Madison Square Garden – ba é a dheartháir siúd, Max, seaimpín an domhain agus faoi dhó ina dhiaidh throid Buddy agus Joe Louis a chéile. Mar a dhéanfadh fear seó chroith Jack a lámh ar a bhean chéile nuair a buaileadh an clog, rud a thug seans do Baer lasc a thabhairt dó agus chuir an réiteoir deireadh leis an gcoimhlint agus gan babhta amháin féin caite.

‘They got it wrong,’ a dúirt fear amháin a bhí sa lucht féachana, “He sings like Dempsey and boxes like McCormack.”

Chun drabhláis agus chun donais faraor a chuaigh saol Jack Doyle ina dhiaidh sin, go fiú gur chaith sé tamallacha i bpríosún as a bheith achrannach ar a chuid óil agus as seiceanna a shóinseáil agus gan aon airgead sa mbanc lena n-íoc.  Bhuail sé tóin poill nuair a tugadh os comhair cúirte é as píosa beag cáise a ghoid as siopa sna 1960idí.

I gcaitheamh an ama sin ní raibh de theacht isteach aige ach allúntas beag a bhí leagtha amach dó ag Movita.

Is i gcuimhne ar Jack Doyle a chum Jimmy McCarthy ceann de na hamhráin is ansa liom, ceann chomh brónach sin agus gur minic leis deoir a chur le mo shúil. ‘The Contender’ is teideal dó agus murar chuala tú riamh é molaim go hard go dtiocfá ar a thóir.

Ní thabharfaidh mé duit ach an chéad dhá cheathrú. Faigh tú féin an chuid eile.

“When I was young and I was in my day,  Sure I’d steal what woman’s heart there was away,

And I’d sing into the dawning,

Song a’ blazing to the morning,
Long before I was the man you see today .

I was born beneath the star that promised all,
I could have lived my life between Cork, Cobh and Youghal,
But the Wheel of Fortune took me from the highest point it shook me,
By the bottle live by the bottle I will fall.’

Fág freagra ar '‘An Gael Galánta’ a bhí ‘chomh maith chun amhráin le John McCormack agus chomh maith chun doirne le Jack Dempsey’'

  • Ciarán

    An-spéisiúil.

    Bheadh sé go hiontach an t-alt sin a chur ar an Vicipéid:

    https://en.wikipedia.org/wiki/Jack_Doyle

  • Maistín

    Bhuail mé le Jack Doyle in óstán an ‘Country Club’ i gCorcaigh. Bhì gig aige ann an oìche sin ag canadh. Na súile a scéigh an ranncás agus an ragairne a raibh scrios á ndéanamh acu ar a shaol agus cuma na haoise ag teacht ró-óg air. Bhí sé chomh díreach le gáinne agus cuma umhal air bíodh go raibh clú is cáil air agus é i lár an aonaigh. É dea-ghléasta in éadaí smolchaite agus gan aon mhéirscre ná marc ar a aghaidh. Bhí a aire dírithe go hiomlán ar an ndigh a bhí ina dhóid aige ar shon is go raibh na mná ina gcoda beaga timpeall air. Lapaí ollmhóra an fhathaigh aige; duine mín mánla galánta ciùin ina iompar. É ag imeacht ceann le fána agus a fhios aige é. Níor mhair sé ach bliain go leith eile ina dhia’ sin.