An Gaeilgeoir a bhunaigh Old Moore’s Almanac…

An buille faoi thuairim a thugtar faoi imeachtaí na bliana nua is mó a mheallann léitheoirí Old Moore’s Almanac

An Gaeilgeoir a bhunaigh Old Moore’s Almanac…

Tá sé de bheith orm go gcoinním súil ar Old Moore’s Almanac chuile bhliain, sin cé nach gcreidim na tairngreachtaí a bhíonn ann faoi mbliain atá le teacht.

Breathnaím ar cholún na réaltaí sna hirisí ó chaithfeas mé an fhírinne a inseacht. Breathnaíonn agus déanaim staidéar ar gheáitsí an chait agus ar bhealaí na n-éan le meabhair a bhaint as an aimsir.

Tá sé sin sách dona ach níl mé chomh dona fós leis an bhfear a scrúdaíodh colún na marbh i nuachtán go bhfeicfeadh sé ar cailleadh é féin!

Caithfidh tú a rá go raibh agus go bhfuil neart daoine saonta sa tír nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil Old Moore’s Almanac á fhoilsiú ó bhunaigh an Gaeilgeoir as Contae Uíbh Fhailí, Theophilus Moore, é sa mbliain 1764.

Fear a bhí ansiúd a mhúineadh Gaeilge, Gréigis, Laidin agus réalteolaíocht in acadamh clasaiceach a bhí aige i mBaile an Mhuilinn nach raibh ann ach baile beag in aice Bhaile Átha Cliath an uair sin.

Ar dhuine de na daoine a chaith tréimhse san acadamh aige bhí an file Thomas Moore. Bhí gaol aige féin agus ag Theophilus le chéile.

Athrú mór atá tagtha ar an almanag in imeacht na blianta gur eolas ar mharglanna seachas ar aontaí a bhíonn ann anois. Ach níor tháinig aon athrú ar theacht agus ar imeacht na taoille agus bíonn tuairisc fúithi sin ann agus faoi cheathrúna na gealaí.

Ach sé an buille faoi thuairim a thugtar faoi imeachtaí na bliana nua is mó a mheallann léitheoirí. Bheadh sé suimiúil a fháil amach cá mhéad den 47,000 duine a cheannaíonn an almanag a chreideann gach a léann siad.

Caithfear a admháil go mbíonn an tuar a dhéanann siad scaití ceart. Dúirt siad anuraidh, mar shampla, nach n-éireodh le Donald Trump i dtoghchán na huachtaránachta agus nach go réidh a d’fhágfadh sé an oifig.

Thuig siad gur ag Comhaontas Glas a bheadh cothromaíocht na cumhachta sa rialtas nua.

Ach bíonn siad thar a bheith mícheart freisin go minic. Dúirt siad gurb iad foireann Chiarraí a thabharfadh leo craobh na hÉireann sa bpeil.

Mheas siad go n-eiseachadfaí Julian Assange go dtí na Stáit Aontaithe. Níor tharla sé fós, cé go bhfuil sé ag dul an-ghar dhó anois.

Bhí siad cinnte go bpósfadh Miley Cyrus agus Cody Simpson. Níor phós agus más liom a bheith ionraic faoi is cuma liom pósta nó scaoilte iad.

Tá creidiúint mhór amháin ag dul dhóibh agus is é sin gur chuir siad fainic orainn anuraidh go raibh víreas neamhghnách ar an mbealach.

Anois, a déarfas lucht an chreidimh mhóir leat, nach mbíonn an ceart ag Old Moore’s Almanac?

Ach is é tuar na bliana seo chugainn is cás linn anois.

An dea-scéala is mó atá acu go bhfuil faoiseamh i ndán dúinn ón víreas agus go mbeidh cúrsaí i gceart aríst faoi dheireadh an tsamhraidh.

Déanfar iarracht Micheál Martin a chur as ceannaireacht Fhianna Fáil, a deir siad.

Tiocfaidh scaladh gréine agus triomach in Éirinn sa mBealtaine nó sa Mheitheamh, dar leo, ach beidh stoirmeacha ar fud na hEorpa sa ngeimhreadh.

Cé a déarfadh nach bhfuil cosúlacht na fírinne ar chuid den réamheolas sin?

Fág freagra ar 'An Gaeilgeoir a bhunaigh Old Moore’s Almanac…'