An fuathaitheoir ban a bhí i Máire Mhac na tSaoi?

An gcaithfidh gach file, gach criticeoir a bheith ina fheimineach? Gach jacaí? Gach Pápa?

An fuathaitheoir ban a bhí i Máire Mhac na tSaoi?

San eagrán reatha den iris Poetry Ireland Review (Uimh.136) tá ómós don fhile Máire Mhac an tSaoi, beannacht Dé léi. Is iad na filí Gaeilge a bhfuil dánta acu ann in ómós di ná Louis de Paor, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Biddy Jenkinson, Stiofán Ó hIfearnáin, Cathal Ó Searcaigh, Nuala Ní Dhomhnaill, Caitríona Ní Chleirchín, Pádraig de Bhál agus mé féin. Is í Aifric Mac Aodha eagarthóir Gaeilge na hirise. 

Tá aiste ann i mBéarla ag Bríona Nic Dhiarmada a bhainfidh preab as daoine áirithe. Go hachomair, cuirtear i leith Mháire go raibh sí ina fuathaitheoir ban.  Ceist: Cén fáth a mbeadh Máire frithbhanda?  

Fuath ban de shaghas ar leith a bhí ag Máire don bhantracht, dar le Bríona, ‘a form of misogyny felt by many highly able and intelligent women of her generation who suffered prejudice and discrimination because they were women . . . who lacked the political insights of contemporary feminism with its critique of patriarchy  . . . 

An fíor sin, áfach? Seans maith gur thuig Máire Mhac an tSaoi go maith cad is feimineachas ann (cén fáth nach dtuigfeadh?) ach nach raibh aon fhonn uirthi ionsaí a dhéanamh ar fhearaibh. Go deimhin, ar lch 788 den duanaire Cnámh agus Smior/ Bone and Marrow (Wake Forest University Press, 2022) deirtear go raibh ‘fuath a comhfhilí ar mhná á chur ó dhoras aici, sa dán ‘Cad is Bean?’. Tá níos mó ná léamh amháin ar an dán sin, is cosúil. 

Tá an duanaire sin Cnámh agus Smiorcáinte agam ar chúiseanna eile: 

Seans maith gur thuig Máire go maith cad is feimineachas agus patrarcacht ann ach nár theastaigh uaithi go dtarraingeofaí síos an bóthar áirithe sin í – ná bóthar idé-eolaíochta ar bith – mar nach ceart go mbeadh file ar bith róghafa le haon ní seachas ilmhistéirí na filíochta féin. Bhí comhrá fada agam léi mar gheall air sin uair amháin. 

An bhfuil sé éigeantach anois go mbeimis ar fad inár bhfeiminigh? An gcaithfidh gach file, gach criticeoir a bheith ina fheimineach? Gach jacaí? Gach Pápa? 

Bhí grá ag Máire Mhac an tSaoi d’fhearaibh. Cén fáth a liostálfadh sí i gcrosáid ina n-aghaidh mar a dhéanfadh óinseach! Is cuimhin liom nuair a casadh Máire orm i nDún Chaoin, lá, agus Conor Cruise ina teannta. Chur sí in aithne dhom é láithreach. Ba léir go raibh sí bródúil as agus fíorcheanúil air. Chuimhníos air sin nuair a scríobhas dán ómóis di d’Iris Éigse Éireann: 

Conchúr agus Máire 

Is cuimhin liom, a Mháire, 

Nuair a chuiris Conchúr in aithne dhom 

(I nDún Chaoin a bhíomar): 

Conas tánn tú, ar seisean. 

 

Mheasas go raibh sé á chleachtadh le fada! 

Rófhada. 

Conas tánn tú – bhí sé aige, nach mór – 

Agus bheadh, dá dtógfadh sé go réidh é 

Ach bhí sé leath-thachta ag an diabhal conas tánn tú sin. 

 

D’fhan na focail ar foluain eadrainn 

Mar bhultúir 

A bhí ar tí duine againn a shlogadh. 

Conas tánn tú. 

Ar aon nós  . . . 

 

Ní rabhas in ann é a fhreagairt. 

Is ceist í nach bhfuilim in ann a fhreagairt. 

Conas tánn tú? N’fheadar. 

Cuibheasach gan a bheith maíteach? 

Ag stracadh liom? 

Dhera, tá’s agat féin . . . 

 

Thosnaíos ag portaireacht faoi rún: 

“Táimse ‘gus Máire go sásta inár n-aigne, 

Ó nascadh i bpáirt sinn ag an altóir ró-bheannaithe, 

Thug sise grá thar cairde ‘gus fearaibh dhom, 

Thógas ar láimh í ‘s go brách brách ní scarfaimid. 

 

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam, 

Rex-fol-dí-ó . . .” 

 

Conas tánn tú. 

Táim i bhfad Éireann níos fearr  

Ag freagairt ceisteanna ginearálta 

Nó ceisteanna faoin litríocht cuir i gcás. 

(Bhíothas á thuar uair amháin go raghainn le Béarla). 

Mar shampla: 

Cé dó an tagairt seo san Athenae: 

 

    ”This poet and preacher  

     being towards his latter end crazed,  

     and thereupon brought into debt,  

     was at length committed to the prison  

     in Allhallows parish . . .” 

 

Aon tuairim agat, a Chonchúir? 

A Mháire? 

Freagra: An tOirmhinneach Thomas Bastard. 

 

Bhuel, ar aon nós  . . . 

Conas tánn tú, a Chonchúir? 

Conas tá tusa, a Mháire? 

Fág freagra ar 'An fuathaitheoir ban a bhí i Máire Mhac na tSaoi?'

  • Neil Tarrant

    Ceart agat, an bhéim ar ealaíontóirí a chuir i mboscaí agus tic a chuir in aice leo.. lig dóibh dul ó bhláth go bláth agus beidh neart bláthanna de gach saghas againn ansin..

  • Brenda Ni Shuilleabhain

    Bhí cumas fuatha i Máire Mhac a’ tSaoi, níl aon bhaol ná go raibh. Is é an fuath tuathal an ghrá. Ní shéanfadh éinne a cumas grá; cad ‘na thaobh ná beadh an fuath ann? Tiarnaí talún, mo chuimhne féin ar ábhar dár thug sí fuath. “Cuireadh as seilbh trí n-uaire sinn,” a dúirt sí, ag caint ar na Brúnaigh. Ní bheadh puinn foighne aici le baothchaint, ach ní thabharfainn fuath air sin. Fuath do mhná? Mar ghrúpa? Aon duine a chasfadh é sin le Máire Mhac a’ tSaoi, is beag é a h-aithne uirthi. Bhí a h-aigne ró-leathan agus a tuiscint ró-dhomhain chun spídiúlachta.

  • F. Brady

    Who cares? Filí Gaeilge i bhfad níos cumhachtaí i mbun pinn sa lá atá inniu ann agus déantar neamhaird orthu. Colette Ní Ghallchóir mar shampla. Gan trácht ar na fir a bhfuil neamhaird á dhéanamh orthu.

  • Ciarán Ó Coigligh

    Scríobh mise chuig an Dr Máire Mhac an tSaoi babhta ag iarraidh eolais i dtaobh cló-scríbhinne a dtáinig mé ina seilbh. Ba éard a bhí sa gcló-scríbhinn chéanna riar caibidlí as an Odaisé agus iad tiontaithe go paiteanta go Gaelainn na Mumhan. Bhí barúil agam go mb’fhéidir go mba é deartháir mháthair Mháire an tAthair Pádraig de Brún an tiontaitheoir agus ba é mo mhian go ndearbhódh nó go séanfadh Máire go raibh sé sin amhlaidh agus go mba leis an mBrúnach an pheannaireacht álainn lámh-scríofa a bhí breactha thall is abhus ar an gcló-scríbhinn.

    Fuair mé freagra dearfach le casadh an phosta. Chuir mé féin, mo bhean agus mo chuid gasúr aithne ar Mháire de réir a chéile. Thagadh sí ar cuairt scaití agus thug na gasúir ar cuairt go Garraí na nAinmhithe babhta amháin ar a laghad as a stuaim féin.

    Bhí sé de chineáltas i Máire brollach a scríobh don leagan den Odaisé a réitigh mise agus a d’fhoilsigh Coiscéim. Siod é an deireadh a chuir sí leis:
    ‘Séideann an ghaoth ar a mbíonn a héirim…’ (Eoin, caib. 3, v. 8). Tá eachtraithe ag fear
    eagair an leabhair seo, ag Ciarán Ó Coigligh, ar an scailp neamhshuime agus faillí faoinar
    chlaochlaigh loinnir an tsaothair seo le blianta fada. Tréas na bhfaisean agus leisciúlacht an
    ainmhí duine faoi ndear a ligint go hiomlán i ndearmad go dtí gur dhírigh an chinniúint
    súil ghéárchúisceach Chiaráin ar an dtéács agus gur aithin sé a thábhacht. Tá moladh
    nach beag ag dul dó as dhíograis agus éifeacht na hiarrachta a rinne i dtreo go leighisfí gan
    mholl neamhaistear agus neamhchúram na mblian. Guím an t-aitheantas is dual dó ar a
    dhúthrachat, agus maidir liom féin de, téann díom an insint is dual dom’ bhuíochas a
    dhéanamh air. Guím gach rath ar an iarracht, agus is eol dom go bhfuil fós ar fud na tíre
    slua de chairde agus de dhaltaí ‘Shagart na Cille’ a chuirfidh áiméan leis an nguí. Máire
    Mhac an tSaoi.
    Blianta ina dhiaidh sin, d’iarr Máire agus a fear Conchúr Crúsach Ó Briain, d’iarr siad orm-sa an tiontú a bhí déanta ag an Athair Pádraig de Brún ar an gCoiméide Dhiaga le Dainte a chuir in eagar lena fhoilsiú. Rinne mé é sin le fonn. D’iarr mé ar Mháire brollach a scríobh don tsaothar agus go deimhin féin, bhain an brollach cumasach fileata a scríobh sí stangadh asam. Siod é i mo dhiaidh an dán fíor-shuntasach:

    Dilchuimhne agus Buíochas

    Go barr-thuisleach leanaim rian na reann;
    Airím uaim ceol do ghlórtha, do theolaíocht c’leachtan.
    Ní fiú mé aithne an Chruthaitheora;
    I dtaobh dom fós le cuimhne A chréatúra.

    A oide mo mhúinte, fé oibleagáid ‘ár mbeirt dúinn
    Don té sin ‘ ghlan an smúit de lorg do láimhe
    Is ‘ shaothraigh go coinníollach gort do bhréithre,
    Ionas go siúlann Dainté agus Virgil
    Is a stáidbhean Biatrais ar bharr na haille
    i nDuibhneachaibh, is insa Ghaillimh
    I hallaí an léinn, de réir do mhéine.

    Ní foláir nó is toi le Dia fad saoil don nGaolainn,
    Agus gur aimsigh duitse do dhíol oidhre,
    Agus gur fhéach san chuige nár dhíomhaoin dod’ dhúthracht:
    Comaoi do chuir Ciarán ar lucht do pháirte
    Agus ar shaíocht an dúchais – tuar chun séin.
    Máire Mac an tSaoi, Nollaig 1996.

    Ní h-eolas dom-sa file Gaeilge ar bith a bhfuil aon ghair aige ar Mháire Mhac an tSaoi i dtaobh feabhas Gaeilge, bíodh sé ina fhear nó ina bhean. Is é a fhearacht chéanna i dtaobh an phróis é.

    Níor iarradh orm-sa rud ar bith a scríobh in ómós do mo charaid Máire Mhac an tSaoi lena fhoilsiú in Poetry Ireland Review (Uimh.136). Dá n-iarrtaí seans go scríofainn dán acrastach agus b’fhéidir go scríofainn ceann fós. Ba mhaith í Máire Mhac an tSaoi lena linn i dtaobh filíochta agus próis. Ba mhaith é a fear Conchúr Crúsach Ó Briain freisin i dtaobh litríochta agus polaitíochta. Is é an trua nach maireann siad ná mórán atá ar aon chéim feabhais leo.

  • Pádraig O'hEipicín

    Cad is brí leis an focal, Jacaí.