An freasúra ag iarraidh ar an Aire Oideachais athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh faoi Ghaeilge na hArdteiste

Agus a cinneadh Páipéar a hAon na Gaeilge agus an Bhéarla a bhogadh á chosaint aici, dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go raibh na pleananna bunaithe ar aiseolas a bhí faighte ó scoláirí agus ó thuismitheoirí faoin strus a bhain leis na scrúduithe

An freasúra ag iarraidh ar an Aire Oideachais athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh faoi Ghaeilge na hArdteiste

Tá ráite ag páirtithe an fhreasúra gur gá don Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh cuid de scrúduithe Gaeilge agus Béarla na hArdteiste a bhogadh go dtí an cúigiú bliain.

Dúirt an Teachta Dála Aodhán Ó Ríordáin, urlabhraí oideachais Pháirtí an Lucht Oibre, le Tuairisc go raibh sé ag tacú le héileamh Chonradh na Gaeilge gur cheart don Aire Oideachais Norma Foley dul siar ar an gcinneadh a d’fhógair sí mí an Mhárta.

Dúirt urlabhraí oideachais Shinn Féin, an Teachta Dála Donnchadh Ó Laoghaire, gur gá don Aire tuilleadh plé a dhéanamh faoin gceist leis an gConradh agus le saineolaithe oideachais.

Rinne eagraíochtaí teanga agus oideachais cáineadh an tseachtain seo ar chinneadh an Aire Foley Páipéar a hAon de scrúdú Gaeilge na hArdteiste a bhogadh in ainneoin go raibh imní mhór ar státseirbhísigh faoin bplean.

Dúirt urlabhraí oideachais Shinn Féin, Donnchadh Ó Laoghaire, go raibh “ciall áirithe” leis an bplean ach go gcaithfí é a scrúdú tuilleadh.

“Tá ciall áirithe leis go mbeadh cuid den mheasúnú don Ardteist sa chúigiú bliain. Ní hamháin sa Ghaeilge, ach i ngach ábhar,” a dúirt an Teachta Ó Laoghaire le Tuairisc.

“Ach ní gá go gciallódh sin go mbogfaí Páipéar 1 ina iomláine faoi mar atá. D’iarrfainn ar an Aire plé a dhéanamh leis na heagraíochtaí, Conradh na Gaeilge agus saineolaithe ina measc, ar an gcur chuige is fearr chun brú a laghdú [ar dhaltaí], ach le struchtúr atá ciallmhar.”

Tá cinneadh an Aire Foley struchtúr na hArdteiste a athrú i mbéal an phobail arís an tseachtain seo ó tháinig sé chun solais go raibh oifigigh ina Roinn, i gCoimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) agus sa Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)  den tuairim go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ag a leithéid d’oideachas na ndaltaí.

Léirigh cáipéisí a fuair Conradh na Gaeilge faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur chuir Príomh-Chigire na Roinne Oideachais an moladh go ndéanfaí cuid den Ardteist ag deireadh an chúigiú bliain i láthair mar ‘easy win’ a d’fhéadfadh an tAire a fhógairt mar chuid den athbhreithniú ar an tsraith shinsearach.

Bhí an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly ar dhuine eile díobh siúd a cháin cinneadh an Aire Foley. Dúirt Catherine Connolly ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gur léir nach raibh “bunús oideachasúil ar bith” ag baint leis an gcinneadh agus go raibh an chuma ar an scéal gurb éard a bhí i gceist ná scéal dearfach a thabhairt don Aire chun go mbeidh sise in ann a rá go bhfuil an strus á laghdú acu ar na scoláirí…”

Agus í ag cosaint a cinnidh an tseachtain seo, dúirt an tAire Oideachais go raibh na pleananna bunaithe ar aiseolas a bhí faighte ó scoláirí agus ó thuismitheoirí faoin strus a bhain leis na scrúduithe a dhéanamh in achar cúpla seachtain.

“Glacadh go hiomlán leis le blianta fada anuas gur gá an tsraith shinsearach a leasú,” a dúirt an tAire Foley ar Newstalk.

Dúirt an tAire go ndéanfaí leagan amach Pháipéar a hAon sa Ghaeilge agus sa Bhéarla a athrú agus go gcuirfí san áireamh fadhbanna a bhí ag déanamh imní do dhaoine.

Tá Gaeloideachas, Gael Linn, An Gréasán agus Aontas Múinteoirí Éireann i measc na n-eagraíochtaí a léirigh imní faoin bplean an tseachtain seo.

Dúirt Gaeloideachas agus Gael Linn le Tuairisc go raibh siad i bhfabhar athruithe a dhéanamh ar an Ardteist ach nach athrú fiúntach a bheadh ann Páipéar a hAon sa scrúdú Gaeilge a dhéanamh ag deireadh an chúigiú bliain.

Deir Gaeloideachas gur “tubaiste” a bheadh san athrú ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge mar theanga sa chóras scolaíochta agus ar bhonn níos leithne agus deir siad nach bhfuil eolas ná míniú tugtha ag an Roinn faoin mbunús eolaíoch ná oideachasúil a bhaineann leis an leasú seo.

Fág freagra ar 'An freasúra ag iarraidh ar an Aire Oideachais athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh faoi Ghaeilge na hArdteiste'

  • Bríd

    Neamhaird iomlán ar fholláine agus ar mheabhar shláinte déagóirí ag na heagraíochtaí atá luaite thuas. Is léir nach bhfuil pioc machnaimh déanta acu air seo. Ní luann oiread agus Eagraíocht amháin acu an duine óg agus nach cuma ach go bhfuileadar féinig sna meáin aríst…..ceap magaidh atá ann ag an bpointe seo go bhfuil saineolaithe? teanga ag nochtadh tuairimí faoin ábhar agus neamhaird á dhéanamh acu ar fholláine an duine óig. Níor mhiste do Tuairisc.ie iarracht níos fónta a dhéanamh agus gan na saineolaithe? céanna a bheith ina gcuid colúin acu de shíor. Tá saineolaithe teanga sa chóras scoile, labhraigí leo agus faighigí tuairimí an dream óg chomh maith. Sin iriseoireacht.