An focal scríofa agus an saol mar atá

Gan siollabas ar leith Gaeilge ag an meánleibhéal don Ghaeilgeoir líofa agus pointí breise ar fáil mar spreagadh le tabhairt faoi, is deacair a shamhlú go mbeidh dóthain díobh ann le litríocht scríofa de chineál ar bith a chothú.

Lisin_FutaFata-4878

Blianta ó shin, agus mé ag obair le RTÉ, is cuimhin liom bheith ag cruinniú le lucht na hardbhainistíochta ann le todhchaí lucht na gclár teilifíse Gaeilge a phlé: bhí T na G, mar a tugadh an uair sin air, ar tí teacht ar an bhfód.

Is cuimhin liom ceist a tharraingt anuas faoin imeallú a bhí déanta ar an nGaeilge ar RTÉ Raidió a hAon de réir mar a tháinig fás ar uaireanta craolta Raidió na Gaeltachta sna naochaidí.

I lár na n-ochtóidí, bhí seirbhís leathan Gaeilge agus dátheangach le cloisteáil ar Raidió a hAon – Na Ceithre hAirde le Máire Nic Gearailt, cuir i gcás, clár dátheangach a chraoltaí thart ar an am a mbíonn Derek Mooney le cloisteáil na laethanta seo.

An raibh baol ann go dtarlódh a leithéid d’imeallú i gcás teilifís RTÉ le teacht T na G, a d’fhiafraigh mé?

Ní raibh baol ar bith ann, dar le Liam Miller, Stiúrthóir na gClár Teilifíse in RTÉ ag an am. Ach is é sin a tharla.

Is é sin a tharla chomh maith don litearthacht Ghaeilge, sílim, de réir mar a tháinig borradh faoi na Gaelscoileanna ó na hochtóidí i leith.

Earnáil mór go maith í an Ghaelscolaíocht faoin tráth seo i gcóras na Poblachta – is ionann í agus 15% nó mar sin den daonra scoile, idir na Gaelscoileanna per se agus scoileanna na Gaeltachta.

Tá dul chun cinn déanta ó thuaidh chomh maith aici. Ábhar dóchais, shílfeá. Ach níl aitheantas ar leith ag an déagóir líofa i gcomhthéacs scrúduithe Stáit ag an meánleibhéal.

Tá an scrúdú céanna Gaeilge á dhéanamh ag cainteoir dúchais Gaeilge Inis Meáin agus cainteoir dúchais Béarla Inis Chórthaidh nár sheas i nGaelscoil riamh lena shaol.

Fágann sé sin nach bhfuil mórán tacaíochta ag an litearthacht Ghaeilge ón gcóras Stáit ag an meánleibhéal. Tá múinteoirí aonair ann a bhfuil scoth na hoibre ar siúl acu, ach níl an córas trí chéile ag féachaint le saibhriú a dhéanamh ar Ghaeilge na n-óg agus níl litríocht na teanga á cur i láthair dóibh ag leibhéal atá domhain go leor.

An rud is measa faoin gcás ná gur buntáiste don Ghaeilgeoir líofa an siollabas a bheith chomh tanaí is atá. Ní gaisce mór grád A1 a bhaint amach sa nGaeilge nuair is fearr an greim atá ag an déagóir ar an teanga ná an té atá ag cur scrúdú cainte air. Agus tarlaíonn a leithéid go tráthrialta, anseo i gConamara ar aon nós.

D’fhreastail mé féin ar bhunscoil agus ar mheánscoil lán-Bhéarla i nGalltacht Chontae Mhaigh Eo sna seachtóidí. Béarla atá ag mo mhuintir.

Mar sin féin, bliain na hArdteiste, bhí dóthain Gaeilge tugtha liom agam ón scoil le húrscéal Mhaigh Eo, ‘L’Attaque’ le hEoghan Ó Tuairisc a léamh ar mhaithe le pléisiúr.

Tá neacht liom ag tabhairt faoin Ardteist i mbliana sa meánscoil chéanna i gCoillte Mach. Bheadh deacracht aici úrscéal Gaeilge a léamh mar go bhfuil an caighdeán teanga a bhaineann daltaí Ardteiste amach na laethanta seo creimthe go mór le tríocha bliain anuas.

Ach tá an t-aos óg ag léamh, mar sin féin. Tá an déaglitríocht sa mBéarla ar cheann de na gnéithe is láidre agus is rathúla de thionscal idirnáisiúnta na foilsitheoireachta.

Ar fud na cruinne an deireadh seachtaine seo, beidh na milliún daoine óga ag freastal ar oscailt an tríú scannán sa tsraith Hunger Games. Beidh na leabhair léite go hamplach ag cuid mhaith acu.

Sin é an brú eile, ar ndóigh, atá ar an litearthacht agus ar an litríocht Ghaeilge – is in iomaíocht leis an teanga is treise a bhí riamh ann i stair an chine dhaonna atá sí.

An rud is fearr ar fad is féidir bheith ag súil leis ná go mbainfeadh an léitheoireacht Ghaeilge stádas áirithe amach mar spéis thánaisteach.

Ní bheidh Tuairisc.ie chomh huileghabhálach go deo leis an Huffington Post, ach mar ábhar tánaisteach, éireoidh leis cos a chur i dtaca.

Ach is deacra léitheoirí a mhealladh i dtreo na leabhar ná seirbhís nuachta ar líne.

Beidh roinnt de lucht na gruaige léithe agus lucht na gruaige buidéal-daite ag léamh leabhar Gaeilge go ceann píosa maith eile, ach nuair nach bhfuil an litearthacht á cothú mar scil sna meánscoileanna – fiú sna Gaelscoileanna nó sna scoileanna Gaeltachta, mar go dtugann an córas le fios nach fiú í mar scil, cé as a dtiocfaidh na léitheoirí agus na scríbhneoirí le traidisiún na litríochta Gaeilge a choinneáil ag imeacht?

Gan siollabas ar leith Gaeilge ag an meánleibhéal don Ghaeilgeoir líofa agus pointí breise ar fáil mar spreagadh le tabhairt faoi, is deacair a shamhlú go mbeidh dóthain díobh ann le litríocht scríofa de chineál ar bith a chothú.

Fág freagra ar 'An focal scríofa agus an saol mar atá'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Aontaoim leat a Thadhg, leis an beag is fiú seo ar fad don Ghaeilge sa choras oideachais ní bheidh fágtha ach Gaeilge na gColúr.

    Gan béim agus tuiscint ar an litríocht ní bheidh aon saibhreas fágtha sa teanga a labhrann na daoine.

    Ar an drochuair sé meon an Rialtas seo agus an Roinn Éadóchas ná, muna féidir cúrsaí a bhisiú ní mór fail réidh leo.

    Ní mór oideachas na Gaeilge a thogaint ó thioncar an Roinn Oideachais “for whom Irish isn’t half dead enough” agus eagraíocht speisialta a bhunú a bheidh ag deileáil le cúrsaí scrúdaithe, san earnáil ghaeilge ach go háraithe, agus sna gaelscoileanna freisean. Bheadh an Eagraíocht seo ag deileáil le cúrsaí oideachas d`ábhar oidí múinteoireachta comh mhaith.

  • Philip

    Tá scrúdú faoi leith ann ag GCSE sa Tuaisceart do dhaltaí Gaelscoileanna. GCSE Gaeilge atá air, agus ní ionann é agus GCSE Irish, atá dírithe ar dhaltaí i scoileanna Béarla.

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Ní mór do lucht na gaelscolaíochta, idir mhúinteoirí agus thuismitheoirí, níos mó machnaimh a dhéanamh ar an fhís atá acu. Cén mhaith Gaeilge a thabhairt do na daoine óga mura spreagtar an léitheoireacht, mura bhfuil aon taitneamh á bhaint as léamh na teanga, mura bhfuil an teanga á saothrú mar mheán litríochta agus díospóireachta? Tá fíoreaspa ideolaíochta i gcuid mhór de na gaelscoileanna agus tá sé deacair a dhéanamh amach cén fáth go bhfuil siad ann.