An focal ‘Rizz’ roghnaithe ag foilsitheoirí Fhoclóir Béarla Oxford  mar fhocal na Bliana

Meán Fómhair 2023 phléamar sa tsraith Gaelingo ar Tuairisc cén chiall a bhí leis an 'rizz' seo agus cén Ghaeilge a chuirfeá air…

An focal ‘Rizz’ roghnaithe ag foilsitheoirí Fhoclóir Béarla Oxford  mar fhocal na Bliana

Tá focal Béarla na bliana roghnaithe ag foilsitheoirí Fhoclóir Béarla Oxford, an Oxford University Press, focal a bhfuil an-tóir ag Glúin Z air.

Seo glúin a thug an t-idirlíon ón mbroinn leo agus a shantaíonn scáthán na meán sóisialta ar a saol féin agus saol na cruinne.

Meán Fómhair 2023 a mhínigh Ciara Cox as an Spidéal dúinn anseo cén chiall a bhí leis an ‘rizz’ seo.

Tá mealladh sa duine a bhfuil an rizz seo aige nó aici agus bíonn dáimh ar leith ag daoine leo agus tóir ar a gcomhluadar.

 

Fág freagra ar 'An focal ‘Rizz’ roghnaithe ag foilsitheoirí Fhoclóir Béarla Oxford  mar fhocal na Bliana'