An fiú smaoineamh ar chomhúdarás a thabhairt isteach don Tuaisceart? 

Tá trí rogha romhainn – Éire aontaithe, filleadh ar an seanréimeas agus an seanchogadh, nó comhúdarás idir Sasana agus na sé chontae 

An fiú smaoineamh ar chomhúdarás a thabhairt isteach don Tuaisceart? 

Ní nach ionadh, in ainneoin thorthaí an toghcháin don Tionól ó thuaidh, níl aon fheidhmeannas á bhunú toisc go bhfuil an DUP ag diúltú páirt a ghlacadh ann go dtí, a deir siad, go mbeidh fadhb an Phrótacail réitithe chun a sástachta.

Agus mar chomhartha nach gcreideann an DUP go dtarlóidh a leithéid sách sciobtha tá sé deimhnithe ag Jeffrey Donaldson nach n-éireoidh sé as Westminster le freastal ar na vótóirí a chuir sa Tionól ó thuaidh é.

Caitheann an ealaín seo amhras mór ar an Tionól, agus ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, an socrú faoinar bunaíodh é. Ach cén rogha atá ann seachas na socruithe sin? Éire aontaithe, filleadh ar an seanréimeas agus an seanchogadh, nó comhúdarás idir Sasana agus na sé chontae ar an Tuaisceart.

I gCill Rímhinn a ghlac Ian Paisley agus an DUP leis go ndéanfaí an chumhacht a roinnt le Sinn Féin. Ach cuimhnigh freisin gur bhagair Bertie Ahern agus Tony Blair, Taoiseach agus Príomh-Aire na linne, go gcuirfidís an comhúdarás i bhfeidhm mura dtiocfaí ar réiteach.

 Mhaolaigh sé sin ar an dearcadh diúltach a bhíodh i gcónaí ag Paisley roimh roinnt na cumhachta.

Ar ndóigh, bhí dea-chaidreamh pearsanta idir Ahern agus Blair, agus theastaigh ó Blair cúrsaí na sé chontae a réiteach.

Níl aon dea-chaidreamh inniu idir an rialtas i mBaile Átha Cliath agus Boris Johnson is a chuid comhghleacaithe, agus tá an chosúlacht ann gur cuma le Johnson faoi thuaisceart Éireann seachas é a bheith ina uirlis chatha aige ina throid leis an Aontas Eorpach chun téarmaí níos fearr a fháil don chomhaontú trádála atá le teacht.

Ní hin le rá go gcreidim go bhfuil sé ar intinn ag Johnson a chuid bagairtí in aghaidh an Phrótacail a chur i bhfeidhm, ach ar deireadh thiar ní cosúil go bhfuil ach rud amháin tábhachtach dó – agus sin go bhfanfadh sé féin in oifig.

Agus má bhíonn tacaíocht lucht na himpireachta i measc na dTóraithe le cinntiú trí bhriseadh leis an AE mar gheall ar an bPrótacal, ceapaim go ndéanfadh sé é ar deireadh thiar.

Níos tábhachtaí ámh, an oirfeadh sé sin dóibh siúd a dteastaíonn uathu stát aontaithe a fheiceáil abhus? Tá sé le tabhairt faoi ndeara, ón bhfreagra ar thorthaí an toghcháin ó thuaidh, go bhfuil bunaíocht an Deiscirt scanraithe ag bua Shinn Féin.

Go deimhin, tá iarracht láidir ar bun athscríobh a dhéanamh ar na torthaí. Tá béim á cur ar dhul chun cinn Pháirtí na Comhghuaillíochta mar rogha eile in áit Shinn Féin.

Cé gur fhás an páirtí Alliance as an bpobal Aontachtach, ní féidir breathnú orthu ar fad mar chuid den fhealsúnacht sin. Feictear dom go dteastaíonn ó leithéidí Naomi Long, ceannaire an pháirtí, nach mbeadh polaitíocht an Tuaiscirt cúngaithe ag an cheist náisiúnta amháin, ach go mbeadh saorchead vótála ag baill an pháirtí i gcás reifrinn.

Sea, ní féidir glacadh leis go vótálfadh lucht seo an ‘láir’ – a bhfuil an oiread sin gean ag an mbunaíocht ó dheas air– in aghaidh athaontú na tíre: seasamh neodrach atá á mholadh acu, agus ciallaíonn sé sin, ceapaim, go bhfuil siad oscailte don díospóireacht – an díospóireacht go deimhin a ndiúltaíonn Micheál Martin agus Fianna Fáil agus Fine Gael di. 

Má roinneann muid vótaí an Alliance agus na nGlasach is eile sa ‘lár’ mar a dhéantar leis na ‘don’t knows’ i gcás pobalbhreithe, 49.7% a bheadh ar son athaontú na tíre agus 50.03% a bheadh ina choinne – agus sin sula dtosaítear ar dhíospóireacht cheart nó aon phleanáil don athaontú.

Ba chéim ar gcúl, cinnte, a bheadh ann dá mbeadh guth díreach ag leithéidí Mhichíl Martin sa scéal, mar d’úsáidfeadh sé an guth sin le cur i gcoinne an athaontaithe agus le cumhacht a roinnt leis an SDLP agus na hAontachtaithe ‘Liobrálacha’ agus lucht Shinn Féin a choinneáil as.

Feictear domsa go léiríonn an naimhdeas a bhí ann maidir le bua Shinn Féin nach mbeidh rialtas ar bith ó dheas sásta ról dearfach a imirt maidir le hathaontú na tíre go dtí go mbeidh Sinn Féin i gceannas air, nó, ar a laghad, go mbeidh ceannaire ag Fianna Fáil a thabharfadh droim láimhe le dearcadh Martin is a bheadh sásta comhoibriú le Sinn Féin ar son athaontú na tíre.

San idirlinn, ní dóigh liom go gcuirfeadh an rialtas aon sprioc mhór eile roimhe seachas dílseacht an stáit don Aontas Eorpach a threisiú.

Cinnte, is ar éigean gur féidir leo aon dea-chaidreamh a chruthú le Johnson, is ní theastaíonn uathu dea-chaidreamh a chothú le Sinn Féin.

I bhfianaise ról Martin sa scéal seo, nach maith an rud é nach raibh comhúdarás ann in 2006?

Fág freagra ar 'An fiú smaoineamh ar chomhúdarás a thabhairt isteach don Tuaisceart? '

  • Concubhar

    Níor ‘bhuaigh’ SF an toghchán ó thuaidh. Méadú beag ar a sciar den vóta agus gan oiread is suíochán breise. 27 suíochán as 90 – is é an líon is mó suíocháin ag aon pháirtí é ach níl dul chun cínn i gceist. Ar an lámh eile, tá an Alliance tar éis cur go mór lena sciar den vóta agus a líon suíocháin. An rud a chuirfidh an dubh dearg ar Eoin ná go bhfuil Sinn Féin tar éis droim láimhe a thabhairt dá bpolasaí frith AE agus go bhfágann sin é féin sa bhad chéanna le Jim Allister, an DUP is na Tóraithe.

  • Eoin Ó Murchú

    Is bua é nuair a thagann páirtí sa gcéad áit.
    Maidir le Jim Allister a bheith sa mbád céanna liom fein, ní raibh a fhios agam go raibh Allister ar son athaontu na hÉireann, athghaelú na hÉireann is Acht Teangan mar chuid de. Nó an masla in ait argóna atá ann?

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le hEoin Ó Murchú, ‘An fiú smaoineamh ar chomhúdarás a thabhairt isteach don Tuaisceart?’, tuairisc.ie, Dé Luain, Bealtaine 16, 2022.

    De réir thorthaí an Olltoghcháin thuaidh, Dé hAoine, Bealtaine 6, 2022, is iad seo na toghlaigh a bhfuil móramh ag Sinn Féin, móide an SDLP, iontu: Deisceart an Dúin; An tIúr agus Ard Mhacha; Fir Mhanach agus Deisceart Thír Eoghain; Lár Chúige Uladh; Iarthar Thír Eoghain; Toghlach an Fheabhail; agus Iarthar Bhéal Feirste. Gach uile cheann díobh sin ach Iarthar Bhéal Feirste, tá siad ceangailte dá chéile. D’fhéadfaí Iarthar Bhéal Feirste a cheangal de Lár Chúige Uladh, agus d’Fhir Mhanach móide Deisceart Thír Eoghain, ach débhealach a chur siar go dtí pointe teagmhála Lár Chúige Uladh le Fir Mhanach móide Deisceart Thír Eoghain, pointe atá an–ghairid don Iúr agus Ard Mhacha. Is iascairí atá ina gcónaí ar bhruacha Loch nEathach, agus is Caitlicigh iad a bhformhórsan. Níorbh fhiú le háireamh an t–achar talún a thógfadh débhealach, dá dtoileodh Deisceart Aontroma, Gleann an Lagáin, agus an Bhanna Uachtair, le débhealach a chur siar feadh a dteorann le chéile chomh fada le cósta theas Loch nEathach.

    Cuirtear in iúl sa Chomh–Aontú Angla–Éireann, in Schedule 1.2, go bhféadfar athrú a chur ar Thuaisceart Éireann, ach tromlach na ndaoine a vótálfaidh ar an gceist a bheith leis an athrú [a majority of those voting]. Laghdódh sé ar bhuairt na nAontachtaithe réasúnta ach an Reifreann a thionól, toghlach ar thoghlach, agus é a chur de choinníoll leis gurbh é tromlach na vótálaithe cláraithe a chaithfeadh vótáil leis an athrú. Níor vótáil ach 63% de vótálaithe cláraithe Thuaisceart Éireann in Olltoghchán na hAoine, Bealtaine 6, 2022. Ba cheart chomh maith réamh–Reifreann a bheith ann d’fhonn a chinntiú go dteastódh ó thromlach na vótálaithe cláraithe Reifreann a thionól ar an gceist shubstainteach, agus vóta an réamh–Reifrinn féin a bheith ag brath ar thromlach na vótálaithe cláraithe a bheith ar son, nó i gcoinne, an cheist shubstainteach a chur ar Reifreann.

    Dá n–aistreofaí na 7 dtoghlach sin isteach i bPoblacht na hÉireann, dhéanfadh sé Stát níos socra de Stát Thuaisceart Éireann. Is san 11 toghlach eile atá na háiteanna a ndearna Páirtí na Comhghluaillíochta an dul chun cinn.

    An méid atáimse a mholadh, is dul chun cinn tathagach a bheadh ann ó thaobh an rialtais a bheith ionadaíoch de. Níl cead, de réir an Chomh–Aontaithe Angla–Éireannaigh, dul i muinín an Reifrinn, ach uair gach uile sheachtú bliain. Leithéid an chórais atáimse a mholadh, chuirfeadh sé in iúl do na hAontachtaithe go mbeadh bun ceart Daonlathach le toghlach, nó toghlaigh, a chomhaontú le Poblacht na hÉireann.