An fiú an tríú cogadh domhanda a thosú mar gheall ar iógart?

An chnámh spairne – cé aige nó aici atá na cearta ar an fruit corner sa mbreis?

An fiú an tríú cogadh domhanda a thosú mar gheall ar iógart?

‘Nach gceapfá go mbeadh sé sin beagáinín thar fóir, Daidí?’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga an tráthnóna cheana, ‘an tríú cogadh domhanda a thosú mar gheall ar iógart?’ 

‘Ní cheapaim é!’ a d’fhreagair Fear an Tí, é idir mhagadh is dáiríre agus é ag cartadh sa gcuisneoir, ‘sílim go dtuigfeadh duine ar bith mo chás.’ 

Tráthnóna Dé Luain a bhí ann, más buan mo chuimhne, agus is buan. Tá a fhios agam gur Dé Luain a bhí ann, mar go raibh soláthar maith iógairt fós sa teach, nó, ar mhaithe le bheith cruinn, mar go raibh soláthar den iógart maith fós sa teach. 

Ceannaítear iad tráthnóna Dé Domhnaigh is bíonn siad uilig ite faoi mhaidin Dé Máirt. Itear chuile shórt eile ‘deas’ amach as an tsiopadóireacht faoi mhaidin Dé Máirt freisin. Tá na sméara gorma ite, is na brioscaí agus caitear an chuid eile den tseachtain ag mungailt úlla is meacain.

Céard é an iógart maith? Bhuel, ní hé an iógart nádúrtha é, ná ní hé an iógart próibhitheach frithchailcithe é, ná an iógart gan saill é, ach an oiread. Séard é an iógart maith, ná an ceann atá lán le huachtar is le siúcra agus coirnéilín suibhe lena thaobh. An cúinne suibhe, nó an fruit corner, mar a thugtar air sa gcaint. 

Bíonn an té is deireanaí a thagann abhaile ar an Luan faoi mhíbhuntáiste. Ní mór dó súil an tseabhaic a choinneáil ar an gcuisneoir, nó tá baol mór ann go mbeidh, ní hamháin an cúinne breise ach do dhála féin imithe freisin. 

Is í an fhadhb atá againn leis na cúinní suibhe, más fadhb í, ná go bhfuil sé cinn acu sa bpacáiste. Agus tá cúigear againne sa teach. Cén fhadhb í sin, a déarfá, nach bhfuil fuílleach agaibh? 

Tá fuílleach againn agus is ansin atá  croí na faidhbe. Gach seachtain, bíonn cúinne suibhe amháin sa mbreis ann. An chnámh spairne –cé aige nó aici atá na cearta ar an fruit corner sa mbreis?

An bhfuil aon bhealach ann chun dáileadh cothrom a dhéanamh ar na cúinní suibhe breise? Cé acu tuilleamhlathas nó teicnealathas, uaslathas nó uathlathas, an daonlathas nó an dialathas ab fhearr chun maoirsiú a dhéanamh ar dháileadh an iógairt mhaith?

Nó an bhfuil aon chóras ann a chinnteoidh dáileadh cothrom na n-acmhainní? 

‘Ba chóir go bhfaigheadh chuile dhuine sa teach ceann amháin, ar a laghad,’ a dúirt Fear an Tí go diongbháilte.

‘Tá an ceart agat, Daidí, is dóigh,’ a d’fhreagair Beainín na Naíonáin Bheaga.

‘Ach ní mór duit a bheith sciobtha!’

Fág freagra ar 'An fiú an tríú cogadh domhanda a thosú mar gheall ar iógart?'