An fiosrú baincéireachta agus a bhfuil foghlamtha againn. Tada nua?

Caithfear €4m ar a laghad ar fhiosrú baincéireachta an Oireachtais. Níl fiúntas an chostais seo soiléir fós

Ciaran Lynch TD. Pictiúr: Sam Boal /Photocall Ireland
Ciaran Lynch TD, Cathaoirleach an Fhiosraithe. Pictiúr: Sam Boal /Photocall Ireland

Tá moladh tuillte ag comhaltaí choiste airgeadais an Oireachtais ar dhá chúis.

Ar an gcéad dul síos, toisc gur thoiligh siad páirt a ghlacadh i gcoiste fiosraithe, bliain go leith roimh olltoghchán, cé gur fíorbheagán vótóirí a chuimhneoidh ar a saothar nuair a thiocfaidh lá na vótála.

Ar an dara dul síos, toisc go bhfuil cur síos ar chaiteachas an choiste á fhoilsiú go rialta acu. Is eol dúinn mar sin gur caitheadh €2.2m ón uair a bunaíodh é go dtí deireadh mhí an Mhárta. Meastar gur idir €4m agus €5m a chaithfear faoi dheireadh.

Tá cnámha an scéil atá á iniúchadh acu ar eolas againn cheana féin.

  1. Chuaigh eisiúint iasachtaí na mbanc ó smacht, in Anglo-Irish i dtosach, agus sna bainc eile ina ndiaidh.
  2. Thugadar iasachtaí craiceáilte d’amhantraithe mífhreagracha.
  3. Thainig ardú as cuimse ar phraghsanna tithe agus réadmhaoine go dtí gur…
  4. …tháinig ísliú as cuimse ar phraghsanna ó 2007 ar aghaidh.
  5. Tháinig an Stát (mise, tusa agus gach cáiniocóir eile) i gcabhair orthu lena bhfiacha, €64m san iomlán, a ghlanadh.
  6. Ní dhearna rialtóir na mbanc, an Banc Ceannais ná Banc Ceannais na hEorpa (BCE) maoirseoireacht éifeachtach ó thús go deireadh.
  7. Ní raibh súil ghéar á coinneáil ag an rialtas ar an uafás a bhí ag bagairt go dtí go raibh sé ródhéanach, agus…
  8. …dheimhnigh plean cabhrach an AE, BCE agus IMF, nach dteipfeadh ar bhainc na hÉireann, ach…
  9. …ghearr siad praghas an-daor orainn nuair a dhiúltaigh siad don pháirt-chealú fiacha a d’iarr an rialtas.
  10. Is orainn, is é sin le rá, is ar bhainc agus ar údaráis a bhí lonnaithe in Éirinn, is mó bhí an milleán gur tharla mar a tharla.

Ní léir aon athrú ar an scéal seo, ná aon fhaisnéis bhreise thábhachtach, a tháinig chun solais ó chuaigh an Coiste i mbun fiosraithe.

Gan dabht, teastaíonn ceistiúchán, gan rómhoill. Níl an Coiste freagrach as an moill ar an iniúchadh, a thosaigh anuraidh, sé bliana tar éis an bharántais a d’fhógair Brian Cowen agus Brian Lenihan i 2008. Ach mar gheall ar an moill, is tábhachtaí an cheist: cén tairbhe a bhainfear as an gceistiúchán, seachas léasadh Fhianna Fáil, arís?

PostersIARFHOCAL – PÓSTAEIR

Glactar leis rómhinic gurb ionann díograis iarrthóra agus cur suas póstaeirí le linn fheachtas toghcháin. Tuigeann gach duine beagnach (tá súil agam) nach bhfuil aon bhaint idir an méid póstaeiri a chuireann iarrthóirí suas agus a bhfiúntas pearsanta.

Ach nuair a thugtar faoi deara nach bhfuil ach corrphóstaeir in airde ag iarrthóirí áirithe i gceantair áirithe, deirtear nach bhfuil feachtas dáiríre ar bun acu, ainneoin gur léir an áiféis in áiteanna eile ina bhfuil gach cuaille solais beagnach breac le póstaeirí. Mar shampla, roimh olltoghchán 2011 chonaic an scríbhneoir seo dhá ghrianghraf déag d’aghaidh an iarrthóra chéanna ar bhóthar i mBaile Átha Cliath nach bhfuil ach 500 slat ar fhaid ar a mhéad!

Is díol suntais é mar sin an difríocht idir nósanna na bpolaiteoirí i Sasana agus an dream seo againne. In imeacht cúig lá i mbun tuairisceoireachta i Manchain agus i Londain, ní raibh oiread agus póstaeir amháin le feiceáil.

Dea-rud agus droch-rud in éineacht is ea é seo toisc:

  1. Nach gcuireann iarrthóirí lear mór airgid amú ar na mílte póstaeir nach bhfuil le baint as acu seachas meas ar fheabhas an ghrianfhrafadóra, an ghruagaire agus b’fheidir cibé duine a rinne an smideadh. Nó a mhalairt.
  2. Nach gcuirtear vótóirí ar an eolas in áiteanna poiblí (ar thug údar an cholúin seo cuairt orthu) go bhfuil olltoghchán ag teacht agus rogha mhór pholaitiúil le déanamh.

Is éard a theastaíonn cóimheá réasúnta, b’fheidir, ar chostas níos ísle, nósanna póstaeireachta an dá thír.

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'An fiosrú baincéireachta agus a bhfuil foghlamtha againn. Tada nua?'