An Fhraincis ‘i mbaol a báis’ agus an tír deighilte ag ‘ró-úsáid’ an Bhéarla 

Cáintear i dtuarascáil nua an méid téarmaí agus focail Bhéarla atá á n-úsáid i gcáipéisí rialtais, i bhfeachtais eolais don phobal, agus sa litríocht chorparáideach

An Fhraincis ‘i mbaol a báis’ agus an tír deighilte ag ‘ró-úsáid’ an Bhéarla 

Tá dochar á dhéanamh ag an méadú “an-mhór agus neamhshrianta” ar úsáid an Bhéarla d’fhéiniúlacht na Fraincise agus b’fhéidir do thodhchaí na teanga sin, dar leis an Académie Française.

I dtuarascáil ón Académie, comhairle a bhfuil de dhualgas uirthi an Fhraincis a chosaint, cáintear an méid téarmaí agus focail Bhéarla atá á n-úsáid i gcáipéisí rialtais, i bhfeachtais eolais don phobal, agus sa litríocht chorparáideach. 

“Agus neamhaird á tabhairt ag an gcumarsáid reatha seo ar ualach cultúir teanga, cuireann sí foclóir na Fraincise i mbaol,” a deir údair na tuarascála.

Dúirt Hélène Carrère d’Encausse, ceannasaí an Académie Française, leis an nuachtán Le Figaro go raibh an Fhraincis “i mbaol a báis” agus go raibh deighilt theangeolaíoch ann a bhí ag cothú  antoisceachais. Dúirt Hélène Carrère, atá 92, gur bhraith cuid mhór daoine nach raibh bheith istigh acusan mar gheall ar na focail Bhéarla ar fad a bheith á n-úsáid.

Maítear sa tuarascáil go gceaptar san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon go léiríonn úsáid an Bhéarla a nua-aimseartha agus atá siad ach gurb amhlaidh gur ionsaí ar an bhFraincis atá ann dáiríre. 

Deirtear sa tuarascáil go raibh úsáid an Bhéarla ag cur as do chomhréir na Fraincise agus ag deighilt na tíre ar bhonn teangeolaíochta – ar thaobh amháin scothaicme óg shaibhir atá ar a gcompord leis an mBéarla agus, ar an taobh eile, cuid mhór den phobal a gcuireann an ghibiris seo, dar leosan, cantal orthu.

Ar na samplaí a tugadh den róBhéarlú seo, luaitear suíomh gréasáin do thurasóirí My Loire Valley; na “pickup stations” ónar féidir beartáin a bhailiú a d’oscail La Poste, córas poist na Fraince; agus tionscnamh comhshaoil i sléibhte Auvergne faoin ainm “zero emission valley”. Cáineadh an comhlacht carranna Renault freisin a bhaist “Easy Drive” ar theicneolaíocht dá chuid agus an comhlacht Peugeot faoina mhana Béarla fógraíochta “Unboring the future”.

Cáineadh a thuill mana Chluichí Oilimpeacha 2024 ‘Made for Sharing’, cé gur i bPáras a reáchtálfar cluichí na bliana sin.  Ní rabhthas sásta ach an oiread le mana Air France a deir “Air France, France is in the air” ná ní raibh aon ghlacadh ag an Acadamh le focail mar  ‘playlist’.

Cáineadh an tUachtarán Macron chomh maith as tús a chur le Taste France, feachtas chun gastranómachas nó cultúr bia na Fraince a chur chun cinn.   

Bunaíodh Acadamh na Fraincise sa bhliain 1635 agus intleachtóirí a bhíonn ina mbaill de, ar a dtugtar na ‘buanlaochra’.

Fág freagra ar 'An Fhraincis ‘i mbaol a báis’ agus an tír deighilte ag ‘ró-úsáid’ an Bhéarla '