An fhoireann is lú a ghéillfidh pocanna saora a thabharfaidh craobh na Mumhan leo

Ag tús 2017 ba dheacair a shamhlú go mbeadh Corcaigh in aon chluiche ceannais go ceann i bhfad agus cúpla seachtain ó shin is beag duine a shíl go mbeadh contae an Chláir ar cheann de na foirne a bheadh i gcluiche ceannais na Mumhan amárach

An fhoireann is lú a ghéillfidh pocanna saora a thabharfaidh craobh na Mumhan leo

Seán O'Donoghue (Corcaigh) agus Tony Kelly (An Clár). Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Ag tosach na bliana bhí an tuairim go láidir ann go raibh sé thar a bheith deacair á rá cérbh iad na foirne (chun téarma gailf a úsáid) a dhéanfadh an ‘cut’ i gcraobh na Mumhan, gan trácht ar cé a bheadh ag imirt sa chluiche ceannais. Bhuel tá na freagraí anois na foirne céanna a bhí ag imirt i gcluiche ceannais 2017 ag tabhairt aghaidh ar chéile arís i Staid ársa Semple i nDurlas Éile.

Ag tosach 2017 ba dheacair a shamhlú go mbeadh Corcaigh in aon chluiche ceannais go ceann i bhfad.

Bhí caint faoi dhícháiliú sraithe agus faoi sheal a chaitheamh sa bhfásach ach, amhail muisiriún, tháinig borradh agus fás orthu thar oíche agus d’fhág siad Staid Semple ar an 9 Iúil agus corn na Mumhan acu.

Cúpla seachtain ó shin is beag duine a shíl go mbeadh contae an Chláir ar cheann de na foirne a bheadh ag imirt amárach.

Ach oireadh le Corcaigh , d’uireasa na muisiriún, tharla ruainne draíochta.

Bhíodar ceithre chúilín chun deiridh agus cúig nóiméad fágtha i gcoinne Thiobraid Árann. Le cabhair ó cheann de na pollaí i Staid Semple níor éirigh le hiarracht Jake Morris ar chúl agus i bpreabadh na súl bhí an sliotar céanna neadaithe san eangach ar an taobh eile den pháirc ag Ian Galvin agus na Cláirínigh i ngiorracht fad láimhe den bhua. Ná déan dearmad go rabhadar ocht gcúilín chun deiridh ag druidim le leath ama. Thiomáin an Clár ar aghaidh agus bhuadar an cluiche. Ansin thugadar taispeántas na bliana uathu i gcoinne Luimnigh seachtain ina dhiaidh sin.

Amárach rachaidh siad isteach sa chluiche agus iad lán le muinín. Anuraidh bhí Staid Semple lán go geata agus tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh sí amhlaidh amárach. Bhí scéalta sna meáin ag tosach an fheachtais nach raibh a ndóthain de mhuintir an Chláir ag dul go dtí na cluichí. Tá sé sin athraithe ar fad agus bhí scuainí fada díobh le feiscint seachtain ó shin ar fud an chontae agus iad ag iarraidh ticéid a cheannach.

Níl aon dabht ach go bhfuil rudaí ag feabhsú céim ar chéim do na Cláirínigh agus tá réalta nua acu freisin – Peter Duggan.

Is deacair uaireanta a chur ina luí ar dhaoine cé chomh tábhachtach is atá fear na bpocanna saora agus, i mbliana tá Duggan ar aon dul le Jason Forde, TJ Reid, Joe Canning agus Patrick Horgan. 

Ceithre huaire a bhuail na contaetha seo lena chéile sa chomórtas craoibhe ó chluiche ceannais na hÉireann in 2013 agus bhí an bua ag Corcaigh i ngach ceann acu sin.

Thugadar leo corn na Mumhan anuraidh, cluiche inar thug Alan Cadogan taispeántas iontach uaidh. Faraor, tá Alan gortaithe faoi láthair. D’éirigh le Patrick Horgan trí chúilín déag a aimsiú sa chluiche sin agus beidh gá le gaisce eile uaidh amárach.

Sa chluiche sraithe i lár mhí Feabhra ba iad na Cláirínigh a fuair na pointí.

Agus tuar á dhéanamh againn faoin gcluiche tá rud amháin soiléir: beidh tionchar mór ag na pocanna saora ar an toradh.

Is deacair Peter Duggan agus Patrick Horgan a shárú maidir leis an gceird sin. Tuigeann na himreoirí go léir go gcaithfidh siad a bheith an-aireach faoi phocanna saora a ghéilleadh mar, taobh amuigh de sin, tá na foirne cothrom go leor. Is dócha go bhfuil muinín níos mó ag muintir an Chláir mar gheall ar an mbua cuimsitheach sin i gcoinne Luimnigh.

Bhí Corcaigh faoi bhun par (téarma gailf eile) ina gcluiche deireanach, ach ó tharla séasúr Phort Láirge a bheith críochnaithe, ba dheacair do Chorcaigh ullmhú go síceolaíoch don choimhlint sin.

Níl aon bhaol go mbeidh an scéal amhlaidh don chath amárach agus mar is gnáth ní heol d’aon duine cad a tharlóidh taobh istigh de na línte bána sin.

Cuirfidh an teas tástáil éagsúil ar aclaíocht na bhfoirne agus seans go mbeidh an cluiche oscailte agus go mbeidh scór ard againn. Tá réalta ar an dá thaobh agus an cumas iontu píosa draíochta a dhéanamh a bhainfeadh an anáil díot.

Ach táim ag ceapadh, ag an deireadh, gurb í an fhoireann a ghéillfidh an méid is lú pocanna saora a bhuafaidh. 

Dar ndóigh tá cluiche eile ar siúl sa cheanncheathrú amárach agus bí cinnte go mbeidh tionchar mór ag na fir a thógfaidh na pocanna saora ar an toradh ansin chomh maith.

Fág freagra ar 'An fhoireann is lú a ghéillfidh pocanna saora a thabharfaidh craobh na Mumhan leo'