An fhírinne lom – ní fios cé mhéad teifeach a thiocfaidh go hÉirinn ón Úcráin

Ainneoin na héiginnteachta, ní foláir iarracht dháiríre a dhéanamh chun fóirithint ar gach Úcránach a thagann go hÉirinn

An fhírinne lom – ní fios cé mhéad teifeach a thiocfaidh go hÉirinn ón Úcráin

Is féidir cur síos a dhéanamh gan stró ar na fadhbanna ollmhóra a bhaineann le fóirithint ar theifigh. Faraor ní hionann cur síos agus réiteach.

Is féidir freisin alt a scríobh gan stró a deir go dteastaíonn cur chuige rialtais níos éifeachtaí. Faraor ní hionann scríobh ailt agus cur chuige a aimsiú.

Tuigeann ár bhformhór freisin na fadhbanna a chaithfear a réiteach, nó ceapaimid go dtuigeann, ach arís ní hionann tuiscint agus réiteach.

Thart ar an am seo anuraidh bhí dídean á tabhairt ag an stát do 7,500 teifeach.  Faoi láthair tá dídean á tabhairt do 74,000 – méadú 1,000 faoin gcéad beagnach sa tréimhse ó thosaigh ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá 54,000 duine ón Úcráin tagtha ó shin agus ar a laghad 15,000 iarrthóir tearmainn.

Ní féidir líon na dteifeach ón Úcráin a thiocfaidh i dtír as seo go ceann bliana a thuar, ach glactar leis sa rialtas go dtiocfaidh thart ar leathchéad míle Úcránach eile idir seo agus deireadh na bliana.

Ní heol do dhuine ar bith ach oiread cé mar a aimseofar dídean dóibh, go háirithe má tharraingíonn go leor amach as na conarthaí faoinar cuireadh lóistín ar fáil do theifigh. Is leor foilsiú na hachainí a chuir aire na dteifeach Roderic O’Gorman (teideal neamhoifigiúil ach dáiríre) chuig airí eile Déardaoin mar fhianaise ar chruachás an rialtais.

Tá céim an-achrannach sa ghéarchéim sroichte, a dúirt sé leo, toisc nach léir faoi láthair conas a aimseofar dídean ar scála sách mór. D’iarr sé orthu hallaí, ionaid spóirt, ionaid chomhdhála nó ealaíne agus foirgnimh mhóra eile a mholadh mar ionaid ina bhféadfaí leapacha campa agus tochtanna a thairiscint do theifigh.

Ar ndóigh tá géarchéim eile ag teannadh leis an rialtas, agus leis an gcóras polaitiúil i gcoitinne, mar a léirigh na sluaite a bhí i mbun agóide in áiteanna éagsúla ó thús na bliana agus díbirt na dteifeach (fir go háirithe) á héileamh acu.

Dúirt an Taoiseach Déardaoin gur chuir ciníochas agus gníomhaíocht grúpaí atá i bhfad amach ar an eite dheis imní air. Ní raibh a ndearcadh ag teacht le meon mhuintir na hÉireann (“not the Irish way”), a dúirt sé. Chaithfí fáilte a chur roimh dhaoine atá ag teitheadh ó chogadh agus ó chos ar bolg, dar leis, agus caithfear daoine nach bhfuil a sheoladh ar ais.

Bhí na laigí i ráiteas an Taoisigh soiléir.

  1. Ní heol do dhuine ar bith, Roderic O’Gorman san áireamh, cé mar is féidir fáiltiú roimh theifigh cheal spáis.
  2. Tá amhras ar mhórán go bhfuil cead isteach róbhog á thabhairt do dhaoine ó thíortha seachas an Úcráin.
  3. Chuir an phaindéim bac ar ruaigeadh daoine as an tír ar diúltaíodh tearmann dóibh, ach níl sonraí ar fáil fós faoi fheidhmiú an chórais tearmainn le bliain.
  4. Cothaíonn easpa faisnéise amhras.
  5. Cothaíonn an ghéarchéim tithíochta breis amhrais.
  6. Is cúram ar leith é soláthar dídine do theifigh, ach maíonn antoiscigh go dtugtar tús áite do theifigh.

D’admhaigh Micheál Martin sa Dáil Déardaoin, mar a admhaíonn airí eile, go dteastaíonn cumarsáid níos fearr ionas go mbeadh tuiscint níos fearr ag an bpobal ar chur chuige an rialtais.

Tá go maith, ach ní léir aon tuiscint fós sa rialtas, ná sa bhfreasúra, ar an deacracht a bhaineann le cur síos ar bheartais a theastaíonn chun déileáil le fadhb nach léir fós a méid, a doimhneacht ná an t-achar a mhairfidh sí.

Mhol an t-aire stáit Dara Calleary dhá sheift Dé hAoine a mhaolódh amhras agus a chothódh muinín i measc an phobail. Ba chóir aonad ar leith (“one-stop shop” a thug sé air) a bhunú ina mbeadh gach eolas ar fáil faoi lonnú teifeach. Ba chóir chomh maith, a dúirt sé, gealltanas a thabhairt do mhuintir gach áit ina lonnaítear iad nach seolfaí scata breise teifeach go dtí an ceantar céanna tar éis tamaill.

B’fhiú don rialtas moltaí dá leithéid, chomh maith le socrú faoina gcuirfí aire sinsearach agus roinn stáit ar leith i mbun polasaí teifeach an rialtais, a bhreithniú gan mhoill. Ní théann siad go cnámh na huillinne, áfach.

Is dúshlán don rialtas agus do gach páirtí i nDáil Éireann aghaidh a thabhairt ar an fhírinne lom a mhíniú don phobal: ní fios cé mhéad teifeach a thiocfaidh go hÉirinn go dtí go mbeidh síocháin san Úcráin.

Ainneoin na héiginnteachta, ní foláir iarracht dháiríre a dhéanamh chun fóirithint ar gach Úcránach a thagann abhus. Tuilleann gach gaisce cabhrach moladh, ach ní foláir a admháil freisin nach léir réiteach iomlán ná fiú an fhadhb iomlán fós, a bhuí le barbarthacht na Rúise san Úcráin.

Fág freagra ar 'An fhírinne lom – ní fios cé mhéad teifeach a thiocfaidh go hÉirinn ón Úcráin'