An fhírinne ghlan faoi dhonnú bréige – 5 táirge ar féidir iad a thrust

Tá comhairle mhaith ag ár gcomhfhreagraí don té atá ar thóir dhath na gréine agus í ag roghnú na dtáirgí donnaithe bréige is fearr atá le fáil 

An fhírinne ghlan faoi dhonnú bréige – 5 táirge ar féidir iad a thrust

Tá séasúr na gcóisirí Nollag linn agus bíonn fonn orainn ar fad go mbeadh beagán datha ar ár gcraiceann agus muid gléasta i ngúnaí gleoite an tráth seo bliana. Spéisiúil go leor is anseo in Éirinn a dhéantar cuid de na táirgí donnaithe bréige is fearr dá bhfuil ar fáil; b’fhéidir go bhfuil míniú simplí ar sin – gur uainn is mó a theastaíonn donnú bréige ó tharla ár gcraiceann a bheith chomh geal sin. 

Focal beag amháin comhairle sula luaim na táirgí is mó a thaitníonn liom féin – tá sé fíorthábhachtach do chraiceann a scamhadh go maith sula dtosaíonn tú ar aon táirge donnaithe bréige a chur ort. Is ceart é sin a dhéanamh gan aon mhaothóir a úsáid ach amháin b’fhéidir ar íochtar na gcos. Agus is ceart freisin i gcónaí miotóg dhonnaithe bréige a úsáid seachas a bheith ag súil gur leor do lámha don chúram seo.

Ach cén táirge is fearr le húsáid le dath na gréine a bheith ort ach é a bheith deas nádúrtha ag an am céanna? Tá rogha an-leathan go deo ann agus tá triail bainte agam féin as cuid mhaith acu le blianta anuas.  Seo iad na cinn is mó a bhfuil muinín agam féin astu agus iad ar fáil ar chostas idir €8 agus €50:

Sara

1. Vita Liberata PHenomenal 2-3 Week Tan Mousse – €50.

Níl amhras ar bith orm gurbh é seo an ceann is fearr a d’úsáid mé riamh cé gurbh é an ceann is daoire é. Bíonn sé ar díol i Boots agus is minic a bhíonn sé ar fáil ar phraghas níos saoire – laghdú d’aon trian in amanna. Deirtear go maireann an dath ar feadh coicíse nó trí seachtaine ach leis sin a bhaint amach tá cuid mhaith oibre agus stró i gceist; chaithfeá an donnú bréige seo a chur ort féin trí lá/oíche i ndiaidh a chéile. Ní bheadh an fhoighne agamsa leis sin a dhéanamh ach úsáidim aon uair amháin é agus maireann an toradh ar feadh seachtaine. Bíonn dath álainn nádúrtha i gceist agus ní bhíonn aon rian den dath oráiste gránna sin a bhíonn ar cuid de na táirgí donnaithe bréige. Nuair a thosaíonn an dath ag imeacht tar éis seachtaine, tréigeann sé an craiceann ar bhealach deas cothrom agus is buntáiste mór é sin. Tá an táirge seo le fáil mar mhús nó mar lóis ach is fearr liom féin mar mhús é mar go bhfuil sé níos éasca le húsáid. Ní bhíonn aon stríocaí i gceist leis agus triomaíonn sé breá sciobtha. Níl aon cheimiceáin chrua ann agus tá comhábhar ann a chabhraíonn le do chraiceann a choinneáil bog.

2. Bellamianta Rapid Mousse – €25

Seo táirge eile de chuid na tíre seo agus tá iarrachtaí móra margaíochta á ndéanamh ag lucht a dhéanta lena chur chun cinn ar na meáin shóisialta le tamall anuas. Ar nós Vita Liberata níl aon cheimiceáin chrua sa cheann seo ach an oiread agus deirtear go bhfuil sé glan agus cothaitheach. An buntáiste is mó a fheicim féin leis nach dteastaíonn ach idir dhá uair an chloig agus ceithre huaire le go bhforbróidh an dath go hiomlán. Ciallaíonn sin go bhfuil sé ar fheabhas mura raibh pleananna déanta roimh ré agat mar nach gcaithfidh sé bheith curtha ort thar oíche le go n-oibreoidh sé. Triomaíonn sé go tapa agus dá bharr sin caithfidh tú oibriú go sciobtha agus tú á chur ort. Ní mhaireann sé chomh fada leis an gcéad cheann a luaigh mé ach is buntáiste mór é gur féidir é a chur i mbun oibre an lá a bhfuil sé uait. 

3. Karora Ultra Dark Bronzing Mousse – €36

Ceann maith eile Éireannach, creid nó ná creid! Taithíonn an ceann seo go mór liom; cé go ndeirtear go bhfuil sé “ultra dark” níl sé chomh dorcha sin ar chor ar bith. Go deimhin, is dath órga álainn a bhíonn mar thoradh air. Maireann sé ar feadh seachtaine agus nuair a thréigeann sé, tarlaíonn sin ar bhealach chomh nádúrtha sin nach dtabharfá faoi deara é.  Tá boladh deas air a bhfuil beagán den líomóid ag baint leis. Tá fadhb bheag amháin agam féin leis an gceann seo – níl aon dath ar an táirge féin agus tú á chur ort. Fágann sin gur féidir leis a bheith deacair in amanna a bheith cinnte céard iad na háiteanna atá déanta agat agus cén áit ar stop tú. Tógann sé tamaillín beag deas air triomú agus is féidir leis a bheith beagán greamaitheach freisin.  Ach má bhíonn foighne agat, beidh toradh do shaothair le fáil agat – dath deas gan stríocaí a mbeidh cuma nádúrtha air agus a mhairfidh ar feadh píosa maith.

4. Loving Tan Deluxe Bronzing Mousse – €32.12 (ar líne)

Ar Instagram a thug mé faoi deara ar dtús an táirge deas seo ón Astráil; is cosúil gur ar na meáin shóisialta a dhéanann siadsan cuid mhaith dá gcuid margaíochta freisin.  Thug mé suntas don cheann seo ar chúis amháin – go bhfuil céatadán i bhfad níos airde den chomhábhar is cúis le donnú craicinn, DHA, ann. De ghnáth, is idir 3-5% de DHA a bhíonn i gcuid mhór táirgí donnaithe bréige ach tá 13% sa cheann seo. Ó tharla dath dorcha a bheith ar an mús féin tá sé an-éasca le cur ort agus cé go gceapfá ar dtús go mbeadh stríocaí ann, níl aon chúis imní agat. A luaithe agus a níonn tú díot é bíonn toradh álainn cothrom air gan aon rian den oráiste le feiceáil ann. Tá boladh deas air agus maireann sé tamall maith. Tá leagan eile den mhús céanna ar fáil ar a dtugtar 2HR Express ach níor bhain mé triail as sin fós – an chéad uair eile b’fhéidir.

Cocoa Brown I Hour Tan Mousse – €7.99

Seo go cinnte an ceann is saoire agus is sciobtha. Marissa Carter, Éireannach, a bhunaigh an branda aitheanta seo agus tá an táirge áirithe seo ar fáil in iliomad siopaí ar fud na tíre, Penneys, Dunnes agus Boots san áireamh.   

Táirge ‘réabhlóideach’ é seo ar bhealach mar go n-oibrínn sé chomh sciobtha sin. Tá foirmle ar leith in úsáid ann a thugann ar an táirge oibriú faoi lánluas. Cinnte oibríonn sé go maith agus tá dath ort tar éis uair an chloig. Tá boladh deas air freisin ach má tá dath beagán níos dorcha uait fág ort ar feadh 2-3 uair an chloig é agus beidh sé ar fheabhas ar fad.  Chuaigh daoine fiáin ar fad ar thóir an táirge seo anuraidh nuair a sheol Kylie Jenner pictiúir ar Instagram leis an teachtaireacht “I love it!”.

Fág freagra ar 'An fhírinne ghlan faoi dhonnú bréige – 5 táirge ar féidir iad a thrust'