An fhéile ‘Ravelóid’ i mbaol mura ndíolfar tuilleadh ticéad

Tá brú mór airgid i gcónaí ar lucht eagraithe na féile agus tá a bhfuil i ndán di ag brath anois ar a thuilleadh ticéad a dhíol

audience-868074_1920

Tá imní ann faoina bhfuil i ndán don mhórfhéile cheoil Ravelóid agus brú mór ar lucht eagraithe na féile níos mó ticéad a dhíol sna laethanta amach romhainn.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an baol ann go gcuirfear an fhéile ar ceal sa chás nach n-éireodh leis an iarracht seo tuilleadh ticéad a dhíol.

5,000 ticéad ar fad atá ar fáil don fhéile cheoil atá le bheith ar siúl i gCaisleán Ard Giolláin i mBaile Brigín i mBaile Átha Cliath idir an 10-11 Meitheamh.

Tá Ravelóid á eagrú ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Nós agus Oireachtas na Gaeilge agus is í an chéad fhéile dá leithéid riamh.

Ach tá brú mór airgid i gcónaí ar lucht eagraithe na féile agus tá a bhfuil i ndán di ag brath anois ar a thuilleadh ticéad a dhíol.

Meastar go gcaithfear míle ticéad eile a dhíol sna laethanta amach romhainn chun go dtiocfaidh an fhéile slán ón tsáinn airgid seo.

Ní raibh Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn sásta a rá le Tuairisc.ie cé mhéad ticéad atá díolta cheana ach dúirt sé go raibh ‘píosa le dul fós’.

Deir foinsí áirithe go bhfuil ar a laghad 1,400 ticéad díolta cheana.

Dúirt Julian de Spáinn nach raibh Ravelóid i mbaol “faoi láthair” ach ghéill sé go raibh práinn ag baint leis an scéal.

“Ach an oiread le haon fhéile nua eile bíonn go leor dúshlán ann agus ach an oiread le haon fhéile nua eile is gá dúinne méid áirithe ticéad a dhíol go háirithe agus éarlaisí agus mar sin le híoc. Táimid ag súil anois le tuilleadh tacaíochta ón bpobal,” a dúirt de Spáinn.

Cuirfear tús gan mhoill le mórfheachtas bolscaireachta do Ravelóid agus fógraí teilifíse agus raidió beartaithe ag lucht eagraithe na féile.

€129 atá ar thicéad deireadh seachtaine do Ravelóid.

Cuirtear síos ar Ravelóid mar fhéile “úrnua uaillmhianach Ghaeilge…a chuirfidh ár dteanga agus ár gcultúr féin i lár an aonaigh agus os comhair an tsaoil mhóir”.

I measc na mbannaí atá le bheith ar ardán na féile tá Delorentos, Seo Linn, The Riptide Movement, Hothouse Flowers agus Kila.

I measc na gceoltóirí Gaeltachta atá le bheith ann tá Altan, Clann Mhic Ruairí, agus Doimnic Mac Giolla Bhríde.

Is féidir ticéad do Ravelóid a cheannach anseo.

Fág freagra ar 'An fhéile ‘Ravelóid’ i mbaol mura ndíolfar tuilleadh ticéad'