An fhéile cheoil Ravelóid á cur ar ceal i bhfianaise deacrachtaí airgid

Tuigtear do Tuairisc.ie gur glacadh an cinneadh Ravelóid a chur ar ceal nuair a chlis ar na hiarrachtaí a bhí ar bun ag an deireadh seachtaine dóthain ticéad breise a dhíol a thabharfadh slán í

concert-768258_1920

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfógrófar tráthnóna go bhfuil an mhórfhéile cheoil Ravelóid á cur ar ceal.

Tógadh an cinneadh Ravelóid a chur ar ceal mar gur chlis ar na hiarrachtaí a bhí ar bun ag an deireadh seachtaine dóthain ticéad breise a dhíol a thabharfadh slán an fhéile ón tsáinn airgid ina raibh sí.

Bhí Ravelóid le bheith ar siúl ag Caisleán Ard Giolláin i mBaile Brigín i gContae Átha Cliath ar an 10-11 Meitheamh agus í á heagrú ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Nós agus Oireachtas na Gaeilge.

Ba í seo an chéad iarracht mórfhéile dá leithéid a eagrú ach is cosúil nár éirigh le lucht a heagraithe dóthain ticéad a dhíol a chlúdódh na costais mhóra a bhaineann le féile mhór cheoil a chur ar bun.

Thug Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le fios do Tuairisc.ie Dé Luain go raibh “dóchas” ag lucht eagraithe na féile go rachaidh sí ar aghaidh mar a bhí beartaithe agus tús curtha le feachtas mór poiblíochta chun í a thabhairt slán ón mbearna bhaoil.

Bhíothas in amhras faoina raibh i ndán don fhéile nua Ghaeilge ó tháinig an scéala chun solais go raibh lucht a heagraithe faoi bhrú mór airgid agus go gcaithfí go leor ticéad eile a dhíol ar bhonn práinne le go mbeifí in ann an ócáid a chur ar bun.

Bhí an fhéile le bheith ina dlúthchuid de chlár Gaeilge Chomóradh 2016 an Stáit.

Bunaíodh comhlacht teoranta, Ravelóid, leis an bhféile a eagrú agus bhí ionadaithe ó chuid de na heagraíochtaí a bhí luaite leis an bhféile mar stiúrthóirí ar Ravelóid. Bhí cruinniú ag stiúrthóirí an chomhlachta ar maidin i gceannáras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ba ag an gcruinniú a aontaíodh go hoifigiúil go gcuirfí an fhéile ar ceal.

Níor éirigh le hiarrachtaí Tuairisc.ie teacht ar aon urlabhraí de chuid na féile.

Ní fios cé méid airgid a caitheadh ar an bhféile sular tógadh cinneadh gan dul ar aghaidh léi.

Agus na hiarrachtaí leis an bhféile a thabhairt slán fós ar bun ag an deireadh seachtaine, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill gur thuig lucht eagraithe na féile ó thús na dúshláin a bhainfeadh le reáchtáil na féile.

“Féilte móra eile mar seo, bíonn siad eagraithe ag comhlachtaí móra a bhfuil cúlchiste fairsing acu, agus ní bhíonn an brú céanna orthu na costais ar fad a bhailiú, trí réamhíocaíocht ticéad.

“Thuigeamar ón tús nach raibh sé sin againn agus muid ag tabhairt faoi Ravelóid; thugamar faoi mar fhéile phobalbhunaithe, ag tarraingt ar shaineolas agus ar dhea-mhéin oibrithe deonacha a bhí mar chúlchiste againn, agus ag súil le tacaíocht ón bpobal ar a bhfuil sé ag freastal chun beart a dhéanamh de réir briathar agus ticéid a cheannach roimh ré,” a dúirt Cóilín Ó Cearbhaill in alt leis a foilsíodh ar Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'An fhéile cheoil Ravelóid á cur ar ceal i bhfianaise deacrachtaí airgid'

  • Feardorcha

    Is trua sin. Bhí fiúntas leis an smaoineamh ach gur mhó súile an lucht eagraithe ná a n-acmhainní.
    Trua nach raibh iarracht déanta gabháil timpeall ar na fadhbanna, seachas treabhadh cruinn díreach ar aghaidh trína lár.
    D’fhéadfaí ticéid aon-lae a bheith eisithe, mar shampla nó fiú féile lae a dhéanamh de ar phraghas laghdaithe. Dá n-éireodh leis d’fhéadfaí tógáil air an bhliain seo chugainn.

  • Seán

    conas is féidir leo thíos i mBéal Feirste deireadh seachtaine imeachtaí is ceoil a chur le chéile
    https://www.facebook.com/liulunasa15/ bhí an iomairce éiri in airde ag baint leis an dtogra so ón gcéad lá. bígí ionraic agus cuiríg cúpla gig le chéile agus é a eagrú ón mbonn aníos mar athá déanta ag Misneach Bhéal Feirste.