An fhealsúnacht ghlas agus dathanna an tsaoil sa gheimhreadh i gConamara

Fuair ár gcolúnaí roinnt ábhar machnaimh faoi chúrsaí an tsaoil agus é ag tiomáint sa chlapsholas ar bhóthar sceirdiúil i gConamara

An fhealsúnacht ghlas agus dathanna an tsaoil sa gheimhreadh i gConamara

Clocha sneachta. Chuile mhúr acu ag cur dath geal ar an mbóthar. Iad fuadaithe chun bealaigh soir ó dheas aríst nó go dtagann dath dubh ar an spéir in athuair; múr eile sna sála ar an gceann a chuaigh roimhe agus teannadh gaoithe aniar aduaidh leis. 

Clapsholas. Bóthar sceirdiúil. An geimhreadh i gConamara.

Ruainne beag taobh thiar de dhroichead Uachtar Ard. Fear ar an ordóg. Nach minic a bhí mé féin ag iarraidh bealaigh. D’aithnigh mé an fear a luaithe agus a bhain sé an púicín de féin. Fear ‘glas’, fear ‘timpeallachta’ nó pé ar bith teideal a thabharfá do dhuine a bhfuil luí ar leith aige le cosaint na timpeallachta.

Dath dearg a bhí ar cheannaghaidh an fhir bhoicht. Bhí a dhóthain den aimsir faighte aige, clocha sneachta geala agus spéartha dubha.

É féin a dúirt gur chaill sé an bus as Gaillimh. Níor chuir mé aon chaidéis air faoina chuid bealaí taistil thairis sin. Bhí a fhios agam nár bhac sé le carranna. Fealsúnacht ghlas. Bealach dubh agus bán a bhí leis faoi cheisteanna ‘glasa’.

Fear deas suáilceach go deimhin. D’fhág mé sa mbaile é.

Ní raibh mé i ndiaidh na síbe sin air ná an taisteal breise a rinne mé chuig a dhoras i gcuid eile de Chonamara. Ach, bhí mé ag cuimhneamh go mb’fhéidir go bhfaigheadh sé neart eile den ghlasaimsir ar thaobh an bhóthair in Uachtar Ard murach mise agus mo chairrín díosail.

Caithfear cothrom na Féinne a thabhairt don díosal freisin – bíodh sé ina dhíosal dubh nó ina dhíosal glas, mar a bhíonn ag na feilméaraí sa tarracóir.

Tá cúpla dath ar an díosal agus is iomaí sin dath atá ar chúrsaí an tsaoil cé go bhfuil siad ann atá leáite isteach in aon dath amháin. Ábhar cainte é a ghiorródh bóthar i gConamara. 

Amuigh faoi chnoic Chonamara bhíodh fear ann a bhí ina chineál saoi ar chúrsaí an tsaoil. D’fhágtaí an focal deiridh aige i dteach an óil. Chonaic sé féin an saol ar bhealach dubh agus bán – ní raibh lár an bhóthair i gceist sa leagan amach a bhí aige ar imeachtaí na cruinne seo.

Bhí oíche ann agus bhí sé ag iarraidh an dubh a chur ar an mbán d’fhear eile. Ba é a dheireadh ná gur dhúirt sé amach os comhair a raibh i láthair: ‘Whether I am right or wrong, I’m right’. 

Tá an faisean céanna scaití ag daoine atá leáite isteach i ndath amháin, bíodh sé ina pholaitíocht, creideamh, timpeallacht no pé rud é.

Ach ba mhinic leis an bhfear seo, cé nach raibh dintiúirí coláiste aige, an t-ábhar a bhualadh ar an speireach.

Oíche dhá raibh an saol i gConamara á chur trína chéile, leag sé a dhá láimh ar an gcabhantar, shearr é féin théis lá fada oibre sa gcúpla garraí bán a bhí aige faoi scáth na mBeanna Beola. Bhreathnaigh ina thimpeall agus dúirt: ‘The motor car was the only thing that made life in rural Ireland tolerable.’ 

Níl a fhios agam cén sórt comhrá a bheadh idir é féin agus Alastair McKinstry. Tá Alastair tofa ina Chomhairleoir Contae agus is é an chéad bhall den Chomhaontas Glas é a bhuaigh suíochán ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Baineann sé le toghcheantar Chonamara Theas ach dáiríre tá sé lonnaithe ar an taobh ó thuaidh. Síos gar don loch i Maigh Cuilinn, gar go maith do chathair na Gaillimhe, atá cónaí air le scór blianta.

Ní eolaí mé ar thréithe an chine dhaonna ach sílim gur fear deas gnaíúil é Alastair ón mbeagán teagmhála a bhí agam leis ó toghadh é. Go n-éirí go geal leis ina chuid oibre.

Saineolaí aeráide é Alastair agus é i mbun oibre in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh. Mar a thuigfeá óna shloinne, tá cúlra tuaisceartach aige. As Contae an Dúin a tháinig a mhuintir roimhe anuas go Baile Átha Cliath, a deir sé liom, sna 1940idí. Ansin a rugadh é. D’fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide, áit ar bain sé amach a chuid cáilíochtaí eolaíochta. Tá oideachas acadúil den scoth air. 

Tá a chosa polaitiúla curtha i dtaca aige cheana féin, fiú agus go gceapfá go bhfuil sé glas go maith fós ar an gceird sin. Airgead amú é an bóthar atá ceaptha a dhul timpeall chathair na Gaillimhe, a deir McKinstry. Níor cheart é a dhéanamh. Tabharfaidh sé tuilleadh carranna an bealach agus cuirfear ráig eile truaillithe san aer dá bharr. Tá bealaí ann leis an trácht a mhaolú, a deir sé.

B’fhéidir é. Nó an mair a chapaill agus gheobhair féar (glas) atá i gceist?

Am éigin amach anseo a bheadh na bealaí seo ann. Cén t-achar é sin? Bhíodh ruainne de rópa ann fadó, tráth a mbíodh daoine ag maireachtáil ar bhealaí glasa i gConamara, an ‘róipín rua’ a thugtaí air. D’fháisctí anuas é ar an gcíb ar cheann an tí leis an mbraon anuas a choinneáil amach. B’fhéidir nár mhiste sórt leath-aistriúchán leathGhaelach a dhéanamh ar abairt Bhéarla anseo: ‘how long is a piece of róipín rua?’. 

Bhí fear léannta eile a bhí ina scoth-eacnamaí darbh ainm John Maynard Keynes. Bhí a chosa agus a inchinn daingnithe go maith ar an bhféar glas faoina chosa. Bhíodh seisean é féin ag cloisteáil cainte ar rudaí a ‘d’fhéadfaí a dhéanamh’ ‘am éigin amach anseo’. Ar nós fear na mBeanna Beola a rinne a chuid cainte le tacaíocht an chabhantair, labhair John Maynard Keynes ar bhealach simplí freisin: ‘In the long run,’ a deir an t-eacnamaí ‘we are all dead!’.

D’fhéadfá a dhul an-domhain sa bhfealsúnacht seo. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn ach caithfidh muid na cosa a choinneáil ar an talamh sa lá atá inniu ann freisin agus an treabhadh a dhéanamh de réir a chéile.  

Tá siad ann a deir go bhfuil an tuath sách bánaithe mar atá sí.

Agus cén chaoi a bhfaigheadh duine – bíodh sé glas nó a mhalairt – a mbeadh a éadan deargtha ag an ngaoth aduaidh agus dath bán na gclocha sneachta ar a chaipín – bealach abhaile ón doineann mura mbeadh braon díosail dubh sa gcarr ag duine éigin?  

Fág freagra ar 'An fhealsúnacht ghlas agus dathanna an tsaoil sa gheimhreadh i gConamara'

  • Aililiú!

    Ábhar machnaimh do lucht an dubh-agus-bán. Agus ní i measc na nGlasach amháin atá siad sin le fáil. Tá an brú anuas polaitiúil uilig ar thaobh na lonnaíochtaí uirbeacha. Is í an tsamhail eacnamaíoch atá bunaithe ar an “fhás” síoraí, ar an “éifeachtúlacht”, ar an tsaothrú ar mhórscála etc atá ag cur dreasú faoi bhánú na tuaithe agus faoi phlódú na mbailte. Tiontóidh an dream sin an ghluaiseacht ghlas chun leas a gcuid polasaithe craiceáilte féin. Sampla den chraiceáilteacht seo: Tá polasaí ag an Aontas Eorpach na gréasáin fuinnimh/leictreachais a cheangal le chéile agus a leathnú amach. Dá réir sin, tá an méid sin sa Phlean Náisiúnta Forbartha. Rud d’fhág gur cuireadh líne nua 110kv fríd cheantair caomhnaithe i dTír Chonaill; d’ainneoin gur chinn cigire pleanála an Bhoird Pleanála gur drochphleanáil a bhí ann, rialaigh an Bord go gceadófaí é (ceapacháin pholaitiúla uilig iad comhaltaí an Bhoird, agus daoine gan taithí ná oiliúint phleanála). Tá tuirbíní agus bóithre rochtana tuirbíní, agus píolóin agus línte os cionn talún maith go leor – tá airgead le déanamh astu. Mar an gcéanna, beidh le feiceáil an mbronnfaidh an Stát seo ceadúnas sirtheoireachtá mianraí miotail ar chomhlacht príobháideach ar mhaith leo Sléibhte Thír Chonaill a scrios ar lorg miotal buí. Agus an timpeallacht a nimhiú lena linn. Ach ní chuirfear bóthar nua siar Conamara; mura n-iarrfadh an Bhruiséil é!!

  • Simon Ó Faoláin

    Fad is a bhí Richard Bruton ag tabhairt an bhéil bháin ó thaobh cúrsaí athrú aeráide an tseachtain seo ‘mithe tharainn, bhí a lámh taobh thiar dá dhrom aige ag síniú ceadúnas do chomhlucht íle dul ag druileáil amach ó Chorca Dhuibhne…. Tuilleadh den chraic céanna.