An fhealsúnacht chéanna a mhol an imirce aimsir an Ghorta fós i réim

Is cosúil go leanann fuíoll gorta cúig ghlúin daoine agus is amhlaidh don mheon gur cheart an réiteach ar fad a fhágáil faoin margadh

An fhealsúnacht chéanna a mhol an imirce aimsir an Ghorta fós i réim

Marie Mannion, an Dr Gerard Moran, an tOllamh Christine Kinealy agus colúnaí Tuairisc.ie Seosamh Ó Cuaig ag an gcomhdháil faoi James Tuke i gCarna. Pictiúr: Seán Lydon

Ba bhreá go deo an léargas a tugadh dhúinn an deireadh seachtaine seo caite in Ionad na nImirceach i gCarna ar an nGorta Mór agus ar an ngorta a bhí ag bagairt aríst sna 1880idí. Sea agus ar an lorg a d’fhág siad orainne Éireannaigh go dtí an lá atá inniu féin ann.

Comhdháil a bhí ar bun faoin gcaoi ar chuir James Hack Tuke na mílte daoine bochta as Conamara agus as Iorras Mhaigh Eo go Meiriceá agus go Ceanada. Thug sin deis do na staraithe cumasacha a bhí i láthair uafás an ghorta a mhíniú go beacht soiléir. Rinne an Dr Christine Kinealy agus an Dr Gerard Moran é sin go paiteanta.

Is cosúil go leanann fuíoll gorta cúig ghlúin daoine. Bíonn tionchar aige ar airde agus ar théagar daoine agus ar an intinn freisin.

Ceaptar gur cúis amháin é le chomh coitianta agus atá meabhairghalar i measc na nGael ar fud an domhain.

Bean í Christine Kinealy nach gcreideann beag na mór gur ar na bochtáin féin is cóir milleán a leagan faoi iad a bheith ar an ngannchuid. Sin teagasc a bhí ag ceannairí na Breataine i rith an Ghorta Mhóir.

Tóg Charles Trevelyan mar shampla, an fear a bhí ceaptha a bheith ag déileáil leis an ngorta ó thaobh an rialtais de. Chreid seisean go diongbháilte gur tabhartas ó Dhia a bhí sa ngorta le ceacht a mhúineadh do na hÉireannaigh.

Tá daoine ann fós a bhfuil an creideamh céanna acu agus acadúlaigh ina measc.

Mar a mhínigh Criostóir Ó Maonaigh sa trácht a chuir sé as an Astráil chuig Tuairisc.ie an tseachtain seo caite, tá smaoineamh den chineál sin ag an staraí Kirby A Miller.

Ollamh in Ollscoil Missouri eisean agus scríobh sé ina leabhar Emigrants and Exiles gurbh as iarthar na hÉireann an chuid ba mhó de na daoine a chuaigh thar lear tar éis an Ghorta Mhóir, gur dream traidisiúnta coimeádach a bhí iontu agus gur chiallaigh sin nach raibh siad in ann in ann an saol nua a bharraíocht.

Ní dóigh liom gur mhínigh sé in áit ar bith cén t-athrú a bheadh ar chumas fear a bheadh ina chónaí ar naoi nó deich d’acraí de thalamh clochach agus é faoi bhos an chait ag tiarna talún a bhí ag baint lán na laidhre de chíos de.

Nil amhras ar bith nach compordach an áit é an túr eabhair a bhfuil cuid de na hacadúlaigh seo ina gcónaí ann.

Ní maith le hacadúlaigh a chéile a cháineadh go poiblí (déanann siad ar chúla téarma é). Ní raibh Christine Kinealy sásta Kirby a cháineadh ach ba léir nár aontaigh sí leis.

Rinneadh neart díospóireachta ag an gcomhdháil faoi scéim imirce James Hack Tuke.

De réir gach tuairisce ba dhuine daonnachtúil macánta a bhí ann ach ní shin le rá gur cheart dia beag a dhéanamh de.

Chreid sé i gcóras na dtiarnaí talún, ach na tiarnaí talún a bheith réasúnach, agus bhí sé in aghaidh Rialtas Dúchais d’Éirinn.

D’fhéadfaí argóint a chur chun cinn i gcónaí freisin gurbh fhearr i bhfad cuidiú le daoine sa mbaile ná cuidiú leo dul thar lear. Sin é an teagasc a bhí ag Conradh na Talún ag an am.

Bhí géarchéim ann cinnte in 1882 ach dhá bhliain ina dhiaidh sin bhí fómhar maith ann agus ní raibh fonn rómhór ar bith ar dhaoine a dhul thar lear. Níor theastaigh uathu ach lámh chúnta idir an dá linn, mar a dúirt cainteoir amháin.

An rialtas a chaithfeadh é sin a dhéanamh agus ní raibh siad sásta é a dhéanamh ar bhealach éifeachtach ar bith. Chaithfí an réiteach ar fad a fhágáil faoin margadh.

Chuirfeadh sé Mary Harney agus an Páirtí Daonlathach i gcuimhne do dhuine. Sea agus an fhealsúnacht is láidre fós ag Fine Gael agus ag Fianna Fáil agus nua-liobrálachas na Bruiséile ina phort ina gcluasa.

James Hake Tuke féin thuig sé, de réir a chéile, go gcaithfí forbairt a dhéanamh sna ceantair iargúlta thar rud ar bith eile.

Bhí sé ar dhuine den dream ba ghníomhaí i mbunú Bhord na gCeantar Cúng, dream a rinne sárobair.

Mar a dúirt an staraí áitiúil, Caitríona Uí Cheoinín, tháinig forbairt ar a chuid tuairimí le himeacht aimsire.

Bhí taispeántas ag an gcomhdháil de ghrianghrafanna a thóg Major Ruttledge- Fair i gConamara sna 1880idí.

Ar cheann acu bhí grianghraif de ghrúpa páistí scoile.

Dúradh ina dhiaidh sin gur aithnigh chuile dhuine acu na páistí eile ach nach raibh páiste ar bith acu a bhí in ann é féin nó í féin a aithint.

Ní raibh aon scáthán acu sa mbaile agus ní fhaca siad a n-éadan féin ariamh.

Fág freagra ar 'An fhealsúnacht chéanna a mhol an imirce aimsir an Ghorta fós i réim'