Scaoil chugainn é. B’in é an port ag formhór na bpáirtithe i dTuaisceart Éireann. Bhí siad ar bís chun toghcháin má b’fhíor. Nuair a shéid Rishi Sunak an fheadóg, é ina líbín mar thuar an mhí-áidh do na Tóraithe, ba léir gur chor míthráthúil é don DUP ach d’fhéadfadh an iomaíocht a bheith cinniúnach do na mórpháirtithe uilig an babhta seo.
Ba é an DUP an páirtí ba mhó ón tuaisceart in Westminster cúig bliana ó shin. Ocht suíochán a fuair siad ach tá an líon sin laghdaithe ó caitheadh Jeffrey Donaldson amach as an bpáirtí faoi Cháisc nuair a cúisíodh é as éigniú i measc choireanna gnéis stairiúla eile. Seacht suíochán a bhí ag Sinn Féin a dhiúltaíonn freastal ar pharlaimint na Breataine, dhá cheann ag SDLP agus ceann amháin ag Alliance, páirtí na comhghuaillíochta.
Tá dúshlán mór le sárú ag Gavin Robinson, ceannaire eatramhach an DUP maidir lena chinniúint féin agus rath an pháirtí. Tá a shuíochán féin, Béal Feirste Thoir imeallach agus ceannaire an Alliance Naomi Long sa tóir air arís. In 2010 threascair sise Peter Robinson, ceannaire an DUP ag an am, ach bhí an bua ag Gavin Robinson uirthi in 2015, eisean ina fheisire ó shin. In 2019 áfach ní raibh aige de mhóramh ar Long ach 1,800 vóta. Ó tá sé fógartha ag Jim Allister go seasfaidh an TUV sa toghcheantar toisc gur fhill an DUP ar Stormont in ainneoin teorainn a bheith i Muir Éireann rachaidh sé rite le Robinson a shuíochán a choinneáil. Beidh le feiceáil ar an 7 Meitheamh nuair a dhúnfaidh ainmniúcháin an seasfaidh an TUV lena bhagairt. An mbeidh Allister sásta an vóta aontachtach a scoilteadh i suíocháin imeallacha?
Tubaiste a bheadh sa teip don DUP atá lagaithe ag scannal Donaldson agus leibhéal na tacaíochta atá acu tite sa phobalbhreith séasúrach a rinneadh le gairid. Ní bheidh an t-iarcheannaire ag seasamh sa toghchán agus deireadh tubaisteach tagtha lena ré mar ionadaí dochloíte i nGleann an Lagáin. Beidh a chás ar ais sa chúirt ar an 3 Iúil, ceithre uaire fichead roimh an vótáil; ní iontas a iar-chomhghleacaithe a bheith neirbhíseach. Tá Sorcha Eastwood, Alliance, a bhain plaic mhór as vóta Jeffrey Donaldson in 2019 i mbun feachtais ó shin. Tá sí ag maíomh gur aicise atá an seans is fearr i nGleann an Lagáin an babhta seo. Sé Jonathan Buckley, Teachta Tionóil atá roghnaithe mar iarrthóir ag an DUP; ní raibh suim ag pearsana móra sa chath. Athrú talamhchreathach a bheadh ann feisire ‘neamh-aontachtach’ a bheith ag Gleann an Lagáin.
In Aontroim Theas, toghcheantar ina raibh babhtáil cheana idir an UUP agus an DUP, tá iar-aire sláinte Stormont, Robin Swann ag tabhairt dúshlán Paul Girvan a raibh móramh 2,600 aige in 2019. Creideann an UUP go bhfuil seans an-mhaith ag Swann a bheidh ag aistriú óna thoghcheantar Aontroim Thuaidh. Níor mhór don UUP cruthú níos fearr i mbun an fheachtais dósan ná mar atá déanta acu san Dún Thuaidh, áit ar thug siad isteach ‘réalta’ dar leo féin, chun dúshlán Stephen Farry, Alliance a thabhairt. Sé an Colonel Tim Collins a thuill cáil mar cheannaire míleata as óráid a thug sé dá shaighdiúirí san Iaráic in 2003 an t-iarrthóir. Is de bhunadh an Tuaiscirt é ach é lonnaithe i ndeisceart Shasana le fada. Rinne sé agallamh nuachtáin a léirigh easpa tuisceana ar an Dún Thuaidh a bhí beagnach dochreidte. Rinne Doug Beattie, ceannaire an UUP, praiseach d’agallamh lena iarrthóir a chosaint, na saoithe den bharúil gur cheart do Farry an t-agallamh sin a úsáid ina fheachtas.
Má thagann daoine atá in éadan Chreat Windsor agus an teorainn i Muir Éireann agus daoine atá croite ag cúiseamh Donaldson amach ag vótáil d’fhéadfadh an DUP titim go cúig shuíochán. Deir roinnt go bhféadfadh Loch Cuan a bheith imeallach freisin i ngeall ar athruithe ar theorainn an toghcheantair.
Beidh Sinn Féin ag dréim lena 7 suíochán a choinneáil cé go bhfuil feisirí ar nós Francie Molloy agus Michelle Gildernew ag éirí as. Bheadh suíochán Gildernew, Fear Manach agus Tír Eoghain Theas, níos imeallaí ná Lár Uladh mar a raibh Molloy. Tá an DUP ag tabhairt dúshlán John Finucane Shinn Féin i mBéal Feirste Thuaidh, an suíochán a bhain sé de Nigel Dodds, duine de sheanfhondúirí an DUP in 2019, ach ceaptar faoi láthair go mbeidh Finucane slán.
Tá Feabhail mar sprioc ag Sinn Féin freisin, áit ar bhain Colum Eastwood, ceannaire SDLP, an suíochán ar ais uathu in 2019 le móramh ollmhór. Seans go laghdófar farasbarr Eastwood ach ceaptar go mbeidh leis. Beidh feisire eile an SDLP, Claire Hanna ag cosaint móraimh ollmhór i mBéal Feirste Theas ach tá an toghcheantar athraithe. Béal Feirste Theas agus Lár an Dúin atá anois ann agus giotaí as Loch Cuan agus Gleann an Lagáin istigh leis. Tá an suíochán seo freisin mar sprioc ag Alliance ach deir na saineolaithe go gcoinneoidh Hanna é.
Beidh deis againn an iomaíocht sna 18 toghcheantar a scrúdú sna seachtainí seo romhainn. Níl an imirt ach ina tús agus déanfar tástáil ar na príomhpháirtithe ar fad. Beidh ról nach beag ag Jim Allister, an TUV is ag a lucht tacaíochta in Reform UK, fiú más ina lucht millte féin é.
Fág freagra ar 'An fheadóg séidte agus an DUP ag iarraidh teip thubaisteach a sheachaint'