An fhadhb is mó ná gur ‘cuma sa sioc’ leis na ranna rialtais faoin nGaeilge – an freasúra ag ullmhú do théarma Dála nua

Labhair Tuairisc.ie le polaiteoirí ón bhfreasúra faoi na ceisteanna teanga a bhfuil sé i gceist acu díriú orthu le linn an téarma Dála amach romhainn

An fhadhb is mó ná gur ‘cuma sa sioc’ leis na ranna rialtais faoin nGaeilge – an freasúra ag ullmhú do théarma Dála nua

Aengus Ó Snodaigh agus Catherine Connolly. Pictiúir: Rollingnews.ie

Bille teanga níos láidre, níos mó maoinithe, breis tacaíochta don oideachas Gaeilge, ceist thoghchán Údarás na Gaeltachta, polasaí do na hoileáin, géarchéim teanga na Gaeltachta agus a éifeachtaí is atá an córas pleanála teanga.

Sin cuid de na ceisteanna a mbeidh an freasúra ag díriú orthu agus ceist na teanga faoi chaibidil acu le linn an téarma Dála nua ar cuireadh tús leis inné.

Deir Cathaoirleach nua Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, Aengus Ó Snodaigh, gurb í an fhadhb is mó atá le sárú gur “cuma sa sioc” leis na ranna Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht.

Deir Leas-Cheann Comhairle na Dála, Catherine Connolly, a bhí ina cathaoirleach ar an choiste Gaeilge le linn an téarma dheireanaigh, go leanfaidh sí uirthi ag cur brú ar an Rialtas a aithint go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht agus go gcaithfear déileáil léi dá réir.

Dúirt Cathaoirleach nua an choiste Ghaeilge, urlabhraí Gaeilge Shinn Fein, Aengus Ó Snodaigh, gur ceann de na chéad rudaí a chaithfeadh sé a dhéanamh ná an coiste sin “a chur ar a chosa arís”.

“Caithfimid a bheith réidh le díriú isteach ar na mórcheisteanna a thagann chun cinn. Níl sé soiléir fós an mbeidh cúraimí na n-oileán ag lucht an choiste Gaeilge i mbliana mar a bhí cheana,” arsa Aengus Ó Snodaigh.

Deir sé go mbeidh ceist mhaoiniú na Gaeilge i measc na dtosaíochtaí eile a bheidh aige.

Ó tharla an comhthionól ó thuaidh ar ais agus “ní bheidh aon bhac ar an Rialtas seo maoiniú a chur ar fáil anois d’Fhoras na Gaeilge agus do na heagrais Ghaeilge,” ar sé.

Beidh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin ag díriú chomh maith ar chás an bhille teanga agus ar roinnt ábhar eile.

“Beidh mé ag déanamh cinnte de go gcuirfear brú ar an Rialtas maidir le foilsiú an Bhille Teanga agus an bille sin a dhéanamh níos láidre.

“Tá an bille an-tábhachtach ach ní hé amháin a dhéanfaidh tarrtháil ar an nGaeilge. Tá gá breathnú ar an ngaeloideachas, lasmuigh den Ghaeltacht agus ar chur i bhfeidhm an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht.

“Faoi láthair tá an Roinn Oideachais ag obair ar an mbunús go bhfuiltear le héileamh an Ghaeloideachais a shásamh seachas é a chothú agus sin rud a bheas mé ag díriú air go cinnte. Beidh mé ag díriú chomh maith ar cheist thoghchán Údarás na Gaeltachta. Ba cheart go mbeadh an tÚdarás aitheanta mar is ceart mar eagras fiontraíochta agus go mbeadh an maoiniú cuí ar fáil dó.”

Dúirt Ó Snodaigh go bhfuil sé dóchasach go dtiocfaidh athrú chun feabhais ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta le linn na tréimhse nua Dála, ach gurb é an dúshlán is mó a bheadh ann ná meon daoine sa Rialtas agus sa státchóras a athrú.

“Tuigim gurb iad na daoine ceannann céanna atá sna ranna rialtais, dream ar chuma sa tsioc leo maidir leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht ó thaobh cúrsaí oideachais, pleanála, comhshaoil agus a leithéid. Tá meas agam ar an méid atá ráite sa Dáil ag an Aire Gaeltachta Catherine Martin go dtí seo ach tá sí ag brath ar na ranna eile a ndualgas ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta a thógaint dáiríre.

“Cé go bhfuil na fadhbanna aitheanta sna straitéisí éagsúla gan tairbhe atá foilsithe ag an rialtas, léiríonn an ghéarchéim ina bhfuil an Ghaeltacht nár caitheadh airgead ceart sa Ghaeltacht ná ar an nGaeilge agus nár bronnadh cearta ar lucht na Gaeilge agus lucht na Gaeltachta,” a dúirt an cathaoirleach nua.

Leas-Cheann Comhairle na Dála, Catherine ConnollyPictiúr: RollingNews.ie / Oireachtas TV

Tá faoi Catherine Connolly, Leas-Cheann Comhairle na Dála, leas a bhaint as a ról nua chun an Ghaeilge a chur chun cinn i dTeach Laighean.

“Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom go gcloisfí an Ghaeilge níos minice i dTithe an Oireachtais go ginearálta,” arsa an Teachta Dála neamhspleách as Gaillimh Thiar.

Beidh sí ag díriú chomh maith ar an reachtaíocht atá geallta le fada chun an Ghaeilge a dhéanamh níos láidre, agus ar leisce an Rialtais a géarchéim teanga na Gaeltachta a aithint.

“Tá geallúint shollúnta tugtha ag an Rialtas go bhfoilseofar an bille teanga roimh Nollaig na bliana seo agus beidh mé ag ardú na ceiste sin go minic go dtí go bhfoilseofar é.

“Tá mé ag iarraidh go n-aithneoidh an Rialtas seo go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht mar nach féidir dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann go dtí go ndéanfar sin agus go dtí go mbreathnófar ar an nGaeilge mar chuid den réiteach seachas mar chuid den fhadhb.”

Dúirt Catherine Connolly go mbeadh scata ceisteanna eile á bplé aici sna míonna amach romhainn.

“Tá ceisteanna agam chomh maith faoi cad é mar atá ag éirí leis an gcóras pleanála teanga trí chéile. Agus tá muid fós ag fanacht ar pholasaí feamainne le go mbeadh buntáiste ann do dhaoine atá ag plé leis an obair sin le fada agus polasaí do na hoileáin. Sin dhá rud a chuir mé féin chun tosaigh anuraidh. Beidh mé ag cur brú ar an rialtas an dá pholasaí sin a fhoilsiú.

“Tá obair tosaithe againn maidir le reachtaíocht atá dírithe ar chomharchumainn, tá an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair ann ón 19ú haois. Tá suim faoi leith agam san ábhar sin, sa Ghaeilge agus san athrú aeráide, ” a dúirt an Teachta Connolly.

Ábhar eile a bhfuil práinn leis, a deir sí, is ea an breithiúnas a rinneadh le déanaí sa Chúirt Uachtarach a mheas go raibh Plean Gníomhaíochta an Rialtais i leith an Athraithe Aeráide gan mhaith toisc go leor éiginnteachta a bheith ag baint leis. Deir sí gurb é sin an breithiúnas ba shuntasaí a léigh sí le fada agus dúirt go mbeadh “ar an rialtas plean nua a fhoilsiú” mar go bhfuil sé “de cheart ag cosmhuintir na tíre a bheith ar an eolas faoin bpíosa reachtaíochta seo agus faoi na cuspóirí atá i gceist leis”.

Ó thaobh a dáilcheantair féin de, dúirt Catherine Connolly go mbeadh sí ag díriú ar an ngéarchéim tithíochta atá ann.

“Beidh mé ag éileamh go ndéanfar staidéar féidearthachta maidir le córas iarnród éadrom macasamhail Luas. Tá geallúint shollúnta tugtha ag an rialtas maidir le deireadh a chur leis an gcóras soláthar díreach agus beidh mé ag coinneáil súil ghéar air sin freisin.”

Fág freagra ar 'An fhadhb is mó ná gur ‘cuma sa sioc’ leis na ranna rialtais faoin nGaeilge – an freasúra ag ullmhú do théarma Dála nua'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Arís níor ardaíodh an cheist faoi cé chomh mór as riocht is atá teorannacha na Gaeltachta: do réir an Daonáirimh a tógadh 2016 bhí níos mó daoine sa Ghaeltacht oifigiúil ina gcónaí sna eastáit tithíochta ar imeall Cathair na Gaillimhe ná mar a bhí i nGaeltachtaí na Mumhan ar fad curtha le chéile! Nach fadhb é sin a chaithfear dul i ngleic leis má tá muid le tabhairt faoin ‘géirchéim teanga sa Ghaeltacht’? Cén fhad eile a bheas na polaiteoirí ar gach taobh de Theach Laighean ag seachaint an cheist mhór acrannach sin?

  • Gabriel Rosenstock

    Galf trí Ghaeilge do bhaill uile an Oireachtais?