An feisire parlaiminte a labhair Gaeilge in Westminister le bheith ina haoichainteoir ag ócáid i mBéal Feirste

Deir Jake Mac Siacais, stiúrthóir Forbairt Feirste, gur chuir caint Liz Saville-Roberts i bParlaimint Westminister ‘áthas mór’ ar Ghaeil Bhéal Feirste agus gurbh iontach an scéala go mbeadh sí ina haoichainteoir ag ceiliúradh bliantúil na Ceathrún Gaeltachta

An feisire parlaiminte a labhair Gaeilge in Westminister le bheith ina haoichainteoir ag ócáid  i mBéal Feirste

Beidh Liz Saville Roberts, an feisire Parlaiminte de chuid Plaid Cymru a labhair Gaeilge i bparlaimint Westminster le déanaí, ina haoichainteoir ag ‘Cothaigh’, mórimeacht bliantúil na Ceathrún Gaeltachta, léacht agus béile a bheas á reáchtáil sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar an 1 Nollaig.

Meastar gurb í Saville-Roberts an chéad duine le breis agus 100 bliain a labhair Gaeilge i bparlaimint Westminster, agus ceist á cur aici ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann Karen Bradley faoin éileamh ar acht Gaeilge don Tuaisceart.

Dúirt Jake Mac Siacais, stiúrthóir Forbairt Feirste atá i mbun ‘Cothaigh’ a reáchtáil, gur chuir caint Saville-Roberts in Westminister “áthas mór” ar Ghaeil Bhéal Feirste agus gurbh iontach an scéala go mbeadh sí i mbun cainte ag ceiliúradh bliantúil na Ceathrún Gaeltachta.

Ag labhairt di in Westminster, dúirt Saville-Roberts, atá ina feisire parlaiminte do Dwyfor Meirionnydd sa Bhreatain Bheag, gur “cearta daonna iad cearta teanga” agus go raibh “cothrom na Féinne tuillte ag lucht labhartha na Gaeilge”.

“Under the St Andrews Agreement of 2006 the British government pledged to introduce an ‘Irish Language Act based on the experiences of Wales and the Republic of Ireland’. Will the Minister uphold its commitment by introducing an Irish Language Act if power-sharing institutions are not restored within six months?” a dúirt sí.

Ina dhiaidh sin, chuir Saville-Roberts aistriúchán Béarla ar fáil don teach ar an chuid sin dá ráiteas a bhí i nGaeilge.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt Karen Bradley gur thuig sí go raibh tuairimí láidre ag daoine faoi cheist an achta Gaeilge ach nach bhféadfaí an bonn a bhaint de na socruithe bunreachtúla maidir le dílárú na cumhachta ‘ar fud na Ríochta Aontaithe’.

Ar an 19 Feabhra 1901 a thug Thomas O’Donnell, feisire parlaiminte agus gníomhaí de chuid Chonradh na Gaeilge as Ciarraí, cuid dá chéad óráid in Westminster i nGaeilge ar mhaithe le haird a tharraingt ar chás na teanga.

Dúirt O’Donnell go gcaithfeadh “labhairt ins an Feis Sacsanach seo in mo theanga féin”.

Fág freagra ar 'An feisire parlaiminte a labhair Gaeilge in Westminister le bheith ina haoichainteoir ag ócáid i mBéal Feirste'