‘An féidir liom ‘síocháin dhomhanda’ a rá gan cuma róshaonta a bheith orm?’

Caitheann Tuairisc súil chun cinn ar 2026 le Liam Ó Mocháin, déantóir scannáin a mbeidh an scannán is deireanaí uaidh, ABODE, le feiceáil san Eye Cinema i nGaillimh agus ar líne sa mbliain nua

‘An féidir liom ‘síocháin dhomhanda’ a rá gan cuma róshaonta a bheith orm?’

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2026?

Beidh mo scannán ‘ABODE’ ag teacht chuig pictiúrlann an Eye i nGaillimh i mí Eanáir 2026 agus chuig ardáin dhigiteacha ar nós apple/iTunes, amazon.ie, Googleplay agus áiteanna eile ón 5 Eanáir agus tá mé ag súil go mór le bheith á thabhairt thart chuig pictiúrlanna in 2026.

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2026?

Ag tabhairt an scannáin chéanna chuig pictiúrlanna sa Ríocht Aontaithe i mí Mhárta, go dtí Meiriceá Thuaidh agus tá súil againn chuig tíortha eile níos déanaí sa bhliain.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2026?

An rud a mbíonn eagla orm i gcónaí roimhe – billí!

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2026.

Ag dul ar saoire in áit the agus an obair a fhágáil i mo dhiaidh ar feadh píosa beag.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2026?

An féidir liom ‘síocháin dhomhanda’ a rá gan cuma róshaonta a bheith orm?

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2026?

Script nua a scríobh agus cúpla ceann eile a chríochnú a bhfuil mé ag obair orthu le blianta.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2026, céard a d’athrófá?

An aimsir agus costas maireachtála.

*Beidh an scannán ABODE le feiceáil san Eye Cinema i nGaillimh agus ar ardáin dhigiteacha ar nós iTunes, Googleplay ón 5 Eanáir, 2026. Tá blaiseadh den scannán le feiceáil sa mblaisín seo: https://vimeo.com/1089142448/a360545c75

Fág freagra ar '‘An féidir liom ‘síocháin dhomhanda’ a rá gan cuma róshaonta a bheith orm?’'