An féidir leas a bhaint as Brexit ar mhaithe le hÉirinn Aontaithe?

Tá Sinn Féin ag éirí rócheangailte leis an Eoraip, ag cosaint cheart an Tuaiscirt fanacht ann in ionad a bheith ag brú cheart an Deiscirt éalú as

An féidir leas a bhaint as Brexit ar mhaithe le hÉirinn Aontaithe?

An bhféadfaí leas a bhaint as Breatimeacht le hathaontú na hÉireann a chur chun cinn, díreach mar a d’fhéadfadh muintir na hAlban leas a bhaint as le neamhspleáchas na tíre sin a chur chun cinn?

Creideann Sinn Féin gur féidir. Tá siad ag treisiú ar a n-iarracht go reáchtálfaí reifreann faoin teorainn, agus ag tabhairt tacaíocht freisin do chás atá á dhéanamh sa chúirt i mBéal Feirste nach féidir le rialtas na Breataine na Sé Chontae a thógáil amach as Aontas na hEorpa mar gheall ar reachtaíocht Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tá béim á leagan ag Sinn Féin, go háirithe, ar an scéal gur vótáil móramh sna Sé Chontae, 56%, i gcoinne na Breatimeachta.

Ní léir ámh go gciallaíonn an vóta sin dáiríre gurbh fhearr leis an bpobal ó thuaidh (nó ón dá phobal mar is cruinne a rá) imeacht ón Ríocht Aontaithe ar mhaithe le fanacht in Aontas na hEorpa.

Is cosúil gur vótáil móramh mór den phobal náisiúnach i gcoinne na Breatimeachta, cuid mhór acu, ar ndóigh, a rinne amhlaidh bunaithe ar chomhairle Shinn Féin, agus seans maith gur athaontú na hÉireann a bhí ar intinn acu seachas todhchaí an Aontais Eorpaigh.

Mar an gcéanna maidir leis an bpobal Aontachtach. Agus iad faoi thionchar an DUP, bhí móramh beag díobh ar son na Breatimeachta. Feictear domsa gur vótáil an chuid eile den phobal Aontachtach ar son an Bhreatain fanacht san Aontas.

Ar an tuiscint sin, is deacair a shamhlú go bhfuil céatadán suntasach den phobal sin a bheadh sásta an nasc leis an mBreatain a chur ar ceal ar mhaithe leis an nasc leis an Eoraip a choinneáil.

Ní hin le rá nach cóir an cheist sin a chur. A mhalairt i mo thuairimse.

Is ceart go mbeadh reifreann faoin teorainn ann ó am go chéile. Thabharfadh feachtas reifrinn seans dóibh siúd atá i bhfabhar Éire Aontaithe an cás eacnamúil is polaitiúil a dhéanamh ar a shon sin – in ionad an scéal a fhágáil faoi lucht na gclaondearcthaí traidisiúnta.

Go deimhin tá feachtas den chineál seo á lorg ag Sinn Féin le cúpla bliain, ach ní bhfuair an páirtí aon tacaíocht dá n-éileamh ó pháirtithe móra eile an deiscirt. Go deimhin, cháin Fianna Fáil, Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre éileamh Shinn Féin.

Agus cé go bhfuil athrú poirt éigin anois ag na páirtithe sin faoin scéal agus taibhse na Breatimeachta ag bagairt, ní dócha go mbeadh siad sásta aon fhuinneamh a chaitheamh leis an éileamh ar reifreann ag an bpointe seo.

I gcás na hAlban, ar ndóigh, tugann Breatimeacht seans tábhachtach dóibh ceist an neamhspleáchais a chur ar an gclár oibre arís. Mar a dúirt iarcheannaire Pháirtí Náisiúnta na hAlban, Alex Salmond, níl sé de chead ag polaiteoir ar bith i Sasana srian a chur le dul ar aghaidh na hAlban.

Seans maith freisin gur vótáil roinnt díobh siúd in Albain a bhí i gcoinne na Breatimeachta ar mhaithe le ceist an neamhspleáchais a mhúscailt athuair.

Bheadh sé íorónta ar fad ar ndóigh, dá mbainfeadh na hAlbanaigh leas as Breatimeacht le neamhspleáchas a bhaint amach sula ndiúltódh aicme oibre na tíre sin don Aontas Eorpach is a chuid polasaithe déine!

Ag filleadh ar Éirinn, tá baol mór ann i gcás Shinn Féin go gcaillfidh siad tacaíocht ó dheas as a bheith ag tacú leis an Eoraip. Chuir Sinn Féin i gcoinne an Fhiontair Eorpaigh (an iarracht le hollstát a dhéanamh den Aontas) go rialta agus feachtais acu i gcoinne Chonradh Nice, Conradh Liospóin agus an Conradh Fioscach.
Tacaíonn timpeall 40% den phobal leis an dearcadh sin i dtaobh na hEorpa, ach toisc go bhfuil siad ag cur i gcoinne na Breatimeachta, tá Sinn Féin ag éirí níos ceangailte ná riamh leis an Eoraip, ag cosaint cheart an Tuaiscirt fanacht san Eoraip in ionad a bheith ag moladh cheart an Deiscirt éalú as.

Agus má theipeann ar an iarracht athaontú na hÉireann a chur chun cinn tríd an mBreatimeacht, agus creidim go dteipfidh, beidh sé an-deacair don pháirtí filleadh ar an bhfrithEorpachas a thuilleann an oiread sin tacaíochta dóibh.

Ar bhealach, léiríonn an chontrárthacht seo fadhb bhunúsach an pháirtí, agus tionchar suntasach na críochdheighilte: tá riachtanais éagsúla ann idir Tuaisceart agus Deisceart, agus mura dtéitear i ngleic leis an éagsúlacht sin go stuama d’fhéadfadh sé dochar mór a dhéanamh don pháirtí sa dá chuid den tír.

Ba é James Connolly, ar ndóigh, a dhiúltaigh do Rí Shasana is do Kaiser na Gearmáine araon. Agus sin í an cheist – an féidir saoirse na hÉireann a bhaint amach trí bheith dílis d’Aontas na hEorpa?
Agus an dtiocfaidh radacachas Shinn Féin slán ón dílseacht chéanna?

Fág freagra ar 'An féidir leas a bhaint as Brexit ar mhaithe le hÉirinn Aontaithe?'

  • Concubhar

    Tá Eoin chomh dall is a bhí sé riamh ar impléachtaí Sasamach. Leanann sé leis an mbolscaireacht leath bhacáilte in éadan an Aontais Eorpaigh agus é ag brú sinn, is cosúil, i dtreo caidreamh níos giorra le Putin nó May nó aon dream seachas an Aontas Eorpach. Deireann sé go bhfuil an tAontas Eorpach ag brú déine orainn – agus seans go bhfuil ach tá an Bhreatain á bhrú go tiubh is go te ar shaoránaigh na tire sin. Anuas ar sin tá sé ag gabhail den phort gur ghlac móramh na naisiúnach ó thuaidh comhairle SF votáil ar son fanacht. Ní raibh aon feachtas gurb fhiú tracht do ó thuaidh, ar son fanacht, agus gan postaer nó bileog le feiscint seachas an mhéid a bhí á chrochadh ag lucht ‘Imeacht’, aondachtaithe ‘crua’ den chuid is mó atá ag iarraigh ding suntasach a chur i gComhaontú Aoine An Chéasta agus uisce lena bhfiacla le dóchas go gcuirfear teorainn ‘crua’ idir dhá thaobh an oileáin. Ní miste leo má chuireann sé sin isteach ar a bhfeirmeoirí agus eile an fhaid is go sasaíonn sé an ainmhian seicteach. Ní h-é go bhfuil an tAontas Eorpach foirfe ach is fearr sinn ann nó as. Is mó seans go mbeidh níos mó aondachtaithe ag teacht i dtreo Éirinn Aontaithe de réir mar a fhásann an tuiscint gur cinneadh ar mire é molta ag ceannairí atá bailithe leo abea an vóta imeacht ón Aontas Eorpach. Gach lá a ghealaíonn, is mó daoine atá ag teacht ar an dtuiscint sin. An rud atá á bhaint amach ag an mBreatain ná an mhalairt den rud atá siad ag iarraidh – beidh siad lasmuigh den Aontas agus ag iarraidh bheith ag trádáil lei. Beidh na coinniollacha diana trádála á gcur i bhfeidhm orthu ag an Aontas agus is ar éigean go mbeidh cara fagtha acu. Beidh orthu teorainn crua a chur timpeall ar an mhéid den Bhreatain a bheidh fagtha tar eis go bhfagann Alba agus, ar ball, Tuaisceart na hÉireann comhluadar na Riochta Aontaithe.
    Fagfar an Bhreatain in áit na leathphingine seachas mar a bhí sí agus b’fhéidir go mbeidh an lá ag teacht go ndéanfar ath-aontú ar an dtír seo. Is cinnte gur chuir an vóta ar son ‘Sasamach’ ding idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart na hÉireann agus na h-aondachtaithe measartha ann. Is dea thoradh é sin ar Shasamach, is dócha, cé ná raibh sé i gceist. An donas ná an oiread dochair atá déanta don Aontas Eorpach leis an gcacstaí seo ar fad. Tacaíonn Trump, Farage agus na h-oinsigh eile le “Sasamach” mar gur féidir leo a gcasanna cúnga a chuir chun cinn agus srianta ar inimirce is eile a lorg faoi scamall ‘Sasamach’. Cén fath go bhfuil Eoin ar a shon?

  • Eoin Ó Murchú

    Má bhí eurofanatic riamh b’é Concubhar é. Ní féidir leis smaoineamh taobh amuigh den bhosca ar chor ar bith. Táimse i bhfabhar Éirinn ní hamháin saor ach aontaithe chómh maith; ní hamháin aontaithe ach saor chómh maith. Ní fheicim go bhfuil an impireacht Eorpach puinn níos fearr ná an impireacht Shasanach. Ach tá Concubhar bocht dallaithe ag an bhfrith-Rúiseachas a léiríonn sé arís is arís. Ní argóintí a rá go bhfuil Putin ar a shon nó ina choinne, ach seo é an leibhéal cainte a chleachtaíonn Concubhar.

  • Iarla

    Tá níos mó gaoise agus tuisceana léirithe i bhfreagra ‘Chonchubhair’ ná mar atá san alt.

  • Lonán Ó Lorgnáin

    Cibé barúil atá ag duine i dtaca leis an mBreatimeacht, le hathaontú na hÉireann 7 le hAontas na hEorpa, is deas an rud go bhfuil an scéal ríthábhachtach seo á chur anois i mbéal an phobail ag éinne ar mhaithe leis an muintir ar thaobh seo na hEorpa (agus ar dhá thaobh na teorann), seachas a bheith ag ‘fanacht go bhfeicfimid’ – GRMA a Eoin Uí Mhurchú.