An féidir cur chuige an stáit a fheabhsú chun mórfhorbairt riachtanach a bhrostú?

Is léir le tamall go bhfuil moill as cuimse á cur ar mhórscéimeanna éagsúla a theastaíonn go géar mar gheall ar fhás an daonra agus mar gheall ar fhorbairt eacnamaíochta

An féidir cur chuige an stáit a fheabhsú chun mórfhorbairt riachtanach a bhrostú?

Is féidir a bheith réasúnta cinnte faoin rogha a dhéanfadh tuismitheoirí, chomh maith le go leor daoine eile, dá mbeadh orthu rogha a dhéanamh idir an dá chur chuige seo:

  1. Costas tógála Ospidéal Náisiúnta na Leanaí a choinneáil chomh híseal agus is féidir; nó
  2. An t-ospidéal a bheith ar lán-oscailt a luaithe agus is féidir.

Déarfaidh mórán ar ndóigh gur áiféiseach an rogha í agus gur féidir an dá thrá a fhreastal. Má bhíonn riar ceart ar thogra ba chóir go gcríochnófaí gan mhoill é (má fhágtar cor gan choinne as an áireamh) agus ar chostas ciallmhar.

Ní hionann rogha mar atá thuas a phlé agus a rá gur féidir neamhshuim a dhéanamh de chostas. Ná a rá gur chóir dearmad a dhéanamh den phraiseach a rinne cúig rialtas de scéal Ospidéal Náisiúnta na Leanaí ó socraíodh go dtógfaí é in 2006.

Ní hionann é agus a rá ach oiread gur chóir dearmad a dhéanamh den fhreagracht atá ar chúigear airí sláinte a bhí freagrach as an togra go dtí seo – Mary Harney, James Reilly, Leo Varadkar, Simon Harris agus Stephen Donnelly. Ná ar na daoine a cheap na hairí chun súil a choimeád ar thógáil an Ospidéil (féach an amlíne thíos).

Má ghlactar leis go forleathan áfach go bhfuil mórthogra áirithe riachtanach, agus má chuirtear moill air arís eile, agus má chuirtear moill air ar feadh scór blianta, ní foláir an cur chuige is cúis leis a athrú.

Is léir le tamall go bhfuil moill as cuimse á cur ar mhórscéimeanna éagsúla a theastaíonn go géar mar gheall ar fhás an daonra agus mar gheall ar fhorbairt eacnamaíochta. Ní bhaineann an mhoill le cead pleanála amháin ach le pleanáil den uile chineál.

Ní tearc na réimsí ina bhfuil easpa agus riachtanas á léiriú – maidir le tithíocht ar ndóigh mar a thuairiscítear gach lá beagnach.

Is amhlaidh cás le soláthar uisce, leis an gcóras iompair, leis an gcóras sláinte, agus le tógáil an infreastruchtúir a theastaíonn chun cumhacht leictreach a ghiniúint ar bhealaí inbhuanaithe.

Beidh dlúthbhaint ag na mórthograí a theastaíonn chun freastal ar na riachtanais seo le leas eacnamaíochta agus sóisialta na tíre amach anseo. Tá eagrais ghnó abhus agus infheisteoirí ón iasacht ag moladh go mbrostófaí cur chuige an stáit chun déileáil leo, agus tá an baol a bhainfidh le teip follasach, chomh maith leis na ceisteanna a spreagfaidh a thuilleadh faillí.

An mbeidh scéal chomh tarraingteach ar chumas an IDA a inseacht thar lear? Is é sin murar léir d’infheisteoirí go mbeidh tithíocht, scoileanna, córas iompair agus córas leighis na tíre ar chaighdeán a dheimhneoidh go mbeidh comhlachtaí ábalta teacht gan stró ar lucht oibre?

An bhfuil duine sa tír nach n-aontódh le tuairim iarghobarnóir Bhanc Ceannais na hEorpa, Mario Draghi a dúirt i dtuairisc a chuir sé faoi bhráid Choimisiún na hEorpa an mhí seo caite go gcuirtear moill níos mó (naoi mbliana ar an meán) ar thógáil muilte gaoithe ar tír mór in Éirinn ná in aon bhallstát eile san AE?

Scéal Ospidéal Náisiúnta na Leanaí

2006 Chinn an rialtas gur in aice leis an Mater i mBaile Átha Cliath a thógfaí an t-ospidéal
2011 Cuireadh iarratas pleanála chuig an mBord Pleanála
2012 Dhiúltaigh an Bord Pleanála don iarratas
2015 Cuireadh iarratas go dtógfaí an t-ospidéal taobh le hOspidéal Naomh Séamus chuig an mBord Pleanála
2016 Cheadaigh an Bord Pleanála tógáil an ospidéil
2017 Thosaigh an obair thógála agus mí Lúnasa 2022 beartaithe i gcomhair na hoscailte
2020-21 Chuir an phaindéim stop leis an tógáil agus moill air ina dhiaidh sin
2022- ? Thosaigh aighneas idir an comhlacht tógála agus bord thogra an ospidéil. Meastar anois nach mbeidh an t-ospidéal ar lán-oscailt go dtí 2026

Nach léiríonn an tréimhse ceithre bliana a thóg sé cinneadh pleanála a dhéanamh faoin ionad sonraí a mhol Apple a thógáil in aice le Baile Átha an Rí i gContae na Gaillimhe go bhfuil an córas pleanála rómhall agus róchasta?

Nach léir lag-chur chuige maidir le feabhsú an chórais iompair phoiblí ón gcinneadh a fógraíodh roimh olltoghchán Dé Máirt go rachfaí chun cinn le síneadh beag ar an gcóras Luas i dtuaisceart Baile Átha Cliath?

Táthar ag súil, mura gcuireann cúrsaí pleanála moill ar an obair, gur in 2031 a osclófar an líne trí Fhionnghlas – seacht mbliana chun líne ceithre chiliméadar a thógáil! Cén fáth nach bhfuil Luas beartaithe i gCorcaigh (Cluas?) ná i nGaillimh (Gluas?), ainneoin na dtranglam tráchta a fheictear sa dá chathair gach lá?

Dúirt innealtóir a d’oibrigh ar thógáil an tram-chórais i mBaile Átha Cliath leis an scríbhneoir seo nuair a osclaíodh an síneadh deireanach ar an gcóras in 2017 gur léirigh a thógáil agus forbairt mhall an chórais ó am go ham laige mhór i gcur chuige an stáit.

“In áit an fhoireann a bhí i mbun na hoibre a chur ag obair in áit éigin eile inar léir an riachtanas, scaipfear iad. Nuair a bheartófar líne eile,” a dúirt sé, “beidh earcú agus ullmhúchán riachtanach – ní féidir a leithéid a dhéanamh go gasta. Níl aon chiall leis.”

Is sampla é Bordeaux den dea-thoradh a bhíonn ar fhorbairt leanúnach agus phleanáilte, mar a chonaic an scríbhneoir seo le gairid. In imeacht 22 bliain, tógadh tram-chóras sa chathair (daonra: 1.1 milliún) atá dhá uair níos mó na córas Bhaile Átha Cliath, agus líne go dtí an t-aerfort san áireamh.

Ní réiteoidh an bille pleanála nua ach sciar beag de na laigí a chuireann bac ar fhorbairt dá leithéid sa tír seo. Tá roinn nua infreastruchtúir molta ag Simon Harris chun tabhairt faoi thograí móra ach ní dheimhneoidh bunú roinne nua feabhas.

Ní cheist fhadtéarmach í seo, ná ceist a bhaineann le riachtanas fadtéarmach. Beidh €14 billiún le caitheamh ag an rialtas (a bhuí le cás cánach Apple) a thoghfar an mhí seo chugainn.

Tá géarghá le comhthuiscint agus le cur chuige faoin dóigh is fearr leis an airgead a chaitheamh go fiúntach agus gan mhoill.

Fág freagra ar 'An féidir cur chuige an stáit a fheabhsú chun mórfhorbairt riachtanach a bhrostú?'

  • Brian

    Ba chóir go mbeadh coiste idir-rannach lán-aimseartha faoi stiúr oifig an Taoisigh chun déileáil le géarchéimeanna náisiúnta ar nós tithíocht.
    Seo sampla den easpa struchtúir chun déileáil leis an ngéarchéim tithíochta atá againn le níos mó ná deich mbliana. Cúpla bliain ó shin chun talamh a aithint a bheadh oiriúnach do thithíocht bunaíodh coiste ad hoc de státseirbhísigh shinsearacha, bainisteoirí i ngníomhaireachtaí Stáit agus saineolaithe acadúla. Is obair dheonach sa bhreis ar an gnáth ualach oibre a bhí i gceist!
    Níl aon struchtúr foirmiúil comhordaithe idir-rannach ann inar féidir déileáil le géarchéimeanna náisiúnta ar bhealach comhordaithe.
    Aithníonn IBEC go bhful fadhb againn, is é sin nach bhfuil a dhóthain seirbhíseach poiblí ann chun an tír a fhorbairt

    .