An féidir Chelsea a stop?

Agus tús á chur le Príomhroinn Shasana an athuair an deireadh seachtaine seo, caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil i ndán dúinn i bhfianaise a bhfuil tarlaithe ó mhí Lúnasa

 

Jose Mourinho
Pictiúr: ©INPHO/Getty Images

1. An féidir Chelsea a stopadh?

Ar na scéalta nár tharraing mórán cainte an séasúr seo caite bhí teip Chelsea. Cén fáth nach raibh an lá leo sa deireadh? Rinne Manchester City agus Liverpool a ndóthain botún le deis a thabhairt d’fhir Mourinho ach nuair a sciorr Steven Gerrard in Anfield an lá cinniúnach sin, bhí a mbuile tugtha cheana féin ag Chelsea.

An locht is mó a bhí ar Chelsea anuraidh, an t-aon locht b’fhéidir, ná nach raibh tosaí sách maith acu. Tá réiteach na faidhbe sin aimsithe agus Diego Costa ceannaithe acu ó Atletico Madrid. Tá gach uile rud ag Costa a mbíonn Mourinho ag súil leis ina chuid tosaithe. Tá sé laidir, tá sé in ann cosaint a dhéanamh ar an liathróid. Agus murab ionann is Torres, tá Costa in ann an liathróid a chur san eangach.

Ag cruthú na seansanna do Costa tá fear a ceannaíodh le linn an tsamhraidh, Cesc Fabregas. Ón uair a thosaigh sé leo, bhí iarimreoir Arsenal istigh leis féin ar fhoireann Chelsea agus tá sé féin agus Costa ag déanamh scrios. Bhí cosaint laidir ag Chelsea i gcónaí ach tá faobhar faoi ionsaí anois freisin acu, agus beidh sé deacair ag aon fhoireann iad a cheansú.

2. Cá seasann Liverpool?

Deirtear nach bhfuil a leithéid ann agus imreoir atá níos tábhachtaí ná an fhoireann, ach cuir ceist ar lucht tacaíochta Liverpool faoin méid sin agus drochsheans go n-aontóidh siad leat. Scóráil Luis Suarez 33 cúl sa tsraith anuraidh agus níl Mario Balotelli, ná na himreoirí eile a cheannaigh siad sa samhradh, ag déanamh mórán chun imeacht Suarez a chúiteamh.

Ní hamháin go bhfuil fadhbanna ag Liverpool cúil a aimsiú ach tá fadhb acu freisin maidir len iad a ligean isteach ag an taobh eile den pháirc. Ba é an      droch-chosaint seo a chinntigh nár bhuaigh siad an tsraith an séasúr seo caite agus ní bhreathnaíonn sé go bhfuil aon réiteach faighte acu ar an scéal. Is ceap magaidh é gur chaith an club €20m ar an gcosantóir Dejan Lovren agus cé gur cheannaigh siad beirt lánchúlaithe, Javi Manquillo agus Alberto Moreno, is mó an tsuim acusan in imeacht ar an ionsaí ná a mhalairt.

Tá Daniel Sturridge le filleadh ó ghortú an deireadh seachtaine seo. Is mór an dualgas a bheidh air.

Bhí cuma i bhfad níos dainséaraí ar Liverpool nuair a bhí Sturridge ar an bhfoireann, go háirithe sa bhua in aghaidh Spurs. Mura bhfuil seisean in ann an beart a dhéanamh, agus má choinníonn Liverpool orthu ag ligean isteach cúil bhoga, beidh sé fíordheacair dóibh áit i Sraith na gCuradh a a bhaint amach.

3. Cé chomh maith atá Southampton?

Tá Southampton ag suí sa triú háit agus bíodh gur chaill siad an cluiche deireanach a bhí acu roimh an mbriseadh idirnáisiúnta, tá siad fós chun tosaigh ar fhoirne ar nós Manchester Utd, Arsenal agus Liverpool.

Tá comparáid shuimiúil le déanamh idir Liverpool agus foireann Ronald Koeman. Mar a dúirt muid, chaill Liverpool an t-imreoir is fearr a bhí acu agus tharla an rud céanna do Southampton. Ní hamháin sin ach d’imigh Rickie Lambert, Adam Lallana agus Rickie Lambert uile chuig Liverpool; chuaigh Luke Shaw go dtí Manchester Utd agus tá bainisteoir na bliana seo caite Southampton, Mauricio Pochettino, i gceannas ar Spurs anois.

Ina ainneoin seo, níor thit an tóin ar fad as Southampton mar a bhí á thuar ag daoine. Le Koeman, tá an fear ceart ar an stiúir agus chaith siad go stuama cuid den airgead a tháinig isteach sa samhradh. Cheannaigh siad Dusan Tadic agus Graziano Pelle chun áit Lambert agus Lallana a líonadh. Fuair siad beirt chosantóirí den scoth i Ryan Bertrand agus Toby Alderweireld gan oiread agus pingin a chaitheamh.

Is deacair a shamhlú go mbeidh Southampton ag fanacht san áit a bhfuil siad faoi láthair, ach beidh siad san iomaíocht d’áit san Eoraip.

An iad Man Utd Liverpool na bliana seo?

Ar thaobh amháin, tá Di Maria, Mata, Rooney, Van Persie agus Falcao agat. Ar an taobh eile, tá Jones, Smalling, Blackett, James agus McNair agat.

Ní foláir go bhfuil na cluichí traenála idir cosantóirí agus tosaithe Man Utd fíorshuimiúil.

Ar fhoireann amháin tá cuid de na imreoirí is fearr ar domhan, agus ar an bhfoireann eile tá scata cosantóirí ar a bhfuil amhras faoi chumas cuid acu agus gan mórán taithí ag éinne acu.

Is é an cuspóir atá ag Louis Van Gaal ná an grúpa seo a thabhairt le chéile agus foireann cheart a dhéanamh díobh. Beidh a ndóthain cúl á scóráil ag Man Utd as seo go deireadh an tséasúir, ach is í an cheist mhór ná an mbeidh siad in ann iad a choinneáil amach ag an taobh eile.

Cé gur chaith Utd pointí uathu i gcluichí in aghaidh Swansea, Sunderland, Leicster agus Burnley, tá foireann Van Gaal fós sa cheathrú háit sa tsraith.

Mar a dúirt sé féin le déanaí, más fíor go bhfuil United ag imirt go dona faoi láthair, cuimhnigh ar a ndéanfaidh siad nuair a thosóidh siad imirt go maith.

Níl aon fhoireann a chríochnaigh sa chéad deich áit sa Phríomhroinn anuraidh imeartha fós ag Utd, ach tá na tosaithe acu chun foireann ar bith a bhualadh.