An féidir athmhúnlú a dhéanamh ar Fhianna Fáil?

Tá Fianna Fáil ag dul in aois agus mura mbeidh ról faoi leith aige is ar éigean go mairfidh sé

An féidir athmhúnlú a dhéanamh ar Fhianna Fáil?

An féidir athmhúnlú a dhéanamh ar Fhianna Fáil mar atá á mholadh ag Barry Cowen, Willie O’Dea is daoine eile a bhíonn ag clamhsán go bhfuil sé thar am ag an bpáirtí a dtraidisiún poblachtánach a athghabháil?

Seachtain ó shin d’fhoilsigh O’Dea alt binbeach ag rá go bhfuil an páirtí fós in aimhréidh agus gan aon todhchaí le dealramh rompu. 

Roimhe sin mhol Cowen gur chóir don pháirtí gan ligean do Shinn Féin an poblachtánachas a ghlacadh chuige féin.

Tá seisean ag iarraidh cruinniú speisialta den pháirtí chun athbhreithniú a dhéanamh ar a bpolasaí i leith na ceiste náisiúnta. Agus níl sé ina aonar. Labhair daoine ar nós Billy Kelliher ar an gcaoi chéanna i bhfad rompu.

Ach cén fáth a leithéid de bhuairt anois, agus an féidir i ndáiríre talamh na Poblachta a ghabháil ar ais?

Siar ag deireadh na bliana seo caite, chuir mé ceist ar Tuairisc an raibh biseach i ndán d’Fhianna Fáil.

Ag an am bhí cuma níos fearr ar fhigiúirí tacaíochta an pháirtí. I ndiaidh don pháirtí a bheith taobh thiar de Shinn Féin agus d’Fhine Gael freisin, bhí comharthaí ann go raibh siad ar comhscór le Fine Gael agus meas níos mó ar a gceannaire Micheál Martin ná mar a bhíodh.

Ach tá deireadh tagtha leis an téarnamh ó shin. I mí na Bealtaine, mar shampla, sna cúig phobalbhreith a foilsíodh sna meáin mhóra, fuair Fianna Fáil 16% ag Red C, 15% ag Ireland Thinks, 15% ag Red C arís, agus 17% ag Ireland Thinks arís tá seachtain ó shin.

Bhí siad níos fearr as i gceann amháin de na pobalbhreitheanna, 24% ag B&A, figiúr nach bhfuil ag teacht le fianaise ar bith eile aon áit eile.

Más fíor do na figiúirí sin – agus níl aon fhianaise eile againn – chaillfeadh Fianna Fáil suas le deich suíochán dá mbeadh toghchán ann anois.

Is cosúil gurb é an toradh ar chinneadh Micheál Martin Fine Gael seachas Sinn Féin a roghnú ná go bhfuil Fianna Fáil lagaithe as cuimse.

Mar ní hamháin go bhfuil leibhéal tacaíochta íseal acu ach is ar éigean go bhfuil vótaí ar bith acu i measc daoine óga. Go deimhin, an dream óg atá ag fulaingt mar gheall ar an gcóras tithíochta a bheith ina chíor thuathail.

De réir fhigiúirí B&A, na figiúirí is fearr dóibh, baineann 17% dá gcuid tacaíochta le daoine idir 18-54 agus baineann 34% di le daoine níos aosta ná sin. Mar a chéile atá an fhianaise ó Ireland Thinks: 13% idir 18-54, ach 25% acu ó dhaoine níos aosta.

Tá an páirtí ag dul in aois, agus mura mbeidh ról faoi leith aige is ar éigean go mairfidh sé.

Dar le Cowen agus O’Dea tá todhchaí gan mhaith rompu, agus, dar le Cowen, tá sé práinneach go ndéanfaidís rud éigin faoi.

Ar an taobh eile, deirtear liom go bhfuil Martin slán mar cheannaire ar an bpáirtí, cé go gceapann an chuid is mó acu go n-éireoidh sé as an gceannaireacht nuair a thiocfaidh Leo Varadkar isteach mar thaoiseach ag deireadh na bliana seo.

(Tá tuairimí ann go bhfuil Martin ag lorg post bog éigin sa Bhruiséil).

Ar ndóigh sé Martin an bac is mó roimh iarracht an pháirtí tacaíocht a fháil uathu siúd atá ag iarraidh athaontú na tíre. Ach fiú má athraíonn Fianna Fáil a bport, is léir go mbeidh siad sa dara háit ag tacú le rialtas Shinn Féin má tá a dtacaíocht ag teastáil ón bpáirtí sin.

Ní hin atá ó Willie O’Dea, agus b’fhearr leisean go bhfanfadh an páirtí amach as comhghuaillíocht ar bith ag súil go dtiocfadh an pobal ar ais chucu nuair a theipfeadh ar na roghanna eile.

Ach mura nglacann tú páirt sa gcluiche, cén mhaith thú ar chor bith? An chaidhp bháis a bheadh ansin, measaim.

Tá fuinneamh ag Cowen, agus tuigeann formhór an pháirtí go gcaithfidh siad rud éigin nua a thriail chun daoine a mhealladh má tá aon téarnamh i ndán dóibh. Ach an bhfuil a phlean ró-éiginnte? An bhfuil an páirtí féin ró-scoilte idir poblachtánaigh mheasartha den seanchineál, lucht tacaíochta chórais leasa shóisialaigh, lucht molta an rachmais agus eile?

An bhfuil talamh le treabhadh a dhéanfadh éagsúil ó Fhine Gael iad ar thaobh amháin, nó éagsúil ó Shinn Féin ar an taobh eile?

Táim féin in amhras go bhfuil.

Fág freagra ar 'An féidir athmhúnlú a dhéanamh ar Fhianna Fáil?'

  • An Teanga Bheo

    Tá sé sach óg le bheith ina Uachtarán ar Éire fós

  • Antóin

    Ní inniu ná inné a thug Fianna Fealltach Fáil cúl le cine.Tá fear i gceannas orthu nach gcreideann i gceannas an stáit ná i neodracht an stáit, a cheapann gur coincheapa seanchaite iad sin agus a cheapann gur Eorpaigh sinn. Ach ar ndóigh, is ola ar chroí a chuid máistirí sa Eoraip é sin a chloisteáil.

  • Pádraig O'hEipicín

    Í bhfad uainn an t-olc. é a bheidh ina Uachtarán ar Éire. An búdánaí mhallachta úd.

  • An Teanga Bheo

    Meastú an múnla de Jack Lynch é