Buaic saoil an tuairisceora spóirt an deis a bheith ar fáil freastal ar mhórimeachtaí áitiúla agus náisiúnta, agus, má tá an t-ádh leis nó léi, idirnáisiúnta. Níl lá dá n-éirím nach dtuigim an t-ádh a bhí orm slí bheatha a bhaint as an ngairm ba ghaire de mo chroí.
Ba bheag míbhuntáiste a bhí ag baint leis ach tháinig ceann acu ar ais i mo chuimhne an deireadh seachtaine seo caite nuair a chuala mé go raibh Gerald Whyte, iar-rúnaí de chuid Choiste Chiarraí CLG, imithe ar shlí na fírinne, trócaire air. Ba é a bhí i mbun an chúraim sin i 1982 nuair a shéan cúl cáiliúil Shéamuis Darby an cúigiú craobh as a chéile ar chontae dúchais an Fhaoitigh.
Nuair a roinneadh amach dualgais oibre fhoireann Raidió na Gaeltachta an tseachtain roimhe sin, fágadh an cúram ormsa tuairisc na himeartha a chur le chéile agus cúpla agallamh a thabhairt liom as seomra feistis na Ríochta nuair a bheadh an cluiche thart.
Ba bheag scáth a bhí orm roimh a raibh le déanamh agam mar go mba í mo thuairim gur le Ciarraí a bheadh an lá –tuairim ar aontaigh formhór an phobail léi.
Agus mé ag cur mo thóin fúm in Ardán Uí Ógáin bhí mé thar a bheith sásta deis a bheith agam an stair a fheiceáil á scríobh agus deis a fháil ina dhiaidh sin labhairt le Páidí, Ogie, Seán Walsh agus le mo chomhghleacaí i Rannóg Spórt Raidió na Gaeltachta, Liam Ó hUigínn, a bhí ina roghnóir.
Nuair a scóráil Páidí féin an cúilín a thug farasbarr ceithre cinn dá fhoireann agus gan fágtha ach cúig nóiméad, thosaigh mé ag roinnt na gceisteanna i mo chloigeann – an scór cinniúnach sin an chéad cheann a chuirfí air siúd go cinnte. Laghdaigh dhá chic saor de chuid Matt Connor an bhearna ina dhiaidh sin ceart go leor, ach bhí múnla mo thuairisce ag teacht le chéile i m’intinn nuair a thosaigh lánchúlaí Uíbh Fháilí Liam Connor ar a ruathar amscaí síos an pháirc.
Rug Darby ar a chic agus an liathróid ag tuirlingt ar an líne 20 méadar (tar éis dó Tommy Doyle a chur dá bhuille a déarfadh go leor, ach is cuma sin anois), chas ar thaobh na ciotóige agus níor chónaigh a chic gur lúb sé a bhealach thar Charlie Nelligan agus isteach san eangach.
Bheadh beagán ama agam níos deireanaí le hathchóiriú a chur ar an tuairisc a raibh an creatlach i m’intinn, ach anois láithreach bhí orm aghaidh a thabhairt ar sheomra feistis na foirne a bhí ar thairseach na staire nóiméad roimhe sin agus anois a raibh a ré caite.
Ní thabharfainn a shamhail ach a bheith le hais duine a chaith a thicéad san aer le ríméad ar a fháil amach dó go raibh na Euromillions buaite aige agus a chonaic ansin an písín páipéir ag titim isteach i lár na tine.
Ní tharlódh a leithéid inniu ar ndóigh tar éis cluiche dá leithéid mar gur amhlaidh a thugtar bainisteoirí agus imreoirí amach chuig na hiriseoirí atá ag fanacht leo i seomraí speisialta agallaimh – ach i 1982 ní raibh i ndán don duine ach an t-aistear uaigneach chomh fada leis an seomra feistis ba ghaire don bhaile mór ar thaobh Ardán an Ógánaigh.
Ní i bhfad a thóg sé ach nuair a tháinig mé ar an láthair ní raibh de shamhail le fáil ach an t-amharc a chonaic na mairnéalaigh a chuaigh ar bord an Mary Celeste amach ó na hAsóir 110 bliain roimhe sin.
Bhí an doras oscailte amach, chuile sholas sa seomra lasta agus an áit chomh ciúin leis an uaigh. Bhí na himreoirí éalaithe leo – cé a thógfadh orthu é – agus an t-ionad ina raibh an gabhar le róstadh chomh tréigthe le baile an tSléibhe Mhóir in Acaill.
Bhí mé iompaithe ar mo sháil nuair a chuala mé an fhuaim ba lú as an gcúinne ab fhaide uaim sa gcuid thall den seomra feistis – Gerald Whyte ag bailiú an chuid dheireanach den fheisteas imeartha a bhí caite i dtraipisí faoi dheifir ag na himreoirí agus iad ag teitheadh as an áit agus ón ócáid a bheadh á gciapadh an chuid eile dá saol.
Bhí aithne mhaith againn ar a chéile agus thug mé faoi deara deoir ina shúil. Níorbh ábhar iontais sin ach an oiread. Bhreathnaigh sé ar an taifeadán, chroith sé a chloigeann agus thug faoin doras. Bhí sé leath bealaigh amach tríd nuair a d’iompaigh sé ar a sháil, shuigh síos ar bhinse agus chuir a athrú intinne in iúl le nod eile dá cheann.
Ná fiafraigh díom céard a dúirt sé san agallamh agus beagnach dhá scór bliain dár gcionn is cuma ar aon nós.
A ghníomh an rud ba thábhachtaí – gníomh duine a raibh sé d’fhearúlacht ann ceart a bhaint den ualach mór a bhí tagtha gan choinne ar a ghuaillí agus sásta trí nóiméad dá chuid ama a roinnt nuair a bhí an taoide tráite.
Trócaire Dé ort, a Gerald. Bhí mé buíoch riamh ó shin duit agus beidh anois go deo.
Fág freagra ar 'An fear uasal le deoir ina shúil a casadh orm i seomra feistis Chiarraí i 1982…'