An fear clis nár éirigh leis an gcóras dlí is cirt an tsúil ribe a chur air

Bhí meitheal RTÉ i mbun fiosraithe faoi chaimiléireacht an Ruiséalaigh agus tar éis pianbhreithe le déanaí bhíothas in ann bailchríoch a chur ar an gclár agus é a chraoladh

An fear clis nár éirigh leis an gcóras dlí is cirt an tsúil ribe a chur air

Pictiúr: RollingNews.ie

Chuirfeadh an clár Patrick Russell: Barrister and Conman an saothar is déanaí ó rannóg imscrúdaithe RTÉ, alltacht, drochmhianach agus corrabhuais ort. I gcaitheamh na mblianta d’éirigh leis an bhfear clis seo file caoch a dhéanamh do 60 duine agus tuairim is €8 milliún a shniogadh uathu lena bhriathra milse díomhaoine agus lena chamastaíl shleamhain ghlic.

Faoi dheireadh an chláir an rud is mó a bheadh ag dó na geirbe agat ná nár éirigh leis an gcóras dlí is cirt an tsúil ribe a chur air ar feadh i bhfad.

Dá fhad a théann an madra rua beirtear sa deireadh air agus cúpla seachtain ó shin gearradh téarma príosúnachta ceithre bliana air agus an bhliain dheireanach curtha ar fionraí. Bhí meitheal RTÉ i mbun fiosraithe faoi chaimiléireacht an Ruiséalaigh roimhe sin agus tar éis na pianbhreithe sin bhíothas in ann bailchríoch a chur ar an gclár agus é a chraoladh.

Fear glic, seiftiúil, neamhthrócaireach, coráistiúil ba ea an Ruiséalach is léir. É beag beann ar an slad airgeadais agus meabhairshláinte a d’fhág sé ina dhiaidh. Chuir rannpháirtithe an chláir ina luí orainn gurbh í a phearsantacht an uirlis ab éifeachtaí a bhí aige. Thrácht siad ar fhear cliste, pléisiúrtha, léannta, greannmhar, nádúrtha agus staidéartha. Fear a chuir a íospartaigh ar a suaimhneas agus a chinntigh gur chuireadar muinín ann gan an iomarca ceisteanna a chur.

Is i bhFionnghlas i mBaile Átha Cliath a tógadh Russell agus is ann a chuaigh sé i mbun camastaíle ar dtús. Bhí muintir Wilson béal dorais agus tháinig sé i dtír orthu siúd nuair a gortaíodh duine de na hiníonacha, Esther, go dona i dtimpiste bhóthair i 1985.

Bhí céim faighte ag an Ruiséalach ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus é ag maíomh gur comhairleoir airgeadais é. Bhronn an chéim cuma na measúlachta air agus cuireadh leis seo nuair a cháiligh sé mar abhcóide in 2001. Chuir máthair Esther muinín ina comharsa agus tugadh luach €150,000 dó le hinfheistiú d’Esther.

Bhí an buille buailte agus an gaiste tabhartha.

Nuair a thosnaigh muintir Wilson á cheistiú, sin í an uair a thosaigh an chluas bhodhar, an cur ó dhoras, an bhrille bhreaille, na leithscéalta gan dealramh agus na geallúintí bréige. Seo an cur chuige a d’úsáid Russell ar feadh na mblianta nuair a bhí airgead a chuid íospartach ina phóca aige. Labhair muintir Wilson go hionraic faoin náire agus an frustrachas a bhí orthu. B’éigean dóibh dul i muinín na cúirte faoi dhó lena gcuid airgid a fháil arís agus ní bhfuaireadar sásamh go dtí 2004.

Ní raibh sé ach ina thosach. Roimh 2001 fiú, bhí feisteoir siopaí, tiománaí tacsaí, na coimisinéirí ioncaim, comhlacht dí, agus dhá bhanc tar éis é a thabhairt chun cúirte le cothrom na Féinne a fháil. Deineadh dreasanna cainte le go leor dá íospartaigh agus labhair siad ar fad go macánta faoin tionchar airgeadais agus an tionchar ar a meabhairshláinte. Faoi 2013 bhí sé ag ligint ar féin go raibh comhlacht airgeadais aige agus é ag mealladh táillí ó dhaoine saonta d’iasachtaí nach dtiocfadh go deo.

Ní hamháin gur shlog an tseift seo Felix O’Mahony ach bhí an oiread sin measa agus muiníne aige sa bhfear gur chuir sé é in aithne do dhaoine eile é agus thiomáin sé timpeall é. D’fhág sin go rabhthas á lua le caimiléireacht an Ruiséalaigh, rud a fhágann lorg ar O’Mahony go fóill. Bhí sé lánmhothúcháin, deisbhéalach agus macánta ina chuid cainte.

An rud is mór a chuir alltacht orm féin gur éirigh le Russell na cosa a thabhairt leis. Baineadh m’anáil díom nuair a tugadh le fios gur chinn Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí gan é a chúiseamh tar éis do na Gardaí fiosrúchán seacht mbliana a chríochnú in 2015.

Clár tomhaiste a thugann cuntas cuimsitheach ar fhear clis a thug na cosa leis ar feadh na mblianta.

Fág freagra ar 'An fear clis nár éirigh leis an gcóras dlí is cirt an tsúil ribe a chur air'