An fear as Gaeltacht Chonamara a raibh rúin Uachtaráin SAM ar eolas aige…

‘Óstán an Uachtaráin’ a thugtaí ar an óstán in aice leis an Teacht Bán a mbíodh Pete Flaherty as Maigh Cuilinn ag obair ann

An fear as Gaeltacht Chonamara a raibh rúin Uachtaráin SAM ar eolas aige…

Ní raibh deoraí sa seomra mór, ornáideach.  Ach dá bhféadfadh na hornáidí labhairt – dá bhféadfadh! 

“Anseo anois a bhí siad,” a deir Pete Flaherty liom. “Tháinig sliocht na hÉireann go Washington an lá úd; bhíodar cruinnithe anseo ag an ócáid cheiliúrtha, JFK agus Jacqueline, na Cinnéidigh uilig agus na sluaite eile”.

Ba as Maigh Cuilinn i nGaeltacht na Gaillimhe é Pete. An uair sin nuair a casadh ormsa é sna 1990idí, bhí sé i gceannas ar an concierge uilig in Óstán an Mayflower, 1127 Connecticut Avenue in Washington. Fear ard, ligthe. D’imir sé peil Ghaelach ina óige.  Sna 1950idí a tháinig sé go Meiriceá agus bhí formhór a shaoil caite aige ag obair san Mayflower Hotel. 

Ba í ócáid cheiliúrtha – Presidential Ball – an Uachtaráin John F. Kennedy an rud ba mhó a bhí beo ina intinn. Lá agus oíche nuair a ghlac sliocht imircigh an Ghorta as Éirinn smacht polaitiúil ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Anseo, san óstán ornáideach a osclaíodh i 1925 a rinneadh an príomhcheiliúradh ar insealbhú an 35ú Uachtarán, an chéad Chaitliceach agus an duine ab óige go dtí sin a chuaigh i gceannas ar an Teach Bán. 

Cúig nóiméad siúil ón Teach Bán atá Óstán an Mayflower. Baisteadh ‘The Presidents Hotel’ air mar go mba é rogha go leor Uachtarán é mar láthair le haghaidh ócáidí ceiliúrtha insealbhaithe. Théadh Uachtaráin ar cuairt ann scaití – roinnt mall san oíche go minic – le deoch a ól agus ag comhrá a dhéanamh. Chuir Pete Flaherty eolas ar sheachtar acu. 

“Theastaíodh seirbhís uathu roinnt mall scaití ar nós duine ar bith eile,” arsa Pete. “Chuirtí mé féin ar dualgas go minic nuair a bhíodh Uachtaráin istigh.” 

Cé acu Uachtarán ab fhearr leis mar dhuine? Is dóigh go raibh an cheist curtha air go minic mar bhí freagra aige ar an bpointe boise: “Richard Nixon.” Tuige Nixon? “Thaitin sé liom mar dhuine,” arsa Pete. “Bhí sé meabhrach freisin, an-mheabhrach.” 

Ar Dwight D. Eisenhower is túisce a fuair sé eolas; bhí eolas a bheag nó a mhór faighte orthu uilig aige idir sin agus aimsir George H.W. Bush. I mblianta sin Bush a chas mé le Pete Flaherty san Mayflower. 

Ba é an tUachtarán Calvin Coolidge an tUachtarán ba thúisce a rinne a chuid ceiliúrtha Uachtaránachta san Mayflower Hotel go gairid théis don Óstán oscailt i 1925.

Chaith Franklin Roosevelt tréimhsí ag fanacht ann agus bhí Harry Truman ann seasta go maith. Tharla sin uilig roimh thréimhse Pete Flaherty.

Ní glóir agus oidhreacht agus rialú na tíre uilig a bhí mar chúis leis na séirsí a thug cuid de na hUachtaráin agus cuid eile de na polaiteoirí ar an Mayflower. Tá sé ráite i leabhair faoi John F. Kennedy gur fhan sé i dteagmháil leis an Mayflower le linn dó a bheith sa Teach Bán. De réir scéil, d’fhanadh cara leis darb ainm Judith Exner ansin agus théadh sé ar cuairt chomh fada léi. Deirtear freisin go ndéanadh Judith na cúig nóiméad siúil chomh fada leis an Teach Bán nuair a bhíodh Jacqueline Kennedy imithe as Washington. 

Sna 1990idí, bhíodh Monica Lewinsky ag fanacht scaití san Mayflower agus ba ansin a cheistigh na póilíní í faoi imeachtaí áirithe a bhí ar bun san am sin. 

Bhí eolas ag an Uachtarán Bill Clinton ar an áit freisin.

Chuir Elliot Spitzer, an Gobharnóir ar Stát Nua-Eabhrac a chois ann san Mayflower i 1908 nuair a tugadh faoi deara go raibh cairdeas idir é féin agus striapach ardnósach san Óstán. B’éigean dó éirí as a phost. 

Ach beag beann ar an gcuid sin den saol, maireann cáil Óstán an Uachtaráin i gcónaí.

Bhásaigh Pete Flaherty in 2011 agus is dóigh gur iomaí sin eolas a thug sé leis go dtí an uaigh. Fear suáilceach, coinsiasach a bhí ann; ní de thimpiste go gcuirtí é ag freastal ar Uachtaráin Mheiriceá go domhain san oíche. 

Táim cinnte gur fhan an oíche sin go díreach glan 60 bliain is an oíche anocht (20 Eanáir) ina chuimhne go dtí lá deireanach a shaoil. B’in í oíche mhór na hÉireann san Mayflower. John F. Kennedy istigh mar an 35ú Uachtarán agus an ‘Presidential Ball’ sa seomra mór ornáideach. 

Astu siúd ar fad a bhí i lár an urláir an oíche sin, corrdhuine acu atá fanta. Níl ach duine amháin a bhí ina cuid de Camelot – ré órga na gCinnéideach sa Teach Bán – beo anois, sin í Ethel Kennedy, bean chéile Bobby Kennedy a bhí ina Ard-Aighne i Rialtas a dhearthár. Tá sise ard go maith sna nóchaidí de bhlianta. Rinne sí cláracha teilifíse lena hiníon tamall blianta ó shin agus ba léir nach raibh chuile shórt i bpríomhchathair Mheiriceá chomh hórga leis na hornáidí, an ceol agus an chóisir mhór san Mayflower in Washington ar an 20 Eanáir, 1961. 

Ach mar a dúirt an t-amhrán, bhí Camelot ann aon uair amháin – ar feadh tréimhse ghairid ghlórmhar chonspóideach. 

Tá Óstán an Mayflower lán go doras an tseachtain seo agus daoine in Washington le haghaidh insealbhú Joe Biden. Ach de bharr Covid-19 tá srian ar imeachtaí eile. Beidh an seomra mór san Mayflower folamh. Is beag duine a mbeidh aon chuimhne aige ar ócáid na gCinnéideach seasca bliain ó shin. 

Agus ní bheidh gíog as na hornáidí. 

Fág freagra ar 'An fear as Gaeltacht Chonamara a raibh rúin Uachtaráin SAM ar eolas aige…'