An fear a thug an Piarsach go Ros Muc

D’iarr Pádhraic Ó Conghaile ar Chonradh na Gaeilge duine a chur anuas as Bleá Cliath le scrúdú a chur orthu. Ba é an Piarsach a tháinig

Pearce cottage

An lá faoi dheireadh fuair mé ríomhphost ó mo chara Mícheál Ó Máille. Céard a tharla do Phádhraic Ó Conghaile, a d’fhiafraigh sé? Cá ndeachaigh sé sa deireadh?

Is é Mícheál Ó Máille atá ina Phríomhoide i Scoil an Ghoirt Mhóir i Ros Muc. Fear é a bhfuil an-suim go deo aige sa stair, go mór mór sa stair áitiúil. Bíonn sé i gcónaí ag spreagadh a chuid daltaí le  tuilleadh eolais a bhailiú faoi stair Ros Muc.

Maidir le Pádhraic Ó Conghaile, b’eisean a bhí ina Phríomhoide i seanscoil an Ghoirt Mhóir i dtús an chéid seo caite.

Ba é freisin ba chúis le Pádraig Mac Piarais a thabhairt go Ros Muc an chéad lá riamh.

Sa mbliain 1903 a tharla sé sin. Bhí rang oíche sa scoil do dhaltaí a d’fhéadfadh a bheith feilteach le bheith ina múinteoirí Gaeilge amach anseo.

D’iarr Pádhraic Ó Conghaile ar Chonradh na Gaeilge duine a chur anuas as Bleá Cliath le scrúdú a chur orthu. Ba é an Piarsach a tháinig.

Sa mbliain 1934 rinne tuairisceoir as Scéals Éireann agallamh le Pádhraic Ó Conghaile.

Ní raibh an Piarsach ach trí bliana fichead (23) nuair a tháinig sé i dtosach, a dúirt sé. B’fhacthas dó féin go raibh sé tarraingthe, tnáite. Bhí téarma trom staidéir curtha de aige agus na céimeanna B.A. agus B.L. bainte amach aige.

Thaitnigh an taobh tire thar cionn leis agus dúirt sé gur mhaith leis saoire a chaitheamh ann aríst. Thug Ó Conghaile agus a bhean cuireadh dhó a theacht anuas an bhliain dar gcionn. Bhí an bhean ag múineadh sa scoil freisin.

Ghlac an Piarsach leis an gcuireadh agus tháinig sé chucu na blianta ina dhiaidh sin, go dtí gur thóg  sé an teachaín os cionn Loch Oiriúlach.

Thug Pádhraic Ó Conghaile rudaí áithrid faoi deara faoin bPiarsach.

Théadh sé amach ar an loch, a dúirt sé, ach ní mharaíodh sé aon bhreac. Bhíodh trua aige do na bric. Ní ligfeadh a choinsias dhó aon cheann acu a mharú.

Cuireann sé sin scéal i gcuimhne dhom a d’insíodh mo mháthair faoina huncail, Colm Ó Gaora. Cara mór leis an bPiarsach agus le Pádhraic Ó Conghaile a bhí ansiúd. Bhí seisean freisin amuigh i 1916,  i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad.

Rud a chuireadh iontas uirthi i gcónaí, a deireadh sí, chomh cineálta agus a bhí Colm le hainmhithe agus le feithidí.

Dá mbeadh féileacán sáinnithe taobh istigh ar fhuinneog na cisteanaí, d’éiríodh sé ón mbord, thógadh sé amach a naipcín póca agus ligeadh sé an féileacán saor.

Ach fós ba chosúil go mbeadh sé breá sásta saighdiúiri Shasana, nó saighdiúirí an “Free State”,  a mharú.

D’inis mé an scéal sin do chara soiniciúil de mo chuid uair amháin. Thuigfinnse go maith an dearcadh a bhí aige, a dúirt sé; ní dhearna an féileacán aon dochar dhó ariamh.

An ceathrú bliain a dtáinig an Piarsach go Ros Muc, thug sé daltaí as Scoil Éanna anuas in éineacht leis agus roinnt cairde freisin, Clann Uí Phluincéid ina measc. Chaitheadh siad go leor den am Tigh Chonghaile.

Thagadh an Piarsach chuile shamhradh ina dhiaidh sin, cés móite den bhliain a raibh sé i Meiriceá.

Ba cuimhin le Pádhraic Ó Conghaile gur i Ros Muc a bhí an Piarsach nuair a tugadh na gunnaí isteach go Beann Éadair. Tháinig sreangscéal chucu féin ag rá leis an bPiarsach filleadh ar Bhleá Cliath láithreach. “Eggs arrived safely” an teachtaireacht a bhí sa sreangscéal.

Chaitheadh an Piarsach go leor dá chuid ama i Scoil an Ghoirt Mhóir ag éisteacht leis na daltaí ag Gaeilgeoireacht. Théadh sé ar fud an cheantair ag comhrá leis na daoine agus ba mhinic sa mbáidín ar Loch Oiriúlach é.

Théadh sé ag seoltóireacht ar farraige scaití freisin sa mbád a bhí ag mo shin-sheanathairse, an “Naomh Pádraig”.

Bhí rothar aige agus théadh sé féin agus a dheartháir Liam ag rothaíocht ar fud Chonamara.

Samhradh amháin tháinig a mháthair agus a chuid deirfiúracha go Ros Muc agus chuaigh sé féin agus iad féin go Casla agus go Cloch na Rón ar charr cliathánach.

Fear an-chrúógach a bhí sa bPiarsach chuile lá riamh ach chodlaíodh sé amach é go dtí an haon déag sa ló corruair. Ach, mar a dúirt Pádhraic Ó Conghaile, b’fhéidir nach mbeadh sé ina chodladh go breacadh lae roimhe sin, bhíodh an oiread fonn cuartaíochta air i dtithe na háite, ag caint agus ag comhrá ach ag éisteacht go haireach an chuid ba mhó den am.

An lá i ndiaidh luíochán Scríb i 1921, dhóigh fórsaí na Breataine chúig theach i bparóiste Ros Muc. Bhí Teach an Phiarsaigh, Teach Uí Chonghaile agus Teach na nGaorach orthu sin.

Nuair a hathchóiríodh Teach an Phiarsaigh ina dhiaidh sin, thóg Muintir Uí Chonghaile ar cíos é ar feadh tamaill.

Tá cóipeanna de litreacha faoin ábhar sin idir iad féin agus Maighréad Nic Phiarais sa Leabharlann Náisiúnta.

Is cosúil go raibh lámh ag Pádhraic Ó Conghaile i gCogadh na gCarad freisin. Is gearr ó chuir comhlacht ceantála Adam’s sreangscéal ar díol a chuir Liam Ó Maoilíosa chuig Pádhraic Ó Conghaile i 1922.

Seo mar a bhí sa sreangscéal: “Please inform O’Geary  I will be round about 5 o’clock.” Ba é Colm Ó Gaora a bhí i gceist aige, ar ndóigh.

Céard a tharla do Phádhraic Ó Conghaile? Cá ndeachaigh sé sa deireadh?

Go Bleá Cliath a chuaigh sé, de réir cosúlachta.

D’éirigh liom cuntas a fháil ar adhlacadh a bhean chéile i Reilig Ghlas Naíon sa mbliain 1937. Dúradh gur chaith sí 37 bliain ag múineadh i Ros Muc. Bhí a fear céile beo ina diaidh.

Deir muintir na reilige liom nach bhfuil seisean curtha in éineacht léi. Is aisteach liom sin.

B’fhéidir go mbeadh leitheoirí Tuairisc.ie sásta cabhrú linn anois. 29 Clare Road an seoladh a bhí ag Jane Uí Chonghaile nuair a cailleadh í.

179 Botanic Road, Glasnevin a tugadh síos mar sheoladh do Phádhraic Ó Conghaile i 1934.

An mbeadh léitheoir eicínt sásta dul go dtí an dá theach sin agus iarracht a dhéanamh an tóraíocht a chur céim eile?

Fág freagra ar 'An fear a thug an Piarsach go Ros Muc'

  • Aindí

    Is fuath liom ‘Bleá Cliath’ a fheiceáil. Le bhur dtoil, scríobh ainm ár bpríomh cathair i gceart. Baile Átha Cliath.

    • Seosamh Ó Cuaig

      Céard faoin gcabhair a d’iarr muid i mBaile Átha Cliath? Féach an paragraf deireanach san alt.

  • Seosamh

    Alt thar a bheith suimiúil.