Fear a bhásaigh i dtine i nGaeltacht Thír Chonaill ainmnithe

Bhásaigh Jimmy Campbell ag a theach cónaithe sa Ghaeltacht Láir tráthnóna inné. Tá na Gardaí i mbun fiosrúcháin i láthair na huaire ach tá an chosúlacht ar an scéal gur trí thimpiste a thosaigh an tine

Fear a bhásaigh i dtine i nGaeltacht Thír Chonaill ainmnithe

Ainmníodh ar maidin an fear a bhásaigh i dtine ina theach cónaithe i nGaeltacht Thír Chonaill tráthnóna inné.

Tugadh le fios ar an gclár Nuacht an Tuaiscirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gurbh é Jimmy Campbell, baintreach fir atá ceithre scór blianta d’aois, a bhásaigh. Bhásaigh sé ag an teach ar an gClochán sa Ghaeltacht Láir inné. Chuir comharsa Campbell fios ar na seirbhísí éigeandála i dtrátha a 2 a chlog nuair a chonacthas toit ag éirí as an teach.

Tháinig na seirbhísí dóiteáin agus otharcharr chuig an teach, áit a raibh Campbell ina chónaí leis féin, agus tugadh amach as an teach é ach bhásaigh sé ar an láthair.

Tá scrúdú iarbháis á dhéanamh ar an gcorp in Otharlann Leitir Ceanainn ar maidin.

Rinne an deatach damáiste don teach agus bhí an Garda Síochána i mbun fiosrúcháin faoi údar na tine tráthnóna aréir, ach tá an chosúlacht ar an scéal gur trí thimpiste a thosaigh an tine.

Fág freagra ar 'Fear a bhásaigh i dtine i nGaeltacht Thír Chonaill ainmnithe'