Is deacair a dhéanamh amach agus sinn i dtús feachtais sraithe cé na ba atá le cur thar abhainn ag na foirne éagsúla san earrach i mbliana agus is deacra ná san arís ciall éigin a bhaint as an gcúram go léir agus na ba céanna gafa trasna na habhann.
Toisc go raibh bearna mhór idir tús agus deireadh na sraithe in 2020, agus toisc go ndeineadh dhá lomadh leath des na ranna anuraidh, d’fhéadfaí a áiteamh nach raibh aon fheachtas ceart sraithe le dhá bhliain anuas againn.
Ní dóigh liom go mbeidh muintir Chiarraí féin ag áireamh an dá chraobh sraithe a déarfaidh an stair leo atá buaite in 2020 agus 2021 acu agus bí siúráilte nach gá d’aoinne a rá leo gur cosúil go bhfuil an gaol a bhíodh idir feachtais maithe sraithe agus craoibhe iompaithe bun os cionn le tamall, leis, acu.
Ar a shon san féin, ba chóir go mbeadh lucht leanta na caide scoite chuige an deireadh seachtaine seo agus más aon slat tomhais na sluaite a bhí ag freastal ar chluichí ins na comórtaisí neafaiseacha go dtí seo, tá goile géar le sásamh.
Beidh na cluichí sraithe ag teacht go tiubh, go te agus go tapaidh anuas sa mhullach ar a chéile as seo go dtí tús an Aibreáin agus fiú má tá ábhar beag den gcur i gcéill is den nganfhiosaíocht i gceist le cuid des na cluichí sraithe, gheobhfar luathéachtaint tráthnóna inniu is amáireach ar cé chomh hullamh is atá foirne áirithe chun catha i bhfaid na haimsire.
B’iad curaidh uile-Éireann Tír Eoghain lúbairí móra na sraithe anuraidh, iad ag tógaint oiread uisce ar bord in aghaidh Chiarraí i gCill Airne gur dhóigh leat ná coimeádfadh an taoscadh féin ar barra iad. Ach féach ar an gclaochló a tháinig ina dhiaidh sin orthu agus féach mar a bhláthaíodar tar éis ceachtanna crua na sraithe a bhreith leo.
As na foirne go léir i Roinn 1 agus Roinn 2 na sraithe, shamhlóinn gurb iad Tír Eoghain is mó a bheidh ag tomhas agus meá a ndíchill arís i mbliana, áfach. Faoin dtráth is go mbeidh cluichí ceannais na sraithe á n-imirt le linn an chéad deireadh seachtaine den Aibreán, beidh Tír Eoghain i ngiorracht coicíse dá gcéad chluiche craoibhe i gCúige Uladh. Ní dóigh liom go mbeidh siad luite amach orthu féin ag iarraidh cluiche ceannais na sraithe a bhaint amach, ach, fós féin, beidh cluichí áirithe leagtha amach mar spriocanna acu agus leanfar cúrsa agus rithim na sraithe dá réir.
Is ag Ciarraí a bheidh an sos is faide idir sraith is craobh i mbliana agus b’fhéidir gur ar mhaithe leo a bheadh, dá mbainfidís an cluiche ceannais amach arís i mbliana toisc gur cúig seachtaine a bheidh idir é agus a gcéad chluiche craoibhe in aghaidh Chorcaí. Beidh luathéachtaint sa Droichead Nua amáireach againn ar cé chomh hullamh is atá Ciarraí chun catha agus seans, leis, gur barrathuisle a bheadh i ndán dó Jack O’Connor agus a chriú- díreach mar a bhí ina chéad chluiche sraithe mar bhainisteoir in aghaidh Longfort ocht mbliana déag ó shin.
B’fhéidir gurb é an rud is suntasaí ar fad fé shraith na bliana seo, áfach, ná go bhfuil, don gcéad uair i stair an chomórtais, nasc díreach le cruthú idir é agus an chraobh tar éis d’Ard Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael glacadh i ndeireadh thiar thall le moltaí a dhein a n-iar Uachtarán Seán Ó Ceallaigh na blianta fada ó shin. Má ghlactar leis na moltaí ag Comhdháil Bhliantúil CLG an mhí seo chughainn, beidh tábhacht níos mó ná mar a bhí ag aon phointe roimhe seo ón mbliain seo chughainn amach le feachtas maith sraithe ag foirne.
Cur na hathraithe sin atá á thuar anuas ar Chorn Tailteann a bheith á imirt don gcéad uair i mbliana agus an dá bhiaiste, club is contae, a bheith dealaithe glan amach óna chéile, agus taibhsítear duit go bhfuil sraith na bliana seo, an 30ú sraith a bheidh fé urraíocht Allianz, ar cheann des na feachtaisí is cinniúnaí le blianta móra fada.
Bímis ag súil go mbeidh cur chuige dá réir ag an uile fhoireann.
Fág freagra ar 'An feachtas sraithe is cinniúnaí le blianta móra fada'