An feachtas ar son Achta Gaeilge ó thuaidh le ‘leathnú’ go Westminster san fhómhar

Leanfar leis an bhfeachtasaíocht ar son Acht Gaeilge don Tuaisceart i ndiaidh theip na gcainteanna faoi athbhunú Stormont, ach beifear ag díriú chomh maith ar Pharlaimint na Breataine san fhómhar

An feachtas ar son Achta Gaeilge ó thuaidh le ‘leathnú’ go Westminster san fhómhar

Díreofar an feachtas ar son Acht Gaeilge don Tuaisceart ar Pharlaimint Westminster san fhómhar mura mbíonn aon rath ar an éileamh idir an dá linn.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn le Tuairisc.ie aréir go gcuirfear tús le mórfheachtas stocaireachta i measc pháirtithe pharlaimint Westminster i ndiaidh an tsamhraidh sa chás nach mbeadh aon réiteach ar chainteanna Stormont.

Dúirt de Spáinn go gcreideann Conradh na Gaeilge go fóill gur “i gcomhthéacs na gcainteanna maidir le hathbhunú an fheidhmeannais a bhainfear an tAcht Gaeilge amach” ach dúirt sé go bhfuil sé i gceist “an feachtas a leathnú” in iarracht dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí Pharlaimint Westminster.

“Mar chuid d’fheachtas An Dream Dearg, bainfidh Conradh na Gaeilge deis as an bhfeachtasaíocht i measc pháirtithe Westminster chun cabhrú leis an bhfeachtas ó thuaidh, ach is ó thuaidh atá ár bhfócas i gcónaí. Bainfimid leas as gach ardán atá ann chun an t-éileamh seo ar chearta teanga don phobal ó thuaidh a bhaint amach. Beimid ag súil le tacaíocht ó gach páirtí i Westminster don fheachtas ó thuaidh,” a dúirt Julian de Spáinn.

Faoi Chomhaontú Chill Rímhinn leagtar dualgas ar ‘an Rialtas’ féachaint i ndiaidh na reachtaíochta teanga don Ghaeilge agus glactar leis gur tagairt do Rialtas na Breataine é sin.

Díreoidh an chéad chéim eile den fheachtas ar son an Achta ar Rialtas na Breataine agus ar pháirtithe an fhreasúra.

Dheimhnigh ceannaire an DUP Arlene Foster agus ceannaire Shinn Féin ó thuaidh, Michelle O’Neill, inné gur theip ar an mbabhta idirbheartaíochta is déanaí maidir le hathbhunú Stormont agus ghéill Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann gur beag seans go dtiocfar ar réiteach “sa ghearrthréimhse”.

Tá an sprioc don idirbheartaíocht le cur siar anois go dtí an fómhar.

Ba í ceist an Achta Gaeilge don Tuaisceart an chnámh spairne ba mhó le linn an bhabhta idirbheartaíochta is déanaí idir an DUP agus Sinn Féin agus ba í ceist na reachtaíochta Gaeilge ba mhó ba chúis le teip na gcainteanna.

Tá Sinn Féin ag iarraidh go dtabharfaí isteach reachtaíocht chosanta don Ghaeilge amháin, ach tá an DUP ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas chomh maith don Ultais agus do ghnéithe den chultúr Oráisteach.

Dúirt Arlene Foster inné go raibh an t-éileamh ar Acht Teanga don Ghaeilge amháin mar chuid de “liosta cúng siopadóireachta ” Shinn Féin agus gur gá do Gerry Adams féachaint “ar an bpictiúr mór”.

Dúirt ceannaire Shinn Féin ó thuaidh Michelle O’Neill nach raibh á éileamh ag a páirtí ach “cearta bunúsacha” do dhaoine.

“Más liosta siopadóireachta é sin, is liosta siopadóireachta é a bhfuilim an-bhródúil as, mar baineann sé le cearta a sholáthar do dhaoine,” a dúirt O’Neill.

Fág freagra ar 'An feachtas ar son Achta Gaeilge ó thuaidh le ‘leathnú’ go Westminster san fhómhar'