An fanacht fada thart agus Éire réidh le dul chun páirce

Cuirfidh Éire tús lena bhfeachtas EURO 2016 tráthnóna agus iad ag imirt sa Stade de France. Tá sé ríthábhachtach d’fhoireann Martin O’Neill go gcuirfidís tús maith leis an gcomórtas

Foireann Phoblacht na hÉireann. INPHO/Donall Farmer
Foireann Phoblacht na hÉireann. INPHO/Donall Farmer

Eire an tSualainn

Agus muid ag tnúth leis an gcluiche seo le seacht mí, ar deireadh cuirfidh Éire tús lena bhfeachtas EURO 2016 tráthnóna nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar fhoireann na Sualainne sa Stade de France.

Mar a bhíomar i EURO 2012, tá Éire sa ghrúpa is deacra sa chomórtas agus ó tharla díomá an chomórtais sin fós beo inár gcuimhne,is maith a thuigtear go bhfuil sé ríthábhachtach dea-thoradh a fháil tráthnóna. Chlis ar spiorad na n-imreoirí  nuair a theip orthu sa chéad chluiche in aghaidh na Cróite ceithre bliana ó shin agus is cinnte nach mbeidh Martin O’Neill ag iarraidh go dtarlódh an rud céanna arís.

Ar an gcéad fhéachaint, breathnaíonn sé go bhfuil beagáinín níos mó misnigh ag an bhfoireann seo, mar a chonaic muid sna cluichí cáilithe in aghaidh na Gearmáine, ach déanfar tástáil cheart air sin sa choicís seo romhainn.

Buntáiste amháin atá ag Éirinn go bhfuil na cluichí ag teacht san ord ceart dúinn. Agus spreagadh maith ag teastáil do na cluichí in aghaidh na Beilge agus in aghaidh na hIodáile, is rud maith é go bhfuil muid ag tabhairt aghaidh ar dtús ar fhoireann atá níos laige ná iadsan.

Ar go leor bealaí, tá na Sualannaigh an-chosúil le hÉirinn. Imríonn siad 4-4-2 a athraíonn go 4-5-1 sách minic agus is deacair iad a bhriseadh síos.

Seachas Zlatan Ibrahimovic, níl aon imreoir acu a sheasann amach. Tá siad lag go maith ar na cliatháin agus cosúil linn féin, tá cúl báire acu, Andreas Isaksson, nár imir an oiread sin an séasúr seo.

Dar ndóigh, ós ag caint ar Ibrahimovic muid, is ceart a lua gur imreoir thar a bheith dainséarach é an fear mór. Fear láidir cumasach é a bhfuil scrios déanta aige sa Fhrainc le cúpla bliain anuas ach is féidir é a stopadh. Nuair a d’imir na foirne seo a chéile sa tSualainn i gcomórtas cáilithe Chorn an Domhain 2014, níor thugadh aon spás do Ibrahimovic agus ní dheachaigh sé i bhfeidhm ar an gcluiche ar chor ar bith.

Ag breathnú ar fhoireann na hÉireann, is deacair a shamhlú go dtiocfaidh aon athrú ollmhór ar an bhfoireann a bhain áit amach dúinn sa chomórtas seo.

Is í aclaíocht Jon Walters an chúis imní is mó, agus ag traenáil leis féin a bhí sé le breis agus seachtain anuas agus gortú glúine ag cur as dó. Bhí imreoir Stoke City ar fheabhas sna cluichí cáilithe agus ba mhór an chailliúint a bheadh ann mura mbeidh sé in ann imirt.

Dea-scéal áfach go bhfuil Shane Long ag imirt chomh maith agus a d’imir sé riamh agus is cinnte go gcruthóidh sé deacrachtaí do lucht cosanta na Sualainne.

Rogha Tuairisc.ie: Éire

Beidh tráchtaireacht teilifíse i nGaeilge ar chluichí na hÉireann ar fáil RTÉ le linn an chomórtais.

Seo hiad na treoracha:

Saorview:

Roghnaigh Language-Irish-OK

Sky:

Brúigh Help – Switch Audio Description OFF

Ar an gcianrialtán, brúigh Services – System Setup [nó Options] – Language&Subtitles [nó Accessibility] – Favorite Language (roghnaigh Irish) – Save New Settings.

Téigh ar ais ag Help agus cas Switch Audio Description go dtí ON.

Fág freagra ar 'An fanacht fada thart agus Éire réidh le dul chun páirce'