An FAI cúisithe ag UEFA as agóid liathróidí leadóige le linn cluiche

Caitheadh suas le 70 liathróid ar an bpáirc le linn an chluiche i Staid Aviva oíche Dé Máirt agus an lucht tacaíochta ag déanamh agóide i gcoinne John Delaney agus an FAI

An FAI cúisithe ag UEFA as agóid liathróidí leadóige le linn cluiche

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá tús curtha ag UEFA le himeachtaí smachta i gcoinne an FAI tar éis do lucht tacaíochta na hÉireann liathróidí leadóige a chaitheamh ar an bpáirc le linn an chluiche i gcoinne na Seoirsia i Staid Aviva oíche Dé Máirt.

Caitheadh suas le 70 liathróid ar an bpáirc tar éis 33 nóiméad agus cuireadh moill cúpla nóiméad ar an gcluiche. D’aimsigh Conor Hourihane cúl na cinniúna ó chic saor nuair a cuireadh tús leis an imirt arís.

Caitheadh na liathróidí ar an bpáirc mar agóid i gcoinne an FAI agus John Delaney. D’éirigh Delaney as a phost mar phríomhfheidhmeannach ar an FAI ag an deireadh seachtaine ach ceapadh é i ról nua mar leasuachtarán feidhmiúcháin.

Tá conspóid faoi Delaney agus an FAI le coicís anuas ó tuairiscíodh gur thug Delaney iasacht idirlinne €100,000 don FAI in 2017.

Déanfaidh Coiste Smachta UEFA plé ar chás na liathróidí leadóige ar an 16 Bealtaine. Is é is dóichí go ngearrfar fíneáil ar an FAI.

Fág freagra ar 'An FAI cúisithe ag UEFA as agóid liathróidí leadóige le linn cluiche'