An fada eile go dtí nach dtuigfidh an dream óg céard is ‘Bean Rialta’ ann?

Sa Fhrainc di le déanaí meabhraíodh dár gcolúnaí nach fada eile a thuigfidh daoine óga céard is brí le téarmaí amhail bean rialta, clochar nó sagart – cuid den saol ag gach teaghlach in Éirinn tráth

An fada eile go dtí nach dtuigfidh an dream óg céard is ‘Bean Rialta’ ann?

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Nuair a bhí mise óg, théadh muid ar cuairt go minic chuig an gclochar ina raibh m’aintín ina cónaí. Thugadh sí síos chuig cró na gcearc muid chun súil a chaitheamh ar na sicíní óga. Bhí clochar i mo bhaile dúchais freisin agus ba ord eile mná rialta ansin.

Nuair a chuaigh mé ar an meánscoil, tháinig clochar eile fós isteach i mo shaol agus ord eile mná rialta ann. Is cuimhin liom go raibh áit ar leith sa chlochar sin nach mbíodh cead againn cos a leagan ann – go deimhin bhí sórt bagairt i gceist, fanacht glan ón ‘gclabhstra’, áit phríobháideach na mban rialta.

An uair sin níorbh aon iontas chor ar bith go mbíodh clochar i mbeagnach gach baile in Éirinn. Níorbh aon iontas ach an oiread é bean rialta agus sagart nó dhó a bheith i ngach clann.

Anois is mór an díol iontais é dá mbeadh aon duine ‘ag dul isteach’, mar a thugtaí air, nuair a théadh bean óg isteach sna mná rialta, nó leaid óg isteach go coláiste sagartóireachta.

Deirtear go bhfuil Éire ag druidim i dtreo ‘sochaí shaolta’. Agus an méid atá tite amach in Éirinn le tamall anuas, ní haon iontas go bhfuiltear á rá sin.

Chuir mo chuairt ar an bhFrainc le gairid ag smaoineamh mé ar an gcineál sochaí a d’fhéadfadh a bheith againn má choinníonn muid orainn ag dul sa treo sin.

Sa bhFrainc tá líne dhaingean idir an stát agus an creideamh. Tír ‘shaolta’ amach is amach í an Fhrainc. Is bunluach de chuid an chúigiú poblacht é sin.

Ach tír Chaitliceach a bhí sa bhFrainc uair amháin. Tá an stair sin le feiceáil i ngach baile thall ansin. Nuair a chuimhnítear ar thírdhreach na Fraince, feictear na bailte beaga agus spuaic eaglaise ag gobadh aníos go feiceálach i ngach baile acu.

Tharla an réabhlóid agus ba mar a chéile an uasaicme agus an chléir Chaitliceach- aon dream amháin a bhí iontu, a dúradh, agus cos ar bolg á déanamh acu araon ar na gnáthdhaoine.

Ach mar a deirim, tá lorg an chreidimh an-láidir sa tír fós. Tá an tír breac le foirgnimh ársa stairiúla – ardeaglaisí is a leithéidí- agus is cuid den chultúr náisiúnta iad. Is í an cheist a bhí mise a chur orm féin – cén sórt tuiscint atá ag daoine óga, ach go háirithe, ar an stair atá timpeall orthu?

Baile álainn, timpeallaithe ag sléibhte is ea Grenoble atá gar don Eilvéis. Thugamar cuairt ar mhúsaem i lár an bhaile, gar d’abhainn an Isère. Bhí taispeántas suimiúil ann faoi Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 1968 in Grenoble, bhí ceann eile bunaithe ar shaol na tuaithe timpeall ar Grenoble agus i gcroílár an fhoirgnimh, bhí scéal an chlochair.

Tá an foirgneamh féin ann ón 17ú haois. In imeacht na mblianta bhí mná rialta, beairic saighdiúirí, mná rialta arís, inimircigh Iodálacha agus anois músaem sa bhfoirgneamh stairiúil seo.

An rud a chuir ag smaoineamh mé ná an scata daoine óga ón mbunscoil a casadh orainn ar an mbealach isteach agus iad ar thuras scoile ann.

Cén tuiscint a bheadh acusan, a dúirt mé liom féin, agus iad ag léamh na mbileog eolais a bhí crochta thart ar na ballaí ann, ar théarmaí cosúil le ‘Nonne’ (bean rialta), ‘Couvent’ (clochar), ‘Enclosed Order’?

Ba iad Francis de Sales agus Jeanne de Chantal a bhunaigh an chéad chlochar ann sa 17ú haois agus bhí mná rialta ann go dtí gur díbríodh iad ag deireadh an 18ú céad. Ba léir ó na pictiúir nár chuir an tOrd fiacail ann maidir le cúrsaí ‘aicme’ . Mná de chuid na ‘huasaicme’ agus mná a raibh maoin an tsaoil acu a ligeadh isteach san ord. Bhí spré le n-íoc leis an Ord ar ndóigh.

Bhí séipéal álainn maisithe sa stíl bharócach thíos staighre. Bhí leagan amach an chlochair fós le feiceáil go láidir thart air.  Bhí altóir álainn agus córlann taobh leis, an áit a suíodh na mná rialta, is dócha. Toisc gur ord ‘dúnta’ a bhí sa chéad ord a bhí ann, chaitheadh na mná fanacht taobh thiar de ghríl iarainn agus gan aon teagmháil acu lena muintir ón lá a ndeachaigh siad ‘isteach’.

Chaitheadar an lá ó mhoch maidine ag paidreoireacht, gan aon chaint, gan aon teagmháil  acu leis an saol taobh amuigh. Ach, ag féachaint siar ar ar tharla don uasaicme ag deireadh an 18ú céad, is éasca a thuiscint cén fáth a gcuardódh mná uaisle tearmann, áit a bhí slán sábháilte.

Bhí deighilt aicme sa chlochar féin freisin – mná rialta ‘seachtracha’ a thug aire do na mná uaisle agus a d’fhreastail orthu.

I ndiaidh na Réabhlóide ruaigeadh na mná agus rinneadh príosún as; blianta ina dhiaidh sin tháinig ord eile mná rialta ach d’imigh siadsan freisin. I dtús an 20ú céad rinneadh an deighilt oifigiúil idir an stát agus an creideamh sa Fhrainc agus tá sé mar sin ó shin.

Chonaic mé baicle bheag daoine ag teacht amach as Eaglais Naomh Louis in Grenoble. Ba léir gur inimircigh cuid den phobal sin a bhí tar éis freastal ar Aifreann an Domhnaigh. I ráiteas a d’eisigh easpag in Éirinn le gairid dúirt sé, nach é amháin go mbeadh an Eaglais ag brath ar shagairt eachtrannacha ach go mbeadh sí ag brath ar phobal nua freisin,  ár gcuid inimirceach féin.

In 2017 chuaigh seisear fear óg isteach i gColáiste Mhá Nuad. I mBealach an Doirín níl fágtha ach fothrach an chlochair, i gCoillte Mach d’fhreastail mé ar ócáid dhá bhliain ó shin nuair a d’fhág an bheirt bhan rialta dheireanacha an clochar ansin. Tá clochar m’aintín i bhfad dúnta.

Ach fós dearbhaíonn 78% de phobal na tíre seo gur Caitlicigh iad. Is dócha go dtuigeann a bhformhór fós cad is ‘bean rialta’ ann. Ach is gearr uainn an lá nach mbeidh tuiscint dá laghad ag daoine ar cad is ‘clochar’ ‘mainistir’ ‘clabhstra’ ná fiú amháin ‘sagart’ ann. Ní bheidh aon aintín sa chlann a thabharfas ar cuairt chuig na sicíní iad.

Fág freagra ar 'An fada eile go dtí nach dtuigfidh an dream óg céard is ‘Bean Rialta’ ann?'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    A Mhairéad,
    Alt den scoth a thug ar bhóirín na smaointe mé.Chaith m` aintín 63 bliana i gClochar na Trócaire i gCill Áirne, dúnta anois, sara fuair sí bás. Chuaigh sí isteach ann nuair a bhí sí ceithre bhlian d` aois.Os rud é nách raibh aon oideachas aici is i gceannas ar clós na feirme a bhíodh sí.
    Nuair a theimís ar chuairt cuichi bhíodh bríoscaí deasa aici duinn agus cáca mílis. Bhí duileachtlann acu sa clochar agus bhí sí an-cheanúil ar chailín a tháinigh ann ó Phort Láirge sna seascaidí.
    Fuair sí post ó na mná rialta agus thug sí aire do m`aintín nuair a bhí sí anonn sna blianta. Nuair a dhún an chlochar shochraigh na mna rialta arasán deas don chailín seo a thóg Cumann Naomh Uinsinn De Pól.Chím an cailín seo ag bailiú airgid gach Domhnach ag an Aifreann i gCill Áirne.
    Saol éile , domhan éile.