‘An expert is a local lad who went away!’ – rogha cheart atá ag teastáil ó aos óg na Gaeltachta

Rogha cheart ina gceantar féin – sin é a theastódh ó aos óg na Gaeltachta, a deir ár gcolúnaí

airport-1019056_1920Chuimhnigh mé agus mé ag léamh alt Alex Hijmans faoin teideal ‘Cé mise le bheith ag súil go bhfanfadh aos óg na Gaeltachta sa bhaile’ ar ráiteas a rinne an t-iar-Chomhairleoir Contae, Pádraic Ó Cosgordha as Beannchor Iorrais i Maigh Eo. Cur agus cúiteamh a bhí ann ag cruinniú réigiúnda san iarthar; bheadh saineolas agus saineolaithe – ‘expertise’ – ag teastáil, a dúradh, le rud éigean a chur i gcrích.

Shíl Pádraic nach raibh an rud chomh casta sin agus bhí sé ag éirí mí-fhoighdeach. “Look”, arsa Pádraic sa deireadh “an expert is a local lad who went away!”

Ach an méid sin ráite – agus creidim go raibh lorg na fírinne ar chaint Phádraic Uí Chongordha – aontaím cuid mhaith lena raibh le rá ag Alex Hijmans ina cholún ar an Satharn. Is é an pointe is mó a bhí mé féin ag iarraidh a chur i láthair (níl a fhios agam ar éirigh liom) sa gcolún faoi “Ghang Londain” – agus míle fáilte abhaile rompu – ná nár cheart go ndéanfaí cosaint ar an ‘iargúltacht’ i nGaeltacht Chonamara.

D’éirigh an chaint seo as píosa a scríobh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin in ‘Iorras Aithneach 2015’, iris bhliantúil cheantar Chill Chiaráin agus Charna in iarthar Chonamara.

Luaigh Steve san alt go mb’fhéidir go raibh baint ag an achar amach ó bhailte móra le bríomhaireacht an chultúir Ghaelaigh sa taobh sin tíre. Ar eagla na míthuisceana, táim cinnte go bhfuil Steve go láidir ar son forbairt seirbhísí agus fostaíochta sa gceantar.

San am chéanna, bhí mé ag rá nár mhaith an rud é go mbeadh iargúltacht luaite i saol na linne seo mar chrann taca don Ghaeilge ná don chultúr a bhaineann léi. Laghdaíonn an ‘iargúltacht’ an seans a bheadh ag daoine óga fanacht san áit, nó an deis a bheadh acu filleadh abhaile chun cónaithe ann; laghdaíonn sé go mór é agus sin rud atá cruthaithe ag figiúirí eacnamaíochta agus sóisialta.

Anois an t-ábhar a tharraing Alex Hijmans anuas faoin mbuntáiste a bhaineann le saol nua in áit eile ar fad seachas an áit inár rugadh agus inár tógadh duine, sílim go bhfuil go leor den cheart aige. Mar shampla, tá daoine a d’fhág an Ghaeltacht agus ar éirigh thar cionn leo thar lear feicthe againn uilig – cuid acu nach raibh aon bharúil mhór díobh sa mbaile. Feicim go leor céille sa rud a dúirt Alex Hijmans faoi bhranda a bheith buailte ar dhaoine scaití ina gceantar féin agus iad curtha síos dá bharr.

Nuair a thugtar ‘spás’ do dhaoine taobh amuigh dá gceantar féin, éiríonn níos fearr le daoine, scaití, ar chuma ar bith. Cuimhním ar ráiteas a chuala mé ag cruinniú i gConamara tráth agus daoine ag iarraidh na cúiseanna a bhí leis an easpa forbartha a chíoradh.

Sa deireadh, ach an oiread le Pádraic Ó Cosgordha – ach nach baileach go raibh a chompás ag dul an treo céanna – d’éirigh fear amháin mífhoighdeach. Arsa seisean: “Na daoine a raibh ‘get up and go’ iontu anseo – d’éirgh siad, d’imigh siad”. Bhí cuid de lorg na fírinne ar an gcaint sin freisin.

Ach tá an baol ann go ngabhfadh duine i bhfostú i bhfealsúnacht chasta i gcás den tsórt seo. Mar shampla, an bhfuil an té atá ina chónaí i Nua-Eabhrac níos cliste/ábalta agus níos “iomláine” mar dhuine ná an té atá ar oileán Inis Bó Finne le cúpla céad duine?

Cuimhnigh nár fhág cuid de na daoine is cumhachtaí i gcuid de na cathracha móra a n-áit dúchais ariamh le dhul chun cónaithe in áiteacha eile; ní fheictear, sílim, gur laigeacht é sin ina bpearsantacht, ina n-ábaltacht ná ina gcumas. Ach ar ais ar an scéal a tharraing an chaint seo, agus is ábhar tráthúil é an tráth seo bliana.

Tá sé mar pholasaí ag an Stát anseo go gcoinneofaí beocht sna ceantracha tuaithe; tá sé mar pholasaí an-láidir go deo – ar pháipéar pé ar bith scéal é – go gcoinneofar an Ghaeltacht agus an Ghaeilge beo agus láidir. Daoine a choinníonn pobal láidir. B’fhéidir go bhfuil súil an bhaile mhóir ag Alex ar an gceist seo. Nuair a imíonn daoine as baile mór/cathair – no abhantracht cathrach – tagann daoine eile isteach. Tá malartú daonra ann. Sílim – agus níl anseo ach tuairim phearsanta – gur maith an rud é in áit ar bith go mbeadh an malartú daonna sin ann.

Ar an taobh eile den scéal, nuair a imíonn daoine óga as pobail Ghaeltachta, atá scoite amach, ní thagann duine ar bith isteach ina n-áit. Tuige a dtiocfadh; níl na jabanna ná na slite maireachtála ann. Ansin bheadh sé deacair cead pleanála a fháil ar aon chuma ar chúiseanna timpeallachta agus tuaithe – sin agus coinníollacha teanga scaití.

Is é an bunphointe ná go bhfuil pobail atá scoite amach sa nGaeltacht ag brath go han-mhór ar an daonra dúchasach le beocht a choinneáil iontu. Sin cúis go mbeadh sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh deis réadúil ag daoine óga filleadh agus cónaí san áit – le seirbhísí maithe, bóithre maithe agus jabanna – dá mbeadh fonn orthu filleadh.

Ach aontaím le Alex nach ceart go leagfaí dualgas ar leith ar dhaoine óga na Gaeltachta seachas dream ar bith eile. San am chéanna, ba bhreá an rud é go mbeadh rogha cheart acu freisin ina gceantar dúchais féin. Agus sin é bun agus barr an scéil.

Fág freagra ar '‘An expert is a local lad who went away!’ – rogha cheart atá ag teastáil ó aos óg na Gaeltachta'

  • RowleyBirkinQC

    Alt iontach. Aontaím lena bhfuil dhá rá ann agus tá alt Alex Hijmans le moladh chomh maith. Caithfear an deis a thabhairt do dhream óg na Gaeltachta a bhfuil ag iarraidh fanacht sa gceantar agus iad siúd atá ag iarraidh filleadh ar an gceantar é sin a dhéanamh. Caint in aisce atá sa bplean 20 blian don Ghaeilge muna bhfuil jobannaí maithe dhá chrúthú sa nGaeltacht. Tá sé de nádúr ag an duine óg imeacht ón baile. Cuid acu ní fhillfidh siad agus an cead sin acu. Cuid mhaith eile tiocfaidh siad ar ais, nó thiocfaidís dá dtabharfaí an deis dhóibh. Mar a deir an té a dúirt: ‘It’s the economy, stupid’.

  • sinead@hotmail.com

    Ní hé an geilleagar é. D’fhág mise mar gheall ar an gcineál duine a ghlacann leis an drochíde a tugadh do na seandaoine in Áras Attracta – agus áiteacha eile. Níl daoine ag seasamh suas ina aghaidh agus tarlóidh a leithéid arís. Níl muinín agam i ndaoine in Èirinn, lig siad síos mé agus daoine eile. Bíodh an diabhail leo.